- An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (Fostaíocht agus Beartas Sóisialta), 15/03/2018, 15 Márta 2018
Na príomhthorthaí
Phléigh an Chomhairle todhchaí na hEorpa sóisialta i ndiaidh 2020. Leag na hairí a gcuid tuairimí amach maidir le cé mar is féidir beartais fostaíochta agus shóisialta a dhearadh feasta chun an cóineasú sóisialta agus eacnamaíoch a mhéadú. Roinn siad tuairimí freisin faoi cé mar is féidir aghaidh a thabhairt ar thionchar na n-athruithe a rinneadh ar mhargadh an tsaothair mar gheall ar an digitiú. Cuirfidh an an díospóireacht a bheidh ag na hairí leis an díospóireacht níos leithne maidir lena bhfuil i ndán don Eoraip.
D'athdhearbhaigh na hairí a thiomanta atá siad d'Aontas ina gcruthófar níos mó deiseanna forbartha sóisialta agus fáis eacnamaíoch aníos, agus ina dtiocfaidh caighdeáin fostaíochta agus shóisialta le chéile. Tá gá le hinfheistíochtaí leordhóthanacha chun tuilleadh post a chruthú, comhtháthú sóisialta a fheabhsú, agus soghluaisteacht, oideachas agus oiliúint do chách a chur chun cinn. Biser Petkov, Aire Saothair agus Beartas Sóisialta na Bulgáire, agus Uachtarán na Comhairle
Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle maidir le dul i ngleic leis an mbearna phá idir na hinscní, atá ar cheann de na haidhmeanna atá sa Cholún Eorpach Sóisialta. Phléigh na hairí bealaí chun trédhearcacht phá ar fud an Aontais a fheabhsú agus roinn siad tuairimí maidir leis na bearta náisiúnta is mó a d'éirigh leo leithscaradh inscne, idir cothrománach agus ingearach, i margadh an tsaothair a laghdú.
Ghlac an Chomhairle moladh lena leagfar amach creat Eorpach do phrintíseachtaí ardchaighdeáin agus éifeachtacha. Lucht oibre sár-oilte agus sár-cháilithe a spreagadh a bheidh freagrúil ar mhargadh an tsaothair aidhm an chreata.
Maidir le Seimeastar Eorpach 2018, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an suirbhé bliantúil fáis agus an tuarascáil chomhpháirteach ar fhostaíocht, ar treoir pholaitiúil iad i réimsí na fostaíochta agus an bheartais shóisialta. Chuir an Coimisiún forléargas ar thuarascálacha tíre 2018 faoi bhráid na Comhairle.
D'fhormhuinigh an Chomhairle príomhtheachtaireachtaí an Choiste Fostaíochta maidir le cur chun feidhme na ráthaíochta don aos óg.
Rinne an Chomhairle an t-ullmhúchán atá á dhéanamh do Chruinniú Mullaigh Sóisialta Tríthaobhach an 21 Márta a mheas, arb é seo a leanas príomhthéama an chruinnithe: "Beart a dhéanamh de bhriathar cholún Eorpach na gceart sóisialta".
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Emma O'Driscoll Press officer
- +32 475 88 48 33
- +32 2 281 48 10
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EPSCO
Cruinnithe eile: An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
- Cruinniú neamhfhoirmiúil na n-airí fostaíochta, beartas sóisialta agus sláinte ar bheartas sóisialta, 17-18/04/2018
- Cruinniú neamhfhoirmiúil de chuid na n-airí fostaíochta, beartais shóisialta agus sláinte maidir le cúrsaí sláinte, 23/04/2018
- An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (beartas sóisialta agus sláinte), 21-22/06/2018
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025