- An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (beartas sóisialta agus sláinte), 21-22/06/2018, 21-22 Meitheamh 2018
Na príomhthorthaí
Fostaíocht agus an beartas sóisialta - 21 Meitheamh
Comhordú na gcóras slándála sóisialta
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir lena seasamh caibidlíochta (cur chuige ginearálta) i ndáil le comhordú na gcóras slándála sóisialta (athbhreithniú ar Rialachán 883/2004 agus Rialachán 987/2009).
Dírítear sa dréachtrialachán leasaitheach ar chúig réimse: sochair dhífhostaíochta, sochair cúraim fhadtéarmaigh, rochtain ar shochair do dhaoine atá neamhghníomhach go heacnamaíoch, sochair theaghlaigh agus reachtaíocht is infheidhme maidir le hoibrithe ar postú agus le daoine atá ag obair i níos mó ná Ballstát amháin. Áirithítear leis roinnt leasuithe beaga eile.
Ar bhonn an tsainordaithe sin, rachaidh Uachtaránacht na Comhairle i gceann caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa a luaithe a bheidh a seasamh glactha ag an bParlaimint.
Tá comhordú na gcóras slándála sóisialta ríthábhachtach lena áirithiú go n-oibríonn saorghluaiseacht daoine go praiticiúil. Leis an uasdátú seo ar na rialacha, fágfaidh sé go mbeidh siad níos soiléire, níos cothroime agus níos éasca a fhorfheidhmiú. Biser Petkov, Aire Saothair agus Beartas Sóisialta na Bulgáire
Cothromaíocht oibre agus saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí
D'aontaigh an Chomhairle a seasamh caibidlíochta (cur chuige ginearálta) i ndáil leis an treoir maidir le cothromaíocht oibre agus saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí.
Is éard is aidhm leis an togra go bhfeabhsófar rochtain ar shocruithe oibre don chothromaíocht oibre agus saoil, amhail saoire agus socruithe solúbtha oibre do thuismitheoirí agus do chúramóirí. Ba cheart go gcuirfí borradh faoi líon na bhfear a ghlacann saoire a bhaineann leis an teaghlach, rud a chuirfeadh le rannpháirtíocht na mban sa mhargadh fostaíochta.
Ar bhonn an tsainordaithe sin, rachaidh Uachtaránacht na Comhairle i gceann caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa a luaithe a bheidh a seasamh glactha ag an bParlaimint.
Dálaí oibre atá trédhearcach intuartha
D'aontaigh an Chomhairle a seasamh caibidlíochta (an cur chuige ginearálta) i ndáil leis an treoir maidir le dálaí intuartha trédhearcacha oibre. Leis an dréacht-treoir seo, tugtar aghaidh ar na dúshláin a thugtar de bharr forbairtí i saol na hoibre, lena n-áirítear solúbthacht mhéadaitheach sa mhargadh fostaíochta.
Ar bhonn an tsainordaithe sin, rachaidh Uachtaránacht na Comhairle i gceann caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa a luaithe a bheidh a seasamh glactha ag an bParlaimint.
Oibrithe a phostú
Ghlac an Chomhairle an t-athbhreithniú ar an treoir maidir le hoibrithe a phostú. Is é is aidhm leis an treoir go n-áiritheofar luach saothair cóir agus cothrom na Féinne idir cuideachtaí postála agus cuideachtaí áitiúla sa tír óstach, fad is a chaomhnaítear an prionsabal a bhaineann le saorghluaiseacht seirbhísí.
A bhfuil i ndán do chúrsaí sláinte san Aontas
Phléigh na hairí a bhfuil i ndán do chúrsaí sláinte san Aontas. Thug na Ballstáit aird ar a úsáidí a bhíonn gníomhaíocht an Aontais lena ndírítear ar an tsláinte go háirithe nuair a bhíonn gné thrasteorann i gceist nó nuair a éascaíonn sí feabhsú ar bhearta náisiúnta bunaithe ar dhea-chleachtais a chomhroinnt. Rinne siad trácht ar réimsí éagsúla ina dtig le comhar an Aontais dul chun sochair do na Ballstáit, amhail dea-chleachtais a chomhroinnt maidir le galair a chosc agus i réimse na ngalar neamhthógálach, bagairtí sláinte trasteorann, sábháilteacht na n-othar, an Sásra Foláirimh, ríomhsheirbhísí sláinte, taighde, agus comhar idir lárionaid shainfheidhmithe nó comhar deonach idir grúpaí Ballstát i ndáil le saincheisteanna atá tábhachtach dóibh.
Tá an tAontas ag iarraidh go mbeadh na beartais sin a théann chun sochair, ar bhealach díreach, do dhaoine, go mbeidís níos infheicthe: ina measc tá an beartas sláinte. Sa phlé inniu, tugadh aird ar na réimsí sin inar féidir leis an Aontas luach breise a chur ar fáil. Leag muid amach creat do ghníomhaíocht sa todhchaí: beartas cúraim sláinte a chuirfeadh na Ballstáit chun tosaigh, agus é dírithe ar chreat a théann chun sochair do dhaoine agus lena ráthaítear cáilíocht bheatha ar ár mór-roinn. Kiril Ananiev, Aire Sláinte na Bulgáire
Cúrsaí Sláinte - 22 Meitheamh
Measúnú ar theicneolaíocht na sláinte
Bhí díospóireacht ag na hairí faoin rialachán atá beartaithe maidir le measúnú ar theicneolaíocht na sláinte, lena gcuirfeadh treoir ar fáil faoi na bealaí a d'fhéadfaí feabhas a chur ar chomhar i láthair na huaire. Sa phlé seo, díríodh ar an rogha idir cur chuige éigeantach agus cur chuige níos deonaí lena mbeadh solúbthacht níos mó do na Ballstáit. Chinn an Uachtaránacht gur léiríodh spéis faoi leith sa díospóireacht i gcur chuige deonach, lena mbeadh gá le plé ar réitigh éagsúla, agus gur léiríodh go mbeadh roinnt ama de dhíth chun an plé sin a dhéanamh sa Chomhairle.
Conclúidí maidir le Healthy nutrition for children: the healthy future of Europe [Cothú folláin do leanaí: todhchaí fholláin na hEorpa]
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir Healthy nutrition for children: the healthy future of Europe [Cothú folláin do leanaí: todhchaí fholláin na hEorpa]le cothú folláin do leanaí.Todhchaí fholláin na hEorpa'.
Agus é a chur san áireamh go bhfuil cothú mífholláin ina chúis riosca (inseachanta) le galair ainsealacha thromchúiseacha, dírítear sna conclúidí ar aistí bia níos folláine i gcomhair páistí, agus iad seo ar na hinfheistíochtaí is fearr i ndea-fholláine glúine óig Eorpaí a bhfuil an tsláinte aici.
Rialachán 726/2004 mar chuid de phacáiste na tréidlíochta
Leag an tAire Ananiev béim freisin ar an dea-thoradh a bhí ar an gcaibidlíocht faoi leasuithe ar Rialachán 726/2004 mar chuid de phacáiste na tréidlíochta. Tosaíocht ag uachtaránacht na Bulgáire a bhí sa sainchomhad. Tá roinnt athruithe sa chomhaontú, mar shampla, glacadh na dtáillí don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach tríd an ngnáthnós imeachta reachtach, béim faoi leith ar an ngá le cur chuige-sláinte-amháin i leith an tSásra Foláirimh, chomh maith le Liospónú comhuaineach na bhforálacha i reachtaíocht ghaolmhar.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
Comhordú na gcóras slándála sóisialta: Tagann an Chomhairle ar chomhaontú maidir le cur chuige ginearálta - 21/06/2018
Saoire agus obair sholúbtha do thuismitheoirí agus do chúramóirí: An Chomhairle aontaithe i dtaca le cur chuige ginearálta don dréacht-treoir maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí - 21/06/2018
Dálaí intuartha trédhearcacha oibre: An Chomhairle tagtha ar chur chuige ginearálta - 21/06/2018
Rochtain níos éasca ar ghairmeacha: Bearta nua glactha ag an gComhairle - 21/06/2018
Oibrithe a phostú: An treoir glactha ag an gComhairle - 21/06/2018
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Emma O'Driscoll Press officer
- +32 475 88 48 33
- +32 2 281 48 10
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EPSCO
Cruinnithe eile: An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
Cruinnithe roimhe seo
Cruinniú neamhfhoirmiúil de chuid na n-airí fostaíochta, beartais shóisialta agus sláinte maidir le cúrsaí sláinte, 23/04/2018 Cruinniú neamhfhoirmiúil na n-airí fostaíochta, beartas sóisialta agus sláinte ar bheartas sóisialta, 17-18/04/2018 An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (Fostaíocht agus Beartas Sóisialta), 15/03/2018
An t-athbhreithniú deireanach: an 3 Feabhra 2025