- An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí, 06-07/12/2018, 6-7 Nollaig 2018
Príomhthorthaí
Saincheisteanna sláinte, 7 Nollaig 2018
Ghlac na hairí moladh maidir le comhar neartaithe i gcoinne galair inchoiscthe trí vacsaíniú.
Tá rátaí vacsaínithe an-éagsúil ann ar fud an Aontais. Ní mór dúinn foghlaim óna chéile agus oibriú as láimh a chéile chun an éiginnteacht i leith vacsaíní a chomhrac agus eolas cruinn a chur ar fáil dár saoránaigh faoi na tairbhí a bhaineann le vacsaíniú. Beate Hartinger-Klein, Aire Cónaidhme Saothair, Gnóthaí Sóisialta, Sláinte agus Cosanta Tomhaltóirí na hOstaire
Leagtar amach sa doiciméad roinnt gníomhaíochtaí nach mór do na Ballstáit agus don Choimisiún a dhéanamh, laistigh dá n-inniúlachtaí faoi seach, go háirithe maidir le pleananna vacsaínithe, córas Eorpach um Chomhroinnt Faisnéise maidir le Vacsaíniú a bhunú, faireachán a dhéanamh ar na tairbhí agus ar na rioscaí maidir leis an vacsaíniú, agus an soláthar vacsaíní, chomh maith le gníomhaíochtaí cumarsáide agus oideachais a bhaineann leis na tairbhí maidir le vacsaíniú a neartú agus chun dul i ngleic leis an éiginnteacht i leith vacsaíní.
Bhí malartú tuairimí ag na hairí freisin faoi Conas dul i ngleic leis an éiginnteacht i leith vacsaíní ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta: Dúshláin agus deiseanna i saol digitithe. Bunaíodh an plé ar nóta stiúrtha ón uachtaránacht agus iarradh ar na hairí dea-chleachtais a roinnt chun cuimsiú vacsaínithe a mhéadú, bealaí a scrúdú chun an bhréagaisnéis, go háirithe ar an idirlíon, i ndáil le vacsaíní agus vacsaíniú a chomhrac agus a dtuairimí a chur in iúl maidir leis na cúiseanna éagsúla a bhaineann leis an éiginnteacht i leith vacsaíní idir na Ballstáit.
Aon ghnó eile
Thug na hairí dá n-aire tuarascáil ar dhul chun cinn ón Uachtaránacht i ndáil leis an Rialachán atá beartaithe maidir le Measúnú ar Theicneolaíocht Sláinte. Leis an togra ón gCoimisiún, cruthaítear creat do mheasúnú comhpháirteach ar leibhéal an Aontais ag comhlachtaí na mBallstát maidir le héifeachtacht chliniciúil choibhneasta cógas áirithe agus feistí leighis áirithe.
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Chuir an Coimisiún príomhthorthaí na tuarascála dar teideal Health at a Glance: Europe 2018 [Sracfhéachaint ar an tsláinte: An Eoraip 2018] faoi bhráid na n-airí. An 22 Samhain 2018, sheol an Coimisiún an dara timthriall de Staid na Sláinte san Aontas nuair a foilsíodh an tuarascáil dar teideal Health at a Glance: Europe 2018 [Sracfhéachaint ar an tsláinte: An Eoraip 2018]. Cuirtear i láthair sa tuarascáil anailísí comparáideacha ar stádas sláinte shaoránaigh an Aontais agus ar fheidhmíocht chórais sláinte na 28 mBallstát, na 5 thíortha is iarrthóirí agus na 3 thír de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa.
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Chuir an Coimisiún eolas ar fáil maidir le cur chun feidhme Treoir 2011/62/AE maidir le táirgí íocshláinte falsaithe atá le tosú an 9 Feabhra 2019. Ón dáta sin ar aghaidh, beidh ar oibreoirí eacnamaíocha ar fud an tslabhra soláthair, cógaslanna agus ospidéil ina measc, pacáistí táirgí íocshláinte a scanadh lena mbarántúlacht a fhíorú.
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Chuir uachtaránacht inteachta na Rómáine a clár oibre i réimse na sláinte i láthair.
Saincheisteanna Fostaíochta agus Beartais Shóisialta, 6 Nollaig 2018
Tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta (an seasamh ón gComhairle) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair. Is é is aidhm don rialachán seo, a mhol an Coimisiún i mí an Mhárta na bliana seo, comhlacht nua a chruthú a thacódh leis na Ballstáit reachtaíocht an Aontais a chur chun feidhme sna réimsí a bhaineann le soghluaisteacht trasteorann an lucht saothair agus comhordú na slándála sóisialta, agus ina mbeadh saorghluaiseacht oibrithe, postú oibrithe agus seirbhísí an-soghluaiste ina measc.
Is díol sásaimh dom an cur chuige ginearálta a chomhaontaíomar maidir leis an Údarás Eorpach Saothair. Leis an togra, tá cothromaíocht mhaith idir comhlacht éifeachtach a bhunú chun cabhrú leis na Ballstáit reachtaíocht an Aontais a chur chun feidhme i réimsí shoghluaisteacht trasteorann an lucht saothair agus an chomhordaithe shóisialta, agus inniúlachtaí náisiúnta a urramú. Beate Hartinger-Klein, Aire Cónaidhme Saothair, Gnóthaí Sóisialta, Sláinte agus Cosanta Tomhaltóirí na hOstaire
Bhí plé beartais ag na hairí freisin maidir le Seimeastar Eorpach 2019, bunaithe ar nóta stiúrtha ón Uachtaránacht.
Maidir leis an bplé sin thíolaic an Coimisiún:
D'fhormheas an Chomhairle an t-ionchur a bhí aici leis na gnéithe sin den Mholadh a mhéid a bhaineann le beartais fostaíochta agus shóisialta
D'fhormhuinigh na hairí na príomhtheachtaireachtaí a d'ullmhaigh an Coiste Fostaíochta agus an Coiste um Chosaint Shóisialta tar éis na n-athbhreithnithe téamacha maidir le "gnéithe sóisialta an digitithe" agus "an digitiú agus robatú na hoibre".
D'fhormhuinigh siad freisin na príomtheachtaireachtaí a d'ullmhaigh an Coiste Fostaíochta maidir le cur chun feidhme an Moladh maidir le dífhostaíocht fhadtéarmach.
Chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh (cur chuige ginearálta) i ndáil leis an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair.
Leis an togra a comhaontaíodh, tugadh céim chinntitheach eile i dtreo sláinte oibrithe san Aontas a chosaint. Leis an treoir sin, cuirfear feabhas suntasach ar dhálaí oibre do na milliúin dár saoránaigh agus seachnófar na mílte cásanna drochshláinte dá bharr. Beate Hartinger-Klein, Aire Cónaidhme Saothair, Gnóthaí Sóisialta, Sláinte agus Cosanta Tomhaltóirí na hOstaire
Tháinig na hairí ar chomhaontú polaitiúil i ndáil le togra le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le rochtain d'oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe ar chosaint shóisialta.
Le linn an lóin, bhí plé ag na hairí maidir leis an ábhar seo a leanas dar teideal: MFF investment in people: contribution of EU funds and programmes to convergence, fairness and competitiveness [Infheistíocht CAI i ndaoine: ranníocaíocht chistí agus chláir an Aontais maidir le cóineasú, cothroime agus iomaíochas]. Bunaithe ar nóta stiúrtha ón Uachtaránacht a bhí an plé
Thug an Chomhairle dá haire freisin tuarascáil ar dhul chun cinn i ndáil leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED). Leis an togra, féachtar lena áirithiú go leanfaidh CED ag feidhmiú i ndiaidh 2020.
Scrúdaigh na hairí tacar conclúidí maidir le Comhionannas Inscne, an Óige agus an Digitiú.
Chinn an Uachtaránacht gur thacaigh 26 thoscaireacht leis an téacs, an Uachtaránacht san áireamh.
Ullmhaíodh na conclúidí sin mar chuid den athbhreithniú bliantúil ar chur chun feidhme Chlár Oibre Gníomhaíochta Bhéising ag an Aontas gona Bhallstáit.
Thug na hairí dá n-aire freisin an tuarascáil ar dhul chun cinn i ndáil leis an togra le haghaidh Treoir maidir le cóir chomhionann. Leis an togra, cumhdaítear reiligiún agus creideamh, míchumas, aois agus gnéaschlaonadh. Féachann an togra le bearna i reachtaíocht an Aontais a líonadh, lena leathnófaí amach an chosaint in aghaidh idirdhealú thar an méid a bhaineann le fostaíocht, chuig réimsí amhail rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí.
Aon ghnó eile
Chuir an Uachtaránacht agus an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi thoradh an Chruinnithe Mullaigh Shóisialta Thrípháirtigh (16 Deireadh Fómhair 2018, an Bhruiséil).
Chuir an Uachtaránacht eolas ar fáil freisin maidir leis an dul chun cinn a rinneadh i leith tograí reatha reachtacha, mar aon leis an Dearbhú Comhpháirteach dar teideal Gender Equality as a Priority of the European Union today and in the future [Tosaíocht a dhéanamh, inniu agus feasta, den chomhionannas inscne san Aontas Eorpach].
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Thíolaic uachtaránacht nua na Rómáine a clár oibre i réimse na Fostaíochta agus an Bheartais Shóisialta.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Emma O'Driscoll Press officer
- +32 475 88 48 33
- +32 2 281 48 10
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EPSCO
Cruinnithe eile: An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
- An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (Fostaíocht agus Beartas Sóisialta), 15/03/2019
- Cruinniú neamhfhoirmiúil na n-airí fostaíochta agus beartais shóisialta, 10-11/04/2019
- An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí, 13-14/06/2019
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025