- An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (Fostaíocht agus Beartas Sóisialta), 15/03/2019, 15 Márta 2019
Na príomhthorthaí
Fostaíocht agus Beartas Sóisialta
Bhí díospóireacht beartais ag na hairí ar Sheimeastar Eorpach 2019, bunaithe ar nóta stiúrtha ón Uachtaránacht dar teideal The European Pillar of Social Rights – an initiative for improving the functioning of the labour market and social protection systems across the EU [Colún Eorpach na gceart sóisialta - tionscnamh chun feabhas a chur ar fheidhmiú mhargadh an tsaothair agus na gcóras cosanta sóisialta ar fud an Aontais].
Bainteach leis an díospóireacht a bhí aici ar an Seimeastar Eorpach, ghlac an Chomhairle an Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht 2019 (JER). Cuirfear an tuarascáil sin faoi bhráid na Comhairle Eorpaí ar an 21-22 Márta, i gcomhréir le hAirteagal 148 (1) CFAE, chun go ndéanfar ‘staid na fostaíochta a mheas agus conclúidí a ghlacadh i ndáil léi’.
Mar chuid den díospóireacht chéanna, ghlac na hairí conclúidí maidir le Suirbhé Bliantúil Fáis 2018 agus maidir leis an Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht. Beidh na conclúidí ag teacht leis na príomhtheachtaireachtaí ó Chomhairle EPSCO chuig an gComhairle Eorpach ar an 21-22 Márta.
Is údar misnigh againn uile an feabhas atá ag teacht ar an staid shóisialta san Eoraip. San Aontas féin táan ráta fostaíochta is airde riamh á fheiceáil againn, arb ionann é anois agus an ráta a bhí ann roimh an ngéarchéim. Ach níor cheart dúinn a bheith réchúiseach faoin ráta sin. Ní mór breis iarrachtaí a dhéanamh chun dul i ngleic le dúshláin thromchúiseacha amhail na difríochtaí suntasacha idir Ballstáit agus an ráta ard dífhostaíochta i measc na n-óg i gceantair ar leith. Marius-Constantin Budăi, Aire Saothair agus Ceartais Shóisialta na Rómáine
Mar chuid den tSeimeastar Eorpach, chuir an Coimisiún Tuarascálacha Tíre 2019 i láthair. Ag eascairt as an gcur i láthair sin beidh togra ón gCoimisiún maidir leis na dréachtmholtaí tír-shonracha a bhfuil súil leo i mí Bealtaine 2019.
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú
Tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta páirteach (seasamh na Comhairle) maidir le togra le haghaidh Rialachán maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú. Tá an ciste ceaptha le tacú le Ballstáit i gcás ina dtitfidh mórtheagmhais athstruchtúrúcháin amach nach raibh coinne leo, go háirithe teagmhais a de thoradh dúshláin a bhaineann leis an domhandú. Ní chumhdófar gnéithe buiséadacha nó forálacha de chineál cothrománach le seasamh na Comhairle ach a ndéanfar tuilleadh dul chun cinn i ndáil leis na gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) eile.
Bhí díospóireacht um lón ag na hairí, bunaithe ar an nóta stiúrtha ón Uachtaránacht. Scileanna daoine fásta a fhorbairt - tosaíocht i gcomhthéacs na n-athruithe socheacnamaíocha san Aontas a bhí mar ábhar díospóireachta acu.
Bhí díospóireacht beartais ag an gComhairle freisin maidir leis an ngné shóisialta den Eoraip tar éis 2020, bunaithe ar pháipéar plé ón Uachtaránacht.
Aon ghnó eile
Chuir an Uachtaránacht agus an Coimisiún na hairí ar an eolas faoin gCruinniú Mullaigh Sóisialta Tríthaobhach a bheidh ann ar an 20 Márta. "Ar son Eoraip níos láidre, atá aontaithe agus ceannródaíoch” an príomhthéama a bheidh ag an gcruinniú mullaigh.
Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas freisin faoin líon mór de thograí reatha reachtacha i réimsí na fostaíochta, dhlí an tsaothair agus na sláinte agus na sábháilteachta ag an obair:
- An Treoir maidir le cothromaíocht oibre is saoil
- Athbhreithniú ar an Treoir maidir le carcanaiginí agus só-ghineacha (an 3ú cnuas)
- An Treoir maidir le dálaí trédhearcacha intuartha oibre
- Rialachán lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair
- Athbhreithniú ar na rialacháin maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (883/04 agus 987/09)
Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoin staid mar atá i ndáil le malartú leictreonach faisnéise slándála sóisialta (EESSI). Tá na Ballstáit ceaptha bailchríoch a chur ar a gcur chun feidhme náisiúnta de EESSI faoi mhí Iúil 2019.
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Chuir na Cathaoirligh ar an gCoiste Fostaíochta agus ar an gCoiste um Chosaint Shóisialta a gcláir oibre dá gcoistí faoi seach don bhliain 2019 i láthair do na hairí.
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Emma O'Driscoll Press officer
- +32 475 88 48 33
- +32 2 281 48 10
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EPSCO
Cruinnithe eile: An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025