"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
Físchomhdháil na n-airí sláinte, 12 Meitheamh 2020
Na príomhthorthaí
Clár EU4Health 2021 - 2027
Bhí an chéad mhalartú tuairimí ag airí sláinte an Aontais maidir leis an togra ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh rialachán lena mbunaítear an ceathrú clár sláinte (clár EU4Health) don tréimhse 2021-2027.
Sa phlé a bhí againn, dearbhaíodh gurb é an ceacht is mó atá le baint as paindéim COVID-19 nach mór don Eoraip i bhfad níos mó den tosaíocht a thabhairt don tsláinte. Chun cosaint ár saoránach a chinntiú, ní mór dúinn córais sláinte níos stóinsithe agus níos athléimní a thógáil ar fud an Aontais. Tá gá le hinfhaighteacht níos fearr ar chógais, ar fheistí leighis, ar threalamh cosanta agus ar fhoirne leighis éigeandála, ar chomhroinnt sonraí níos fearr agus ar chomhar níos treise idir na Ballstáit.
Tomislav Dulibić, Státrúnaí Sláinte na Cróite
Ar bhonn nóta cúlra ón uachtaránacht, iarradh ar na hairí a shainaithint cé na tosaíochtaí is gá a chumhdach leis an gclár agus cé na cuspóirí agus na gníomhaíochtaí is tábhachtaí i bhfianaise a chur chun feidhme. Roinn siad tuairimí freisin maidir leis an idirghníomhú idir an clár EU4Health agus ionstraimí agus cláir chistiúcháin eile i ndáil leis an gcéad bhuiséad eile de chuid an Aontais agus leis an bPlean téarnaimh don Eoraip.
D'fháiltigh na hairí i gcoitinne roimh an gclár nua EU4Health agus roimh na cuspóirí a ghabhann leis, agus chuir siad i bhfios go láidir go raibh sé tábhachtach rialachas éifeachtach agus rannpháirtíocht ghníomhach na mBallstát a chinntiú. I ndáil leis an méid sin, luaigh a lán toscaireachtaí gur gá cláir oibre bhliantúla a ghlacadh agus a chur chun feidhme.
Leag na hairí béim ar roinnt tosaíochtaí tábhachtacha ar leith i gclár nua EU4Health:
córais sláinte a neartú go fadtéarmach, go ceann i bhfad i ndiaidh na ndúshlán sláinte atá ann faoi láthair
comhroinnt sonraí níos fearr a chinntiú maidir le bagairtí trasteorann ar shláinte
tuilleadh digitithe a dhéanamh ar chórais sláinte, chomh maith leis an idir-inoibritheacht idir na córais náisiúnta a chinntiú
fáil ar chógas agus inacmhainneacht cógas agus táirgí eile atá ábhartha i gcás géarchéime cógas, feistí leighis agus táirgí cúraim sláinte eile
spleáchas na slabhraí soláthair ar thríú tíortha á theorannú
an cosc agus an scagthástáil i gcás ghalair neamhtheagmhálacha, ailse san áireamh, a neartú
daoine atá i staideanna leochaileacha a chosaint, amhail daoine scothaosta agus daoine atá ag fulaingt ó ghalair ainsealacha
straitéisí an Aontais amhail "Plean na hEorpa chun an Ailse a Chomhrac" agus an "Straitéis Chógaisíochta nua don Eoraip" a chur chun feidhme
ról agus feidhmiú ghníomhaireachtaí an Aontais a neartú, amhail an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach
Chuir na hairí i bhfios go láidir freisin a thábhachtaí atá sé comhlántacht agus comhordú a chinntiú idir an clár EU4Health agus ionstraimí agus cláir chistiúcháin eile de chuid an Aontais, amhail Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta (UCPM/rescEU), Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), Fís Eorpach, an Clár don Eoraip Dhigiteach agus Saoráid um Chónascadh na hEorpa 2. Bhí a lán toscaireachtaí den tuairim go raibh sé ríthábhachtach a chinntiú go mbeadh cuspóirí comhchosúla ag gach ionstraim agus clár i réimse na sláinte.
Chuir an Coimisiún Eorpach a straitéis vacsaíní i láthair; is é is aidhm don straitéis sin rochtain luath a chinntiú do shaoránaigh an Aontais ar vacsaíní sábháilte agus éifeachtúla i gcoinne COVID-19.
Rinne na hairí idirghabháil chun béim a leagan ar thábhacht na straitéise agus d'iarr siad go mbeadh trédhearcacht agus rannpháirtíocht iomlán ag na Ballstáit. Go háirithe, chuir na hairí i bhfios go láidir go bhfuil sé tábhachtach trédhearcacht a chinntiú i ndáil leis an gcaibidlíocht, le húsáid cistí, agus le dáileadh vacsaíní sábháilte a luaithe a bheidh siad ar fáil. D'áitigh na hairí gur den tábhacht a chinntiú go mbeadh ionadaíocht cheart agus chomhionann ag na Ballstáit ag gach céim den phróiseas, agus go gcuirfeadh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na hairí ar bhonn rialta. Leag na toscaireachtaí béim freisin ar a ríthábhachtaí atá sé go ndéanfaí vacsaíní a dháileadh go cothrom i measc na mBallstát.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.