"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
Físchomhdháil na n-airí fostaíochta agus gnóthaí sóisialta, 9 Meitheamh 2020
Na príomhthorthaí
Gnóthaí fostaíochta agus sóisialta
Thionóil airí fostaíochta agus gnóthaí sóisialta an Aontais a dtríú cruinniú le linn phaindéim COVID-19. Den chéad uair riamh, is ar an téarnamh a díríodh san idirphlé. Go háirithe, bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis an mbealach a bhféadfaí beartais fostaíochta agus shóisialta náisiúnta a stóinsiú agus margaí an tsaothair a dhéanamh níos athléimní d’fhonn iarmhairtí phaindéim COVID-19 a shárú.
Bhí tionchar ollmhór ag an ngéarchéim reatha ar ár nósanna oibre – tá an chianobair agus uaireanta oibre solúbtha anois ina gcuid den ghnáthshaol againn agus tá úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha ag dul i méid. Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach ár mbeartais a cheapadh i gceart. Tá lucht saothair níos oilte de dhíth chun geilleagar níos athléimní san Aontas a bhaint amach. Dá bhrí sin, ní mór dúinn infheistíocht leathan a dhéanamh san oideachas agus san oiliúint, go háirithe in uas-sciliú agus athsciliú oibrithe agus fostaithe ar fud an Aontais.
Josip Aladrović, Aire Saothair agus Chóras Pinsean na Cróite
Ar na ceisteanna seo a leanas, a d’ullmhaigh an Uachtaránacht, a bhí an t-idirphlé bunaithe:
Baineadh úsáid fhorleathan as socruithe solúbtha oibre éagsúla, amhail an chianobair, uaireanta solúbtha oibre, agus teicneolaíochtaí nuálacha TFC le linn ghéarchéim COVID-19. An measann tú go mbeadh tairbhe eacnamaíoch agus shóisialta ag baint lena n-úsáid san fhadtéarma dá leanfaí ar aghaidh lena n-úsáid?
Céard iad na pleananna atá agat maidir leis an uas-sciliú/athsciliú, i gcomhthéacs saol oibre atá ag athrú de dheasca COVID-19, agus i bhfianaise na n-aistrithe digiteacha agus glasa leanúnacha?
I gcomhthéacs phaindéim COVID-19, conas atá tú ag dul i ngleic leis an gcomhionannas inscne a chosaint agus a chur chun cinn, go háirithe maidir le grúpaí leochaileacha?
Ba dhíol sásaimh do na hairí gur glacadh an pacáiste don Téarnamh, ach chuir siad i bhfios go láidir go raibh dúshláin thromchúiseacha ann de bharr ghéarchéim COVID-19 i réimse na mbeartas fostaíochta agus sóisialta, go háirithe mar thoradh ar úsáid fhorleathan uirlisí TF, teilea-obair agus físchomhdhálacha. Shainaithin na hairí an t-imeallú sóisialta, cosaint sonraí, sláinte oibrithe agus cosaint fostaithe agus cearta oibrithe i measc na saincheisteanna is dúshlánaí. Maidir le hathrú radacach a dhéanamh ar phatrúin oibre, chuir go leor toscaireachtaí béim ar an ngá atá le leanúint den idirphlé sóisialta agus ar an ról tábhachtach ba cheart a bheith ag na comhpháirtithe sóisialta san aistriú sin.
Chuir na hairí i bhfios go láidir freisin gur leag an ghéarchéim reatha béim ar an ngá atá le huas-sciliú agus athsciliú mar bhealaí chun tacú leis an téarnamh eacnamaíoch agus leis an gcomhtháthú sóisialta agus chun geilleagar agus sochaithe a thógáil a bheadh níos athléimní i bhfianaise dhúshláin na todhchaí.
Maidir leis an gcomhionannas inscne, shainaithin go leor airí gur shaincheist thromchúiseach é an foréigean baile le linn ghaibhniú COVID-19. Roinn siad a dtaithí maidir le foréigean baile a chomhrac agus cúnamh a thabhairt d’íospartaigh.
Ar an iomlán, d’aontaigh na hAirí gur cheart beartais téarnaimh a cheapadh agus an comhionannas inscne á chur san áireamh, go háirithe ós rud é gur mná a bhí i mbun na bpríomhdhualgas le linn na géarchéime sláinte reatha.
Sa tréimhse dhúshlánach seo, bhí altraí, oibrithe cúraim sláinte agus sóisialta, agus oibrithe cúraim neamhfhoirmiúil, ar mná a bhformhór, ar an líne thosaigh. Sa chás sin, is dúshlánaí fós ceist an chomhionannais inscne. Léiríodh san idirphlé a bhí againn inniu, chun teacht slán ón ngéarchéim, go bhfuil beartais leordhóthanacha ag teastáil chun dul i ngleic le fadhbanna fadtéarmacha, amhail dáileadh éagothrom freagrachtaí cúraim agus an bhearna phá idir na hinscní.
Vesna Bedeković, Aire Déimeagrafaíochta, Gnóthaí Teaghlaigh, Beartais Óige agus Shóisialta na Cróite
Faoi aon ghnó eile, chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi phróiseas leanúnach an tSeimeastair agus faoi mholtaí tírshonracha 2020.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.