Skip to content
  • An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

Físchomhdháil na n-airí sláinte, 30 Deireadh Fómhair 2020

Na príomhthorthaí

Sláinte

Bhí malartú tuairimí ag na hairí sláinte maidir leis na dréacht-Chonclúidí ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát maidir le ról an Aontais i ndáil le EDS a neartú. Is é is aidhm do na conclúidí rannchuidiú le comhordú idirghabhálacha na mBallstát ag an 73ú Comhthionól Domhanda Sláinte a tionóladh an athuair; is é comhlacht cinnteoireachta EDS é an Comhthionól Domhanda Sláinte.

Jens Spahn, Aire Cónaidhme Sláinte na Gearmáine
Tá an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte ag crosbhóthar. Tar éis na mblianta de dhúshláin thromchúiseacha, agus i gcomhthéacs na paindéime reatha nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, is léir gur gá tuilleadh acmhainní a chur ar fáil dó. Léirigh an díospóireacht thráthúil a bhí againn go bhfuil an tAontas réidh chun ról ceannasach a ghlacadh agus na hiarrachtaí domhanda a stiúradh chun EDS a athchóiriú. Tá sé mar aidhm againn EDS a dhéanamh níos láidre agus níos cumasaí chun sláinte daoine ar fud an domhain a chinntiú.
Jens Spahn, Aire Cónaidhme Sláinte na Gearmáine
Jens Spahn, Aire Cónaidhme Sláinte na Gearmáine

Roinn na hairí a dtuairimí maidir leis an gceist seo a leanas:

  • cad iad na céimeanna nithiúla is féidir le Ballstáit an Aontais a dhéanamh chun na cuspóirí a leagtar amach sna dréacht-Chonclúidí a bhaint amach d’fhonn tacú leis an bpróiseas chun EDS a neartú agus é a threorú?

Ba dhíol sásaimh do na toscaireachtaí uile na dréacht-Chonclúidí ón gComhairle agus an tiomantas atá ag an Aontas ról ceannasach gníomhach a imirt i réimse na sláinte domhanda. Chomhaontaigh na hairí go bhfuil EDS níos láidre ríthábhachtach chun sláinte daoine ar fud an domhain a chinntiú. Chuir siad i dtreis gur tosaíocht é an eagraíocht a neartú chun éifeachtúlacht níos fearr a bhaint amach agus chun cumais oibríochtúla níos fearr a chinntiú.

Leag na hairí béim ar a thábhachtaí atá sé ról EDS a neartú maidir le treoir normatach a sholáthar, ullmhacht a neartú, an córas foláirimh atá ann faoi láthair a athbhreithniú agus na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr. D’iarr siad freisin go dtabharfaí tuilleadh tacaíochta don chur chuige ‘Aon Sláinte Amháin’ chun torthaí sláinte poiblí níos fearr a bhaint amach.

Léaráid: Cur chuige coiteann maidir le bearta taistil COVID-19.
Cur chuige coiteann maidir le bearta taistil COVID-19 san Aontas (go dtí an 13 Meitheamh 2021) (Grafaic faisnéise)

Cur chuige coiteann maidir le bearta taistil COVID-19 san Aontas (go dtí an 13 Meitheamh 2021) (Grafaic faisnéise)

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025