Skip to content
  • An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

Físchomhdháil na n-airí sláinte, 2 Nollaig 2020

Na príomhthorthaí

An staid eipidéimeolaíoch agus vacsaíní

Ag tús an chruinnithe, chuir Stiúrthóir an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) na hairí ar an eolas faoin staid eipidéimeolaíoch san Aontas, agus dúirt sé go raibh an treocht i ndáil le líon na n-ionfhabhtuithe agus na rátaí deimhneachta dearfach go pointe áirithe, ach thug sé rabhadh go mbeadh sé róluath dul ar aghaidh le maolú ar na srianta atá ann faoi láthair.

Chuir Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (EMA) na hairí ar an eolas faoin bpróiseas meastóireachta chun na hiarratais ar vacsaíní COVID-19 a fhormheas, agus chuir sé i bhfios go láidir go dtionólfar cruinniú ag deireadh mhí na Nollag i mbliana chun a chinneadh an ndéanfar an chéad vacsaín a fhormheas.

Aontas Sláinte na hEorpa a thógáil

I bhfianaise phaindéim COVID-19 atá ar siúl faoi láthair, bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis na ceachtanna a foghlaimíodh ó COVID-19 i gcúrsaí sláinte. Is céim thábhachtach i dtreo Aontas Eorpach níos láidre agus níos athléimní a bheidh sna ceachtanna a foghlaimíodh ón ngéarchéim reatha agus – mar iarracht chomhpháirteach – trí na conclúidí cearta a bhaint amach. Mar chuid den phlé bhí díospóireacht maidir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal Building a European Health Union: Reinforcing the EU’s resilience for cross-border health threats [Aontas Sláinte na Eorpa a thógáil: Athléimneacht an Aontais a threisiú i leith bagairtí sláinte trasteorann]. Roinn na hairí tuairimí maidir le trí cinn de thograí reachtacha freisin: le haghaidh Rialachán maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, le haghaidh Rialachán lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 lena mbunaítear Lárionad Eorpach um Ghalair a chosc agus a rialú (ECDC), agus le haghaidh Rialachán maidir le ról treisithe don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) in ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus i mbainistiú táirgí íocshláinte agus feistí leighis.

Jens Spahn, Aire Cónaidhme Sláinte na Gearmáine
Tá a neart á léiriú ag an Aontas Eorpach sa phaindéim. I dteannta a chéile táimid ag táirgeadh, ag fáil agus ag dáileadh vacsaíní COVID-19. Le chéile, táimid ag cabhrú aire a thabhairt d'othair. Agus tá líonra á fhorbairt againn lenár n-aipeanna rabhaidh. Faoi Uachtaránacht na Gearmáine ar an gComhairle, tá athléimneacht na hEorpa neartaithe againn agus tá ceachtanna foghlamtha go comhpháirteach againn ón bpaindéim. Agus le chéile táimid tiomanta do sholáthar slán táirgí íocshláinte, malartú sonraí sláinte feabhsaithe, ECDC láidir agus guth láidir Eorpach i mbeartas sláinte domhanda.
Jens Spahn, Aire Cónaidhme Sláinte na Gearmáine
Jens Spahn, Aire Cónaidhme Sláinte na Gearmáine

Ar an iomlán, ba dhíol sásaimh do na hairí na tograí reachtacha ón gCoimisiún mar chéim chinntitheach chun Aontas Eorpach láidir agus uathrialach a thógáil, ar Aontas é atá níos ullmhaithe chun dul i ngleic le mórbhagairtí sláinte trasteorann. Chuir formhór mór na n-airí i dtábhacht gur gá níos mó acmhainní daonna agus airgeadais a chur ar fáil do ECDC agus EMA, d’fhonn iad a neartú, chun cabhrú leis na Ballstáit géarchéimeanna sláinte a chosc agus a chomhrac. Ag an am céanna, shainaithin a lán toscaireachtaí roinnt réimsí, a gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu le linn an phlé a bheidh ann amach anseo maidir leis na tograí reachtacha, amhail dúbailt cúraimí agus ualach breise riaracháin a sheachaint, chomh maith le freagrachtaí na gcomhlachtaí agus na sásraí bainistithe géarchéime éagsúla, agus idirdhealú soiléir idir leibhéil chinnteoireachta saineolaithe agus pholaitiúla. I ndáil leis an méid sin, chomhaontaigh na hairí gur gá inniúlachtaí náisiúnta a urramú. Chuir siad i bhfios go láidir freisin an tábhacht a bhaineann le trédhearcacht fheabhsaithe, le comhar níos dlúithe agus le dian-idirphlé, agus le heagraíochtaí amhail an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS).

Straitéis chógaisíochta don Eoraip

Phléigh na hairí sláinte a gcéad mheasúnuithe ar an straitéis a cuireadh i láthair le déanaí, lena bhfuil sé mar aidhm ullmhacht agus athléimneacht chórais chógaisíochta na hEorpa a neartú. Phléigh siad bearta nithiúla freisin chun dul i ngleic le ganntanais táirgí íocshláinte san Aontas mar cheann de thosaíochtaí Uachtaránacht na Gearmáine i réimse na sláinte.

Chuir na hairí in iúl go dtacaíonn siad leis an straitéis ar an iomlán agus leis na cuspóirí uaillmhianacha a ghabhann léi chun a chinntiú go mbeidh soláthar cógas leighis sábháilte inacmhainne ag an Eoraip agus chun cabhrú le tionscal cógaisíochta na hEorpa leanúint de bheith ina nuálaí agus ina cheannaire domhanda. D’aontaigh siad freisin gur cheart é a bheith mar aidhm leis an straitéis agus le cur chun feidhme na straitéise go mbeidh an tAontas Eorpach níos ullmhaithe chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bheidh ann amach anseo a bhaineann leis an tsláinte.

Maidir le comhar, chuir na hairí in iúl gur mian leo go mbeidh na Ballstáit lánpháirteach sa phlé agus sna gníomhaíochtaí uile a dhéanfar amach anseo i gcomhthéacs chur chun feidhme na straitéise, agus d’iarr siad go ndéanfaí an t-idirphlé leis na geallsealbhóirí uile a neartú.

Maidir le ganntanais cógas agus rochtain ar chógais, luaigh a lán toscaireachtaí gur ghá neamhspleáchas straitéiseach Eorpach a chinntiú. I measc na mbeart a shainaithin na hairí chun spleáchais ar mhargaí tríú tíortha a laghdú bhí slabhraí táirgthe agus soláthair a éagsúlú, stoc-charnadh straitéiseach a chinntiú, agus táirgeacht agus infheistíocht san Eoraip a spreagadh. Mhol roinnt toscaireachtaí freisin gur gá cur leis an trédhearcacht i slabhraí soláthair agus i bpraghsáil, bailiú sonraí ar leibhéal an Aontais a fheabhsú, ganntanais cógas a shainaithint go luath agus nósanna imeachta Eorpacha láraithe a bhunú maidir le soláthar poiblí.

Aon ghnó eile

  • Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin staid mar atá i ndáil leis an togra le haghaidh rialachán maidir le measúnú ar theicneolaíochtaí sláinte (seisiún poiblí).
  • Thug an Uachtaránacht eolas faoin staid mar atá i ndáil leis an togra le haghaidh rialachán maidir le Clár EU4Health don tréimhse 2021-2027 (seisiún poiblí).
  • Chuir an Coimisiún an t-eolas is deireanaí ar fáil maidir le plean na hEorpa chun an ailse a chomhrac, ar plean de chuid an Choimisiúin é atá le glacadh ag tús na bliana seo chugainn.
  • Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi chur chun feidhme an Rialacháin maidir le feistí leighis agus an Rialacháin maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro.
  • Chuir toscaireachtaí na hÍsiltíre agus na Danmhairge faisnéis ar fáil maidir leis na bearta a glacadh chun aghaidh a thabhairt ar ráigeanna COVID-19 ar fheirmeacha minceanna. Chomhlánaigh Stiúrthóir ECDC agus an Coimisiún an fhaisnéis a cuireadh ar fáil.
  • Rinne toscaireacht na Gearmáine achoimre ar ghníomhaíochtaí na Comhairle i réimse na Sláinte le linn Uachtaránacht na Gearmáine.
  • Thíolaic toscaireacht na Portaingéile clár oibre na huachtaránachta nua i réimse na Sláinte.

Comhaid na gcruinnithe

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025