Skip to content
  • An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

Físchomhdháil na n-airí fostaíochta agus beartais shóisialta, 3 Nollaig 2020

Na príomhthorthaí

Samhlacha nua oibre - obair dhuinelárnach: Dálaí oibre cothroma agus cosaint shóisialta i ngeilleagar na n-ardán a chinntiú

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le bealaí le dálaí oibre agus cosaint shóisialta níos fearr d’oibrithe ardáin a chinntiú. Díríodh sa díospóireacht ar bhearta, lena n-áirítear tograí reachtacha, chun dul i ngleic le roinnt fadhbanna sonracha a bhaineann le hobair ardáin, amhail dálaí oibre neamh-thrédhearcacha dothuartha, rioscaí sláinte agus sábháilteachta níos mó, agus rochtain neamhleor ar chosaint shóisialta.

Hubertus Heil, Aire Cónaidhme Saothair agus Gnóthaí Sóisialta
Níl ach fás i ndán don sciar de shamhlacha oibre i ngeilleagar an Aontais agus do líon na n-oibrithe ardáin. Is mó an gá a bheidh le réitigh a fháil chun a chinntiú go mbeidh na ‘bealaí nua oibre’, mar a thugtar orthu, duinelárnach. Táimid réidh le dálaí oibre a fheabhsú agus cosaint níos fearr a thabhairt d’oibrithe na n-ardán. Dearbhaíodh an méid sin sa díospóireacht a bhí againn a bheidh ina cuidiú luachmhar leis na hiarrachtaí reachtaíocht ábhartha an Aontais Eorpaigh a fheabhsú agus a nuachóiriú.
Hubertus Heil, Aire Cónaidhme Saothair agus Gnóthaí Sóisialta
Hubertus Heil, Aire Cónaidhme Saothair agus Gnóthaí Sóisialta

Chomhaontaigh na hairí i gcoitinne gur gá dul i ngleic le saincheisteanna a bhaineann le dálaí oibre leochaileacha agus cosaint shóisialta neamhleor ar leibhéal an Aontais, agus samhlacha náisiúnta mhargaí saothair na mBallstát á gcur san áireamh. Shainaithin na hairí roinnt dúshlán nach mór aghaidh a thabhairt orthu, amhail an ghné thrasteorann a bhaineann le cuideachtaí ardáin agus an éiginnteacht atá ann dá barr sin maidir le hoibleagáidí agus cearta, agus an easpa trédhearcachta a bhaineann le lucht saothair a bhainistiú bunaithe ar algartaim rud a fhágann gur deacair d’oibrithe a gcearta a éileamh.

D’áitigh tromlach na dtoscaireachtaí nár ghá catagóir speisialta d’oibrithe a chruthú ar mhaithe le cosaint shóisialta agus dálaí oibre a fheabhsú. D’iarr siad go ndéanfaí na rialacha náisiúnta agus na rialacha uile-Aontais atá ann cheana a chur i bhfeidhm ar bhealach cuí stóinsithe, agus tagairt á déanamh acu go háirithe don treoir maidir le dálaí oibre trédhearcacha intuartha agus don mholadh ón gComhairle maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe. Chuir na hairí chun suntais freisin gur gá cur leis na reachtaíochtaí náisiúnta saothair chun oibrithe ardáin a chumhdach agus gur gá go n-áireofaí an chatagóir seo, atá ag teacht chun cinn, i gcomhaontuithe comhchoiteanna a thugtar i gcrích ar an leibhéal náisiúnta.

Ar an mórgóir, chomhaontaigh na hairí go raibh sé tábhachtach nach ngéillfí i dtaca le cosaint shóisialta agus go gcinnteofaí ag an am céanna nach mbeadh an margadh saothair rórialáilte. I ndáil leis sin, d’iarr roinnt mhaith toscaireachtaí go mbainfí amach an chothromaíocht cheart a mhéid a bhaineann le cosaint shóisialta leordhóthanach a bheith ann agus le deiseanna a chruthú don nuálaíocht, do chruthú post agus ionas go dtiocfadh cuideachtaí nuathionscanta iomaíocha chun cinn.

Aontas an chomhionannais inscne? Conas Straitéis 2020-2025 an Choimisiúin maidir le Comhionannas Inscne a chur chun feidhme chun rannpháirtíocht chothrom na mban agus na bhfear sa mhargadh saothair a bhaint amach

Den chéad uair riamh, phléigh na hairí atá freagrach as an gcomhionannas conas straitéis an Choimisiúin a chur chun feidhme chun rannpháirtíocht chothrom na mban agus na bhfear sa mhargadh saothair a bhaint amach Léirítear leis na figiúirí reatha bearnaí suntasacha ar fud an Aontais a mhéid a bhaineann leis an bhfostaíocht, leis an tslándáil shóisialta agus leis an bpá. Aithnítear sa straitéis gur céim thábhachtach í rannpháirtíocht chothrom sa mhargadh saothair chun comhionannas inscne a bhaint amach.

Franziska Giffey, An tAire Cónaidhme Gnóthaí Teaghlaigh, Seanóirí, Ban agus Óige
Is den ríthábhacht don chomhionannas inscne go ndáilfear obair ar íocaíocht agus obair chúraim gan íocaíocht go cothrom ar mhná agus fir – agus tá tábhacht ar leith ag baint leis an méid sin agus sinn ag dul i ngleic le tionchar phaindéim an choróinvíris. Ghlac an Chomhairle d’aon toil na conclúidí ón gComhairle ‘An bhearna phá idir na hinscní a ghleic: luacháil agus dáileadh na hoibre ar íocaíocht agus na hoibre cúraim gan íocaíocht’. Is comhartha tábhachtach é seo: Tá an Eoraip ag gluaiseacht go comhpháirteach i dtreo sochaí a bheidh cothrom ó thaobh inscne de amach anseo. Táimse lánchinnte gur féidir linn comhionannas inscne a bhaint amach ach oibriú as lámh a chéile, sinn uile: mná agus fir.
Franziska Giffey, An tAire Cónaidhme Gnóthaí Teaghlaigh, Seanóirí, Ban agus Óige
Franziska Giffey, An tAire Cónaidhme Gnóthaí Teaghlaigh, Seanóirí, Ban agus Óige

Chuir na hairí in iúl go dtacaíonn siad go forleathan le straitéis 2020-2025 maidir le comhionannas inscne a thíolaic an Coimisiún i mí an Mhárta i mbliana. Leag na toscaireachtaí béim ar a thábhachtaí atá cuspóirí na straitéise chun comhionannas inscne a bhaint amach agus cearta comhionanna do mhná agus d’fhir a chur ar fáil ina n-éagsúlacht uile, chomh maith lena chinntiú go bhfuil comhdheiseanna acu agus go bhfuil siad saor chun roghanna neamhspleácha a dhéanamh i ndáil lena saol pearsanta agus gairmiúil.

D’aithin na hairí roinnt dúshlán maidir le neamhionannas inscne a laghdú, amhail an bhearna phá idir na hinscní, steiréitíopaí inscne agus an sciar i bhfad níos mó de mhná i bpoist ghearrthéarmacha, pháirtaimseartha agus ísealioncaim agus freagrachtaí cúraim orthu.

Mhol na hairí bearta freisin chun na dúshláin sin a shárú: pá comhionann a chinntiú trí thrédhearcacht pá, feabhas a chur ar infhaighteacht agus ar inacmhainneacht cúraim leanaí agus cúraim shóisialta d’ardchaighdeán, gníomhaíochtaí múscailte feasachta a dhéanamh, i measc nithe eile.

D’iarr a lán toscaireachtaí go ndéanfaí an treoir maidir le cothromaíocht oibre is saoil a thrasuí go cuí agus go tráthúil sa reachtaíocht náisiúnta i ngach Ballstát agus d’iarr siad go ndéanfaí tuilleadh iarrachtaí teacht ar chomhaontú i ndáil leis an treoir maidir le cóir chomhionann atá á plé faoi láthair (Airt. 19).

Ba dhíol sásaimh formheas d’aon ghuth na gconclúidí le déanaí, ina n-iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur leis na hiarrachtaí an bhearna phá idir na hinscní agus bearnaí idir na hinscní i réimse an chúraim a laghdú agus steiréitíopaí inscne a chomhrac, mar chéim chinntitheach sa phróiseas chun comhionannas inscne a bhaint amach ar fud an Aontais.

Gnó eile

  • Chuir an Uachtaránacht agus an Coimisiún faisnéis ar fáil i ndáil leis an togra le haghaidh treoir maidir le híosphá leordhóthanach san Aontas Eorpach.
  • Chuir an Uachtaránacht faisnéis nuashonraithe ar fáil i ndáil leis an togra le haghaidh treoir maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair (an 4ú baisc).
  • Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi staid na caibidlíochta i ndáil leis an Rialachán maidir leis an gCiste Eorpach don Domhandú 2021-2027.
  • Chuir an Uachtaránacht eolas ar fáil i ndáil le staid na caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa i dtaca leis an athbhreithniú ar na rialacháin maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta.
  • Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha i ndáil leis an togra reachtach le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena n-údaraítear daingniú Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) Uimh. 190.
  • Chuir an Uachtaránacht faisnéis ar fáil i ndáil leis an Moladh nua ón gComhairle maidir le Comhionannas, Cuimsiú agus Rannpháirtíocht na Romach.
  • Chuir an Coimisiún eolas ar fáil i ndáil leis an meastóireacht ar an Straitéis Eorpach um Míchumas atá ann faoi láthair agus i ndáil leis an obair ullmhúcháin ar straitéis nua.
  • Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin gCruinniú Mullaigh Sóisialta Tríthaobhach is déanaí (an 14 Deireadh Fómhair 2020).
  • Chuir an Coimisiún faisnéis ar fáil maidir leis an bPlean Gníomhaíochta chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme.
  • Thíolaic toscaireacht na Portaingéile clár oibre na huachtaránachta inteachta i réimse na Fostaíochta agus an Bheartais Shóisialta.
  • Chuir an Uachtaránacht eolas ar fáil faoin dul chun cinn a rinneadh i ndáil leis an togra le haghaidh treoir maidir le cóir chomhionann (Airteagal 19).
  • Chuir an Coimisiún faisnéis ar fáil maidir leis an gcéad Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ dá chuid riamh. Thug an Uachtaránacht eolas faoi thorthaí na Comhdhála maidir le Trasnachas agus Beartais LGBTI san Eoraip (an 18/19 Samhain 2020).
  • Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin bhfíschomhdháil neamhfhoirmiúil d’Airí an Aontais um Chomhionannas Inscne a tionóladh an 20 Samhain 2020.
  • Chuir an Uachtaránacht eolas ar fáil freisin faoin Dearbhú Comhpháirteach ó Bhallstáit an Aontais chun tacú le teaghlaigh agus chun bochtaineacht leanaí a chomhrac i bhfianaise COVID-19.
  • Thíolaic toscaireacht na Portaingéile clár oibre na huachtaránachta inteachta i i réimse an chomhionannais inscne agus an neamh-idirdhealaithe.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025