Skip to content
  • An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

Físchomhdháil na n-airí fostaíochta agus beartais shóisialta, 13 Deireadh Fómhair 2020

Na príomhthorthaí

Gnóthaí fostaíochta agus sóisialta

Bhí díospóireacht ag airí fostaíochta agus beartais shóisialta an Aontais chun plé a dhéanamh ar rannpháirtíocht n-oibrithe agus tacaíocht d'oibrithe san athstruchtúrú. Bhí malartú tuairimí ag na hairí faoin mbealach is fearr chun infheistíochtaí scileanna a chinntiú agus cistí an Aontais a úsáid chun tacú le straitéisí athstruchtúraithe rathúla. Phléigh siad freisin na bearta ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta a d'fhéadfadh tacú le cosaint cheart na n-oibrithe chun eolais agus chun comhairliúcháin i gcásanna athstruchtúraithe.

Hubertus Heil, Aire Cónaidhme Saothair agus Gnóthaí Sóisialta na Gearmáine
Dhá thaobh den bhonn céanna is ea an neart eacnamaíoch agus an tslándáil shóisialta. Léirigh Uachtaránacht na Gearmáine gur féidir le hamanna corracha fiú a bheith ina ré tháirgiúil. A bhuí lenár ndianiarrachtaí comhpháirteacha leis an gCoimisinéir Schmit agus le comhghleacaithe an Aontais, tá dul chun cinn déanta againn maidir le hEoraip Shóisialta a bhaint amach. Táimid tagtha ar chomhaontú maidir le treochlár chun feabhas a chur ar an gcosaint d'oibrithe séasúracha san Aontas, agus tá sé dearbhaithe againn nach mór dúinn creat a bheith againn chun ioncam íosta a chosaint agus gur mian linn é a bhunú. Is cúis áthais dom go raibh muid in ann an Ráthaíocht don Aos Óg a athnuachan d'aon ghuth gan mhoill. Seolann sé seo comhartha láidir do dhaoine óga: in ionad na dífhostaíochta, beidh oiliúint, intéirneachtaí, agus cuidiú le tosú ar ghairm bheatha ar fud an Aontais. Ní fhágfar duine ar bith ar lár. Mór-roinn na ndeiseanna atá i gceist leis an Eoraip i gcónaí.
Hubertus Heil, Aire Cónaidhme Saothair agus Gnóthaí Sóisialta na Gearmáine
Hubertus Heil, Aire Cónaidhme Saothair agus Gnóthaí Sóisialta na Gearmáine

Chomhaontaigh na hairí ar an mórgóir nach n-éireoidh le straitéisí athstruchtúraithe agus nach mbainfear amach gnóthachain táirgiúlachta ach amháin má chuirtear beartais láidre athoiliúna agus uas-scilithe leo. Cuireadh i bhfios go láidir go raibh sé sin ríthábhachtach chun aistrithe chuig an ngeilleagar glas agus digiteach a bhainistiú, agus chun aghaidh a thabhairt freisin ar na dúshláin dhéimeagrafacha. Mhínigh formhór na n-airí go raibh a rialtais ag obair go dian chun riachtanais an mhargaidh a réamh-mheas sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma, ach leag siad béim ar a thábhachtaí atá scileanna teanga agus scileanna digiteacha don todhchaí. Léirigh an díospóireacht go raibh roinnt mhaith Ballstát ag infheistiú chun daoine a athoiliúint sna hearnálacha ina gcruthófar poist nua. Chuir roinnt airí i bhfios a thábhachtaí atá sé a chinntiú nach bhfágfar daoine óga ar lár, agus ba dhíol sásaimh dóibh an Ráthaíocht don Aos Óg atreisithe. Le linn na díospóireachta, chuir na rannpháirtithe i bhfios freisin an ról tábhachtach atá ag cistí an Aontais, amhail Ciste Sóisialta na hEorpa Plus agus an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú chun aghaidh a thabhairt ar dhrochthionchar sóisialta an athstruchtúraithe.

I gcomhthéacs mór-athstruchtúrú ar fud an Aontais, chomhaontaigh na hairí go raibh sé an-tábhachtach rannpháirtíocht na n-oibrithe i gcinnteoireacht na gcuideachtaí a chinntiú, go háirithe i gcásanna amhail cuideachtaí a atheagrú nó a dhúnadh, cumaisc agus éadálacha, cuideachtaí a laghdú, seachfhoinsiú, agus athlonnú cuideachtaí. D'áitigh na hairí freisin nár cheart go mbeadh an paindéim ina leithscéal chun cearta na n-oibrithe maidir le heolas agus comhairliúchán a chiorrú agus chuir siad i bhfios go láidir go raibh sé ríthábhachtach don téarnamh eacnamaíoch agus don athstruchtúrú rathúil idirphlé sóisialta cuimsitheach a chinntiú ar gach leibhéal.

Bhí díospóireacht ag na hairí freisin maidir le rannpháirtíocht chomhionann na mban agus na bhfear i margadh an tsaothair. Bhí malartú tuairimí acu maidir le bealaí chun an comhionannas inscne a chur chun cinn a thuilleadh agus idirdheighilt idir mná agus fir i margadh an tsaothair a chomhrac.

An Dr. Franziska Giffey, Aire Cónaidhme Gnóthaí Teaghlaigh, Seanóirí, Ban agus Óige na Gearmáine
Léiríodh an méid seo le linn ghéarchéim an choróinvíris: is iad na mná a choimeádann rudaí sa tsiúil. Ar fud na hEorpa, is mná iad breis is 75 faoin gcéad de na hoibrithe criticiúla. Ach i bpoist cheannaireachta, tá na mná an-ghann. Agus is mó an sciar d'obair chúraim gan phá a ghlacann mná chucu féin – agus iad thíos leis go minic ó thaobh a ngairme agus pinsin de. Phléigh mé le mo chomhghleacaithe san Aontas conas is féidir comhionannas inscne sa mhargadh saothair a chur chun cinn. Ní haon só é an comhionannas inscne i margadh an tsaothair. A mhalairt ar fad ar ndóigh, cruthóidh sé Aontas níos stóinsithe ó thaobh na ngné sóisialta agus eacnamaíche de. Go háirithe in am na géarchéime.
An Dr. Franziska Giffey, Aire Cónaidhme Gnóthaí Teaghlaigh, Seanóirí, Ban agus Óige na Gearmáine
An Dr. Franziska Giffey, Aire Cónaidhme Gnóthaí Teaghlaigh, Seanóirí, Ban agus Óige na Gearmáine

D’aontaigh na hairí gur thug an phaindéim seo chun solais an éagothroime inscne atá in an-chuid earnálacha. Chuir siad i bhfios go láidir gur léiríodh leis an ngéarchéim freisin an géarghá atá ann, ach deiseanna luachmhara freisin, chun comhionannas inscne a chur chun cinn i margadh an tsaothair i gcoitinne agus i ngairmeacha sóisialta go háirithe. Díríodh sa díospóireacht ar na hiarrachtaí chun timpeallacht oibre chuimsitheach a bhaint amach, pá comhionann, sciar níos airde de mhná sa chinnteoireacht, luach saothair níos fearr do phoist a dhéanann mná de ghnáth agus steiréitíopaí inscne a chomhrac. Leag roinnt airí béim ar a thábhachtaí atá sé ábhair faoin gcomhionannas inscne a bheith sa luathoideachas agus feasacht faoin gcomhionannas a mhúscailt i measc grúpaí tábhachtacha, amhail daoine óga. Chuir roinnt rannpháirtithe sa díospóireacht in iúl go dtacaíonn siad leis an straitéis Eorpach maidir le comhionannas inscne agus leis an treoir maidir le trédhearcacht pá a fógraíodh agus d’iarr siad ar an uachtaránacht agus ar na Ballstáit bogadh ar aghaidh ar deireadh le treoir an Aontais 'Mná ar bhoird'.

Aon ghnó eile

Chuir an Uachtaránacht faisnéis ar fáil faoin gCruinniú Mullaigh Sóisialta Tríthaobhach a tionóladh i mí an Mheithimh 2020 agus chuir sí na hairí ar an eolas faoin gcéad Chruinniú Mullaigh Sóisialta Tríthaobhach eile a bhí le reáchtáil an 14 Deireadh Fómhair 2020.

I seisiún poiblí, chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin gcomhaontú ar thángthas air idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa maidir le togra le haghaidh cinneadh lena leasaítear Cinneadh Uimh. 573/2014/AE maidir le comhar idir na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta (SPF) 11090/20 ADD1.

I seisiún poiblí, chuir an Coimisiún togra faoi bhráid na n-airí le haghaidh treorach lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair 11188/20.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025