Skip to content
  • An Grúpa Euro

An grúpa Euro, 06/11/2014, 6 Samhain 2014

Tá an Grúpa Euro i bhfabhar líne chreidmheasa réamhchúraim a thabhairt don Ghréig

An 6 Samhain, phléigh airí an Ghrúpa Euro sa Bhruiséil an méid a leanann ó chlár coigeartaithe eacnamaíochta na Gréige. Bhí siad i bhfabhar líne chreidmheasa réamhchúraim a thabhairt don Ghréig. 

Rinneadh an plé i ndáil leis an méid a leanann ó chlár coigeartaithe eacnamaíochta na Gréige tar éis do Gikas Hardouvelis, Aire Airgeadais na Gréige, seasamh rialtas na Gréige a leagan amach.  

I bhfianaise an mheoin leochailigh i leith an mhargaidh agus i bhfianaise na n-athchóirithe dúshlánacha atá le teacht, bhí na hairí go mór i bhfabhar líne chreidmheasa réamhchúraim a thabhairt don Ghréig. D'fhéadfaí é sin a dhéanamh trí Líne Chreidmheasa le Coinníollacha Feabhsaithe ón Sásra Cobhsaíochta Eorpach a luaithe a bheidh deireadh leis an gclár reatha.

Leis an líne chreidmheasa chuideofaí le hiarrachtaí na Gréige chun rochtain iomlán a bheith acu arís ar an margadh agus chun cur leis an méid a baineadh amach leis an gclár reatha. Cinnfear sonraí na líne creidmheasa agus na gcoinníollacha a bheidh ag gabháil léi sna seachtainí amach romhainn ar bhonn an athbhreithnithe dheiridh ar an gclár reatha. Chomhaontaigh na hairí go mba cheart go leanfadh CAI de bheith rannpháirteach.

"Leis na sonraí eacnamaíocha is déanaí leagtar béim ar an ngá le gníomhaíochtaí beartais cinntitheacha ó na Rialtais"
arsa Jeroen Dijsselbloem, Uachtarán an Ghrúpa Euro

 

Dul chun cinn leis na hathchóirithe sa Chipir

Is díol sásaimh do na hairí an dul chun cinn a rinne údaráis na Cipire chun creat dlíthiúil éifeachtach a bhunú ar mhaithe le hathstruchtúrú fiachais phríobháidigh. Ba cheart go réiteofaí an bealach sa chaoi sin chun bailchríoch a chur ar an gcúigiú athbhreithniú ar chlár na Cipire.

Cuireann an Coimisiún réamhaisnéis an Fhómhair i láthair

Thug an Grúpa Euro dá aire an staid eacnamaíoch ar bhonn réamhaisnéis an Fhómhair ón gCoimisiún. Mheas na hairí nach raibh sé sásúil gur cailleadh an spéis a bhí ann an fás a spreagadh. Chuir siad in iúl an athuair go raibh gá le meascán inchreidte de bheartas fioscach fónta, d'athchóirithe struchtúracha agus d'infheistíocht mhéadaithe. Chomhaontaigh gach duine go raibh gá le tuilleadh feabhais a chur ar rialachas eacnamaíoch an limistéir euro.

Pléifidh an Grúpa Euro tuairimí an Choimisiúin maidir le dréachtphleananna buiséadacha ag cruinniú ar leith níos déanaí i mbliana. 

Tionólfar an chéad chruinniú eile de chuid an Ghrúpa Euro an 8 Nollaig 2014.

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025