- An Grúpa Euro
An Grúpa Euro, 07/07/2014, 7 Iúil 2014
Ráiteas ón nGrúpa Euro maidir leis an ding chánach a ghearrtar ar shaothar a laghdú
Tá an Grúpa Euro go hiomlán tiomanta do chlár oibre an Aontais le haghaidh fáis agus post. Léirítear go soiléir sna moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi leith (CSRanna) sa limistéar euro i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh cé acu na hathchóirithe is práinní atá le déanamh chun borradh a chur faoin bhfás agus faoin bhfostaíocht. Tá sé ar intinn againn na moltaí sin a phlé ag gach cruinniú de chuid an Ghrúpa Euro, agus an obair leantach a dhéanfar a phlé freisin. Ar na réimsí is tábhachtaí maidir le hathchóiriú a bheidh ar chlár oibre an Ghrúpa Euro sna míonna atá romhainn tá margadh an tsaothair agus margadh na seirbhísí.
Mar chéim tosaigh, phléamar na pleananna atá againn agus an taithí atá againn maidir leis an ding chánach a ghearrtar ar shaothar a laghdú, réimse a dtugtar aghaidh air go sainráite sna moltaí sonracha beartais don iomaí Ballstát agus don limistéar euro ina iomláine.
Tá ceist na dinge cánach tábhachtach don limistéar euro ó tharla go bhfuil an muirear cánach a ghearrtar ar shaothar i mBallstáit an limistéir euro ar an muirear is airde ar domhan. Is bac é an muirear cánach a ghearrtar ar shaothar, a chuireann isteach ar ghníomhaíochtaí eacnamaíochta agus ar mhéadú na fostaíochta. Laistigh den limistéar euro, tá 11 Bhallstát go háirithe a bhfuil dúshláin mhóra rompu maidir leis an muirear ard cánach a ghearrtar ar shaothar, go háirithe orthu siúd atá ar phá íseal. Mar a léirítear sna CSRanna, seo a leanas na 11 Bhallstát sin: an Ostair, an Bheilg, an Eastóin, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Laitvia, Lucsamburg, an Ísiltír, an Phortaingéil agus an Spáinn.
Cé go bhfuil athchóirithe déanta - nó á ndéanamh - ag roinnt de na Ballstáit, chun aghaidh a thabhairt ar an ding ard chánach a ghearrtar ar shaothar, tuigeann an Grúpa Euro go bhfuil go leor eile le déanamh. Tuigimid freisin, cé gurb iad na dúshláin chéanna atá os comhair na mBallstát go léir, a bheag nó a mhór, ní mór cúinsí atá sonrach do thír ar leith a chur san áireamh.
Ina theannta sin, chuir an Grúpa Euro i bhfáth go gcaithfear an laghdú ar an ding chánach a chúiteamh, agus go gcaithfear lamháil inlíochta fioscach na mBallstát a chur san áireamh, agus na spriocanna fioscacha á n-urramú ag an am céanna. Féadfar sin a dhéanamh trí chiorruithe ar chaiteachas, más féidir, nó trí aistrithe cánach, atá neodrach ó thaobh ioncaim, ó shaothar go foinsí ioncaim nach gcuireann as chomh mór céanna don fhás amhail cáin tomhaltais, cáin mhaoine athfhillteach agus/nó cáin comhshaoil.
I bhfianaise an méid sin, athdhearbhaíonn an Grúpa Euro gur tosaíocht beartais ar leith é an muirear cánach a ghearrtar ar shaothar a laghdú. Tá na hAirí meáite ar an obair sin a chur chun cinn, agus ar chloí leis an straitéis a comhaontaíodh maidir le comhdhlúthú fioscach a chothóidh an fás.
Aontaíonn an Grúpa Euro go gcuideoidh cur chuige comhordaithe maidir leis na hathchóirithe is gá a chur chun feidhme, go háirithe trí dhea-chleachtais a roinnt, le hathchóirithe a chur i bhfeidhm ar fud an limistéir euro.
Tá sé ar intinn ag an nGrúpa Euro, ag an gcruinniú a bheidh aige i mí Mheán Fómhair, na prionsabail chomhchoiteanna a phlé maidir le hathchóirithe a chur chun feidhme ar bhonn na ndea-chleachtas a shainaithin an Coimisiún. Breathnóidh an Coimisiún freisin ar na pleananna atá ann maidir leis an ding chánach a laghdú agus maidir le hathchóirithe struchtúracha eile, agus breathnóidh sé ar an dul chun cinn a dhéanfar maidir le cur chun feidhme na bpleananna agus na n-athchóirithe sin, de réir mar is iomchuí, nuair a bheidh dréachtphleananna buiséadacha na mBallstát á bplé san fhómhar. Fillfidh an Grúpa Euro ar an tsaincheist sin arís go luath in earrach na bliana 2015 agus déanfaidh sé measúnú ex-post ar chur chun feidhme na n-athchóirithe atá dírithe ar an ding chánach a laghdú, bunaithe ar anailís ón gCoimisiún.
Comhaid na gcruinnithe
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President
- +32 478 83 26 64
- +32 2 281 75 32
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EUROGROUP
Cruinnithe eile: An Grúpa Euro
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025