- An Grúpa Euro
Cruinniú de chuid an Ghrúpa Euro an 12 Meán Fómhair 2014, 12/09/2014, 12 Meán Fómhair 2014
Bogann an Grúpa Euro ar aghaidh leis an gclár oibre maidir le hathchóiriú struchtúrach
Ag an gcruinniú a bhí ag an nGrúpa Euro i Milano an 12 Meán Fómhair, d'athdhearbhaigh na hairí go bhfuil siad tiomanta an t-ualach cánach ar shaothar a laghdú. Is é is cuspóir dóibh geilleagair de chuid an limistéir euro a dhéanamh níos iomaíche agus borradh a chur faoin ngníomhaíocht eacnamaíoch agus faoin bhfostaíocht.
Chun an cuspóir sin a bhaint amach, chomhaontaigh an Grúpa Euro tacar prionsabal comhchoiteann lena ndéanfar athchóirithe ar chórais chánachais na mBallstát a mhúnlú.
Leis na prionsabail sin, díríodh ar a thábhachtaí atá an méid a leanas:
- cáin ar na saoránaigh is leochailí a laghdú
- laghduithe cánach ar shaothar a chúiteamh trí bhearta cúiteacha i réimsí nach ndéanann an dochar céanna don fhás
- laghduithe cánach a ghabháil de láimh in éineacht le haon athchóiriú eile ar mhargadh an tsaothair is gá
- tacaíocht pholaitiúil, shochaíoch, leathan a fháil do na hathchóirithe
Beifear ag súil leis go gcuirfidh na Ballstáit na prionsabail sin chun feidhme agus a ndréachtbhuiséad á dhréachtú acu do 2015. Déanfaidh an Grúpa Euro measúnú ar na dréachtbhuiséid i mí na Samhna bunaithe ar an measúnú ón gCoimisiún.
Tá an grúpa Euro tiomanta don Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis
Chomhaontaigh an Grúpa Euro gur ríthábhachtach í gníomhaíocht chinntitheach ar gach taobh mar gheall ar an bhfás íseal agus ar an mboilsciú maolaithe atá ann faoi láthair. Caithfear bearta faoi bheartas airgeadaíochta a d'fhógair an Banc Ceannais Eorpach le déanaí a chomhlánú le gníomhaíocht ó na Ballstáit.
Is straitéis fáis an Ghrúpa Euro fós iad saothrú beartas buiséadacha fónta, athchóirithe struchtúracha agus éascú infheistíochta. Dúirt na hairí an athuair nach mór tabhairt faoin straitéis sin faoi chuimsiú rialacha an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis. Ní mór aon chineál solúbthachta a aimsítear faoi chuimsiú rialacha an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis agus na n-athchóirithe struchtúracha a ghabhtar de láimh sna Ballstáita chur san áireamh.
"Bhíomar go huile ar aon intinn go gcloífimis leis na rialacha, " a dúirt Uachtarán an Ghrúpa Euro, J.Dijsselbloem, tar éis an chruinnithe.
Beidh an chéad chruinniú eile de chuid an Ghrúpa Euro ar siúl an 13 Deireadh Fómhair 2014.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
- Ráiteas ó Jeroen Dijsselbloem maidir le cruinniú an Ghrúpa Euro, an 12 Meán Fómhair 2014
- Ráiteas ón nGrúpa Euro maidir leis an gclár oibre don athchóiriú struchtúrach - díospóireachtaí téamacha i ndáil leis an bhfás agus an bhfostaíocht - comhphrionsabail d'athchóirithe chun an t-ualach cánach ar an saothar a laghdú, an 12 Meán Fómhair 2014
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President
- +32 478 83 26 64
- +32 2 281 75 32
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EUROGROUP
Cruinnithe eile: An Grúpa Euro
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025