Skip to content
  • An Grúpa Euro

An Grúpa Euro, 14/08/2015, 14 Lúnasa 2015

Torthaí an chruinnithe

An 14 Lúnasa 2015, chuir an Grúpa Euro ráiteas amach, inar léirigh sé a shástacht faoin gcomhaontú ar thángthas air idir an Ghréig agus na hinstitiúidí Eorpacha, le hionchur ó CAI, maidir leis an gcoinníollacht beartais is bun le clár nua an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh (SCE) don Ghréig.

B'fhiú an obair dhian ar fad a rinneadh an tseachtain seo caite agus ba mhian liom buíochas a ghabháil anois freisin le foirne na n-institiúidí agus le foirne rialtas na Gréige, a d’oibrigh chomh crua sin le roinnt míonna anuas, chun teacht ar chomhaontú”, arsa Jeroen Dijsselbloem, Uachtarán an Ghrúpa Euro. "B'fhiú an obair dhian ar fad a rinneadh an tseachtain seo caite agus ba mhian liom buíochas a ghabháil anois freisin le foirne na n-institiúidí agus le foirne rialtas na Gréige, a d’oibrigh chomh crua sin le roinnt míonna anuas, chun teacht ar chomhaontú”, arsa Jeroen Dijsselbloem, Uachtarán an Ghrúpa Euro.

Cumhdófar leis an gcomhaontú maidir le saoráid cúnaimh airgeadais SCE suim suas le € 86 bhilliún. Áirítear leis seo maolán suas le € 25 bhilliún le haghaidh earnáil na baincéireachta d'fhonn aghaidh a thabhairt ar athchaipitliú na mbanc agus ar chostais réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann.

Measann an Grúpa Euro go bhfuil na heilimintí is gá i bhfeidhm anois chun na nósanna imeachta náisiúnta ábhartha a sheoladh, a bhfuil gá leo chun cúnamh airgeadais SCE a fhormheas agus le go ndéanfaidh Bord Gobharnóirí SCE an togra a fhormheas faoin 19 Lúnasa.

Ar an dóigh sin, beifear in ann leas a bhaint as an gcéad tráinse de €26 bhilliún.

Tá an comhaontú i gcomhréir leis na paraiméadair agus leis na príomhchuspóirí a leagadh amach ag Cruinniú Mullaigh an Limistéir Euro an 12 Iúil agus soláthraítear leis creat cuimsitheach chun geilleagar na Gréige a athbhunú ar bhealach inbhuanaithe.

Leis an Meabhrán Tuisceana áirítear raon feidhme leathan de bheartais a bheidh le cur chun feidhme ag an nGréig:

  • sprioc mheántéarmach maidir le barrachas príomhúil 3.5 % OTI faoi 2018 a bheidh le baint amach trí athchóiriú fioscach
  • athchóiriú ar an gcóras pinsin a bheidh uaillmhianach
  • athchóirithe tábhachtacha i margadh an tsaothair agus i margadh na dtáirgí chun an geilleagar a oscailt i gcomhair infheistíochta agus iomaíochta
  • bearta d'earnáil an airgeadais chun a cobhsaíocht a chosaint, lena n-áirítear athchaipitliú na mbanc agus céimeanna práinneacha chun dul i ngleic le fadhb na n-iasachtaí neamhthuillmheacha in earnáil na baincéireachta

Clár maidir le príobháidiú

Chuir an Grúpa Euro i bhfáth freisin go bhfuil an clár maidir le príobháidiú mar bhunchloch chlár nua SCE. Ba dhíol sásaimh don Ghrúpa Euro an gealltanas ó údaráis na Gréige chun reachtaíocht nua a ghlacadh chun nósanna imeachta trédhearcacha maidir le príobháidiú mar aon le praghsanna imleora díola ar shócmhainní a áirithiú

Bunófar ciste neamhspleách sa Ghréig faoi mhaoirseacht na n-institiúidí Eorpacha ábhartha faoi dheireadh 2015 chun an clár maidir le príobháidiú a chuimsiú. Táthar ag súil le go dtacóidh rialtas na Gréige leis an bplean don chiste sin faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair 2015.

Inbhuanaitheacht fiachais

Rinne an Coimisiún measúnú, i gcomhar leis an mBanc Ceannais Eorpach (BCE), ar inbhuanaitheacht fiachais na Gréige. Baineadh de thátal as an anailís gur féidir inbhuanaitheacht fiachais a bhaint amach trí chlár um athchóiriú forleathan agus inchreidte agus trí bhearta breise a bhaineann le fiachas gan bhearrthaí ainmniúla.

Más gá, tá an Grúpa Euro ullamh chun a mhachnamh a dhéanamh faoi bhearta breise, lena bhféadfaí a áirithiú go bhfanfaidh ollriachtanais mhaoiniúcháin na Gréige ar leibhéal inbhuanaithe.

Rannpháirtíocht CAI

Ba dhíol sásaimh don Ghrúpa Euro an rún atá ag bainistíocht an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) a mholadh do Bhord Feidhmiúcháin an Chiste a mhachnamh a dhéanamh i leith tuilleadh tacaíochta airgeadais don Ghréig a luaithe a dhéanfar an méid seo a leanas:

  • go ndéanfar sonraíocht iomlán na n-athchóirithe fioscacha, struchtúracha mar aon leis na hathchóirithe san earnáil airgeadais a thabhairt i gcrích
  • go gcuirfear an gá le bearta breise san áireamh
  • go mbeidh comhaontú ann maidir le faoiseamh fiachais a d’fhéadfadh a bheith ann lena chinntiú go mbainfear amach inbhuanaitheacht fiachais

Féach freisin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025