Skip to content
  • An Grúpa Euro

An Grúpa Euro, 12/09/2015, 12 Meán Fómhair 2015

Na príomhthorthaí

An staid eacnamaíoch

Phléigh an Grúpa Euro an staid eacnamaíoch sa limistéar euro, i ndiaidh cur i láthair ón gCoimisiún Eorpach agus ón mBanc Ceannais Eorpach.

Meastar go leanfaidh an téarnamh eacnamaíoch ar aghaidh a limistéar euro, ach ag ráta níos moille ná mar a measadh roimhe seo. Baineann an lagtrá sin le fachtóirí seachtracha, amhail fás níos moille sa tSín agus i ngeilleagair i margaí eile atá ag teacht chun cinn.

Mar sin, ní mór don limistéar euro leanúint de bheartais fhónta bhuiséadacha agus athchóirithe struchtúracha a shaothrú chun fás cothrom agus inbhuanaithe a bhaint amach.

Plé téamach faoin bhfás agus faoi phoist

Lean an Grúpa Euro den phlé faoi na bealaí ina bhféadfaí an t-ualach ard cánach ar shaothar sa limistéar euro a laghdú, ualach atá ar an gceann is airde sa domhain faoi láthair.

Tháinig na hAirí ar chomhaontú faoi thagarmharcáil neamhfhoirmiúil i ndáil le cánachas saothair sa limistéar euro agus ghlac siad ráiteas i ndáil leis sin. Trí thagarmharcáil, beidh na Ballstáit in ann a gcás féin a chur i gcomparáid leis an gcás i dtíortha eile agus beartais náisiúnta á nglacadh acu.

An Chipir

Ba dhíol sásaimh don Ghrúpa Euro an 7ú athbhreithniú ar an gclár leanúnach coigeartaithe eacnamaíoch don Chipir. Leis sin, réitítear an bealach do nósanna imeachta formheasa i mBallstáit áirithe, agus ina dhiaidh sin, formheasfaidh bord gobharnóirí an tSásra Chobhsaíochta Eorpaigh an eisíocaíocht EUR 500 milliún ar bhonn foirmiúil i mí Dheireadh Fómhair.

An Ghréig

Cuireadh an Grúpa Euro ar an eolas faoin méid is déanaí a tharla sa Ghréig.

Tá sé muiníneach go gcomhoibreoidh an rialtas nua, a bhunófar tar éis na n-olltoghchán níos déanaí an mhí seo, lena chomhpháirtithe sa limistéar euro agus leis na hinstitiúidí le clár nua na Gréige maidir le coigeartú eacnamaíoch, a comhaontaíodh i mí Lúnasa, a chur chun feidhme.

Féach freisin:

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025