Skip to content
  • An Grúpa Euro

An Grúpa Euro, 05/10/2015, 5 Deireadh Fómhair 2015

Na príomhthorthaí

An Ghréig 

Chuir an Grúpa Euro fáilte roimh Aire Airgeadais na Gréige Euclid Tsakalotos, a athcheapadh sa phost sin tar éis na dtoghchán sa Ghréig an 20 Meán Fómhair 2015. Díríodh ansin ar an mbealach chun clár nua coigeartaithe eacnamaíoch na Gréige a chur chun feidhme.

I ndáil leis an méid sin, thacaigh an Grúpa Euro leis an chéad tacar de gharspriocanna, a gcaithfidh an Ghréig a chur chun feidhme le bheith i dteideal eisíocaíocht de EUR 2 bhilliún. Is fochuid é an EUR 2 bhilliún sin den EUR 3 billiún atá fós gan íoc ón chéad tráinse de EUR 26 billiún, mar a comhaontaíodh sa chlár.

Thathantaigh an Grúpa Euro ar an nGréig an dara sraith de gharspriocanna a shocrú leis na hinstitiúidí sna seachtainí beaga amach romhainn. Má chuirtear an dara sraith de gharspriocanna chun feidhme ar bhealach rathúil, féadfar an EUR 1 bhilliún a bheidh fágtha a eisíoc.

D’iarr an Grúpa Euro ar údaráis na Gréige comhoibriú go dlúth, ar bhealach cuiditheach, leis na hinstitiúidí chun an chéad athbhreithniú ar chur chun feidhme an chláir a chur i gcrích go rathúil agus go pras.

Ceaptar go dtósófar leis an gcéad athbhreithniúi mí Dheireadh Fómhair 2015.

Athchóirithe ar na hearnálacha seirbhísí i dtíortha an limistéir euro

Chomhaontaigh an Grúpa Euro go bhfuil gá le tuilleadh iarrachtaí chun borradh a chur faoin iomaíocht in earnáil na seirbhísí. Pléifidh na hAirí an cheist sin arís nuair a bheidh a straitéis nua don mhargadh aonair curtha i láthair ag an gCoimisiún Eorpach.

Beartas i dtimpeallacht ina bhfuil an ráta úis íseal

Dhearbhaigh an Grúpa Euro gur cheart do Bhallstáit an limistéir euro leas a bhaint as na gnóthachain amhantair ó na rátaí reatha ísealúis ar mhaithe le comhdhlúthú fioscach go príomha, agus — ag brath ar a gcás sonrach — ar mhaithe le hinfheistíocht nó le hathchóirithe struchtúracha.

Dréacht-phleananna buiséadacha do 2016

Bhí a chéad phlé ag an nGrúpa Euro ar an bpróiseas i ndáil leis na dréacht-phleananna buiséadacha do 2016. Tá sé de cheangal ar Bhallstáit an limistéir euro a gcuid pleananna a chur isteach faoin 15 Deireadh Fómhair mar chuid d'fhaireachas fioscach an limistéir euro. 

Beidh dianphlé ag an nGrúpa Euro maidir leis na dréachtphleananna buiséadacha ar fad ar an 23 Samhain, ar bhun thuairimí an Choimisiúin Eorpaigh.

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025