Skip to content
  • An Grúpa Euro

An Grúpa Euro, 09/11/2015, 9 Samhain 2015

Na príomhthorthaí

An t-aontas baincéireachta: cur i láthair ón mBord Réitigh Aonair

Chuir, Elke König, cathaoirleach an Bhoird Aonair Réitigh (BRA) i láthair an obair eagraíochtúil atá tugtha chun críche ag BRA d’fhonn a ról a ghlacadh go hiomlán, ón 1 Eanáir 2016, ina cháil mar an t-údarás réitigh do na bainc a bhaineann leis an Aontas Baincéireachta.

Dearbhaíodh do na hAirí go raibh dul chun cinn maith á dhéanamh maidir leis na hullmhúcháin.

An Ghréig

Chuir na hinstitiúidí agus Euclid Tsakalotos, Aire Airgeadais na Gréige, an Grúpa Euro ar an eolas faoin mbealach ar aghaidh le haghaidh an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE) a chur chun feidhme, clár a comhaontaíodh i mí Lúnasa seo caite. Phléigh an Grúpa Euro an toradh a bhí ar an measúnú cuimsitheach a rinneadh ar na ceithre bhanc is mó de chuid na Gréige freisin, measúnú a rinneadh faoin Sásra Maoirseachta Aonair.

D’iarr an Grúpa Euro ar údaráis na Gréige bailchríoch a chur ar na bearta d' earnáil an airgeadais, mar aon leis an reachtaíocht a comhaontaíodh faoin chéad tacar garspriocanna, i rith na seachtaine. Leis sin d'fhéadfadh SCE EUR 2 billiún a eisíoc agus d'fhéadfaí na cistí is gá a aistriú le haghaidh earnáil bhaincéireachta na Gréige a athchaipitliú as an EUR 10 billiún a cuireadh in áirithe faoin gClár.

Sannadh EUR 10 billiún roimhe seo chuig cuntas leithscarta de chuid SCE agus is féidir é a aistriú chuig an tSaoráid Heilléanach um Chobhsaíocht Airgeadais (HFSF) a luaithe a bheidh na coinníollacha comhlíonta, agus sa chás sin amháin. Thug an Grúpa Euro sainordú do Mheitheal an Ghrúpa Euro (MGE) chun cur chun feidhme na mbeart thuasluaite a mheasúnú tráth nach déanaí ná tús na seachtaine.

An staid eacnamaíoch agus buiséadach sa limistéar euro

Phléigh an Grúpa Euro an staid eacnamaíoch agus buiséadach sa limistéar euro, ar bhonn réamhaisnéis an fhómhair 2015 ón gCoimisiún agus na tuairimí a chuir an Banc Ceannais Eorpach i láthair. 

Meastar go leanfaidh an téarnamh ginearálta eacnamaíoch ar aghaidh, ach beagán níos laige ná mar a bhíothas ag súil leis roimhe seo, go háirithe mar gheall ar an lagtrá sa tSín agus i margaí eile atá i mbéal forbartha. D’aontaigh na hAirí go bhfuil gá le dlús a chur leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun gur téarnamh féin-inbhuanaithe a bheidh sa bhfás eacnamaíoch trí straitéis ina gcuimseofar beartas fónta buiséadach, athchóirithe struchtúracha agus infheistíocht.

An Spáinn: An 4ú athbhreithniú iarchláir

Chuir an Grúpa Euro fáilte roimh na torthaí a bhí ar an gceathrú misean faireachais iarchláir sa Spáinn, arna dhéanamh ag an gCoimisiún Eorpach, i gcuibhreann leis an mBanc Ceannais Eorpach i mí Dheireadh Fómhair.

Tháinig an misean ar an tuairim go bhfuil torthaí fónta ag péacadh i gcónaí as na hiarrachtaí don choigeartú atá ar siúl faoi láthair, rud a léirítear le cobhsaíocht na hearnála airgeadais, leis an téarnamh láidir eacnamaíoch agus an leibhéal íseal atá ag premia maidir leis an riosca ceannasach.

Tograí maidir le rialachas eacnamaíoch: gnéithe a bhaineann leis an limistéar euro

Thionóil an Grúpa Euro an plé tosaigh ar na tograí ón gCoimisiún maidir le rialachas eacnamaíoch a thabhairt chun críche mar chéad chuid den díospóireacht maidir le bailchríoch a chur ar an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA). Ghlac an Coimisiún na tograí sin ar an 21 Deireadh Fómhair mar thoradh ar thuarascáil na gCúig Uachtarán maidir le bailchríoch a chur ar an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA), a foilsíodh i Meitheamh 2015.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025