Skip to content
  • An Grúpa Euro

An Grúpa Euro , 23/11/2015, 23 Samhain 2015

Príomhthorthaí

Dréachtphleananna buiséadacha Bhallstáit an limistéir euro

Phléigh an Grúpa Euro dréachtphleananna buiséadacha Bhallstáit an limistéir euro do 2016. Ní mór na pleananna sin a thíolacadh gach bliain faoin 15 Deireadh Fómhair, agus déanann an Coimisiún Eorpach measúnú ar an gceist an gcomhlíonann siad rialacha an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis (CCF). 

D’aontaigh an Grúpa Euro, a bheag nó a mhór, le tuairimí an Choimisiúin Eorpaigh, a foilsíodh an 17 Samhain 2015.

De réir thorthaí an Choimisiúin, is i gcás ceithre thír - an Ostair, an Iodáil, an Liotuáin agus an Spáinn - a bhfuil pleananna buiséadacha atá i mbaol nach gcomhlíonfar rialacha CCF leo. 

Ba dhíol sásaimh don Ghrúpa Euro an tiomantas atá ag an Ostair, an Iodáil agus an Liotuáin lena áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha. Chomh maith leis sin tá sé ag tnúth le tíolacadh an dréachtphlean bhuiséadaigh nuashonraithe don Spáinn agus athdhearbhaíodh dó go ndéanfadh an Phortaingéil, a dréachtphlean buiséadach a thíolacadh a luaithe is féidir.

Thug an Grúpa Euro dá aire gur mheas an Coimisiún go bhfuil an seasamh fioscach atá neodrach, a bheag nó a mhór, ar leibhéal an limistéir euro iomchuí, agus an téarnamh eacnamaíoch mall á chur san áireamh. Ina theannta sin, leag sé béim ar an tábhacht a bhaineann le húsáid stuama a bhaint as an ráta úis atá íseal faoi láthair, agus feabhas a chur ar cháilíocht an airgeadais phoiblí trí thosaíocht a thabhairt do bhearta a chuirfidh leis an bhfás.

D’aontaigh na hAirí freisin leis an gCoimisiún go bhforáiltear solúbthacht leordhóthanach le rialacha CCF chun aghaidh a thabhairt ar na himpleachtaí buiséadacha a bhaineann leis na forbairtí a bhaineann go sonrach le tír faoi leith, amhail sreabhadh na dteifeach i mBallstáit áirithe.

An Ghréig: an staid mar atá

Ba dhíol sásaimh don Ghrúpa Euro an measúnú a rinne an Coimisiún Eorpach agus an Banc Ceannais Eorpach go raibh údaráis na Gréige tar éis an chéad sraith de gharspriocanna a chur chun feidhme go rathúil mar aon leis na bearta athchóirithe don earnáil airgeadais atá riachtanach chun gur féidir le hearnáil baincéireachta na Gréige a athchaipitliú.

Tar éis an mheasúnaithe dhearfaigh, thug Bord Stiúrthóirí an tSásra Eorpaigh um Chobhsaíocht (ESM) údarú foirmiúil le haghaidh íocaíocht EUR 2 billiún de chúnamh airgeadais don Ghréig, dá bhforáiltear faoin gclár. 

Ina theannta sin, is féidir suas le EUR 10 billiún de chistí atá curtha i leataobh chun bainc na Gréige a athchaipitliú a chur ar fáil anois freisin. Saorfar na cistí sin chuig an gCiste Heilléanach um Chobhsaíocht Airgeadais (HFSF) cás ar chás, de réir mar is gá, ar chinneadh ó Bhord Stiúrthóirí SCE tar éis chinntí an Choimisiúin Eorpaigh a bhaineann le státchabhair. 

Iarrann an Grúpa Euro ar údaráis na Gréige dlús a chur lena gcuid iarrachtaí agus comhoibriú go dlúth leis an gCoimisiún, leis an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) agus leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) maidir leis an dara sraith (an ceann deiridh) de gharspriocanna faoin gcéad tráinse (a gcuirfeadh íocaíocht EUR 1 bhilliún eile ar fáil léi) agus na bearta a bhaineann leis an gcéad athbhreithniú.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025