- An Grúpa Euro
An Grúpa Euro, 07/04/2017, 7 Aibreán 2017
Na príomhthorthaí
An Ghréig
Cuireadh an Grúpa Euro ar an eolas faoi na forbairtí a rinneadh san idirphlé dian idir an Coimisiún Eorpach, an Banc Ceannais Eorpach, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus an Sásra Cobhsaíochta Eorpach agus rialtas na Gréige le mí anuas.
Tháinig na hinstitiúidí agus údaráis na Gréige ar chomhaontú maidir leis na príomhghnéithe de na hathchóirithe beartais atá riachtanach chun bogadh ar aghaidh leis an dara hathbhreithniú ar an gclár coigeartaithe maicreacnamaíoch reatha, rud atá riachtanach chun tuilleadh cúnamh airgeadais a thabhairt don Ghréig. Baineann an comhaontú sin le méid, le huainiú agus le seicheamhú na n-athchóirithe.
Leanfaidh na hinstitiúidí den obair theicniúil san Aithin a thúisce is féidir chun comhaontú a thabhairt i gcrích go mear ar leibhéal na foirne.
Féadfaidh na foirne misin filleadh ar an Aithin chun tuilleadh obair theicniúil a dhéanamh agus chun comhaontú ar leibhéal na foirne a thabhairt i gcrích a thúisce is féidir #Greece#eurogroup
- Jeroen Dijsselbloem (@J_Dijsselbloem) 7 Aibreán 2017
Plé téamach ar an bhfás agus ar phoist: infheistíocht
Lean an Grúpa Euro dá phlé maidir leis an infheistíocht a chur chun cinn, plé ar cuireadh tús leis i mí Iúil na bliana seo caite, agus ghlac sé ráiteas lena leagtar amach prionsabail choiteanna chun beartais náisiúnta sa réimse sin a threorú.
Baineann na prionsabail sin le feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó, le héifeachtúlacht an riaracháin phoiblí a mhéadú, le tús áite a thabhairt d’infheistíocht phoiblí chun dlús a chur leis an bhfás agus leis an acmhainneacht fáis, le foinsí margadh-bhunaithe cistithe gnó a fhorbairt agus le bacainní rialála ar infheistíocht phríobháideach a bhaint.
An t-aontas baincéireachta: gnéithe a bhaineann leis an limistéar euro
Chuir Danièle Nouy, Cathaoirleach ar Bhord Maoirseachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh, a tuarascáil bhliantúil ó BCE maidir le gníomhaíochtaí maoirseachta in 2016 i láthair.
Áirítear ar thosaíochtaí an Bhoird do 2017 caighdeáin náisiúnta maoirseachta san aontas baincéireachta a chóineasú tuilleadh, aghaidh a thabhairt ar iasachtaí neamhthuillmheacha atá ar chláir chomhardaithe na mbanc, a bhfuil fadhbanna ag baint leo i gcónaí i roinnt Ballstát, agus brabúsacht na mbanc a fheabhsú, rud lena gcuirfear feabhas ar chumas na mbanc an geilleagar a mhaoiniú.
Chuir Cathaoirleach an Bhoird Réitigh Aonair (SRB), Elke König, an Grúpa Euro ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí SRB. Thug sí cuntas ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le pleanáil réitigh agus maidir le ranníocaíochtaí na mbanc leis an gciste réitigh aonair .
An Chipir: faireachas iarchláir
Thug na hinstitiúidí atá rannpháirteach san athbhreithniú iarchláir agus Aire Airgeadais na Cipire Harris Georgiades cuntas gairid ar thoradh an mhisin faireachais iarchláir ar an gCipir.
D’athdheimhnigh siad do na hairí go bhfuil údaráis na Cipire tiomanta i gcónaí do bheartais fhónta eacnamaíocha. Dheimhnigh siad freisin nach bhfuil aon riosca ann nach n-íocfar ar ais na hiasachtaí atá faighte ag an gCipir faoin Sásra Cobhsaíochta Eorpach i gcomhthéacs an chláir maidir le coigeartú maicreacnamaíoch a bhí aici ó 2013 go 2016.
Comhaid na gcruinnithe
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President
- +32 478 83 26 64
- +32 2 281 75 32
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EUROGROUP
Cruinnithe eile: An Grúpa Euro
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 28 Eanáir 2024