- An Grúpa Euro
An Grúpa Euro, 15/06/2017, 15 Meitheamh 2017
Na príomhthorthaí
An Ghréig
Thug an Grúpa Euro chun críche an plé a bhí idir lámha aige maidir leis an dara hathbhreithniú atá ar bun go fóill ar chlár coigeartaithe maicreacnamaíoch na Gréige a mhaoinítear faoin Sásra Cobhsaíochta Eorpach.
Ba dhíol sásaimh é don Ghrúpa Euro gur ghlac Parlaimint na Gréige na réamhghníomhaíochtaí a comhaontaíodh. Ba chuid de shraith athchóirithe beartais ar chomhaontaigh an tír leis na hinstitiúidí (an Coimisiún Eorpach, an Banc Ceannais Eorpach, an Sásra Cobhsaíochta Eorpach agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta) orthu ar an 2 Bealtaine 2017.
Cumhdaítear leis na bearta athchóirithe réimsí amhail pinsin, cáin ioncaim, an margadh saothair, an earnáil airgeadais agus earnáil an fhuinnimh. Ba chóir go ndéanfaí straitéis mheántéarmach na Gréige a threisiú leis na bearta sin agus go dtacófaí leis an ngeilleagar a athchothromú ar bhealach nach gcuirfidh isteach ar fhás an gheilleagair.
D’iarr an Grúpa Euro ar an nGréig mar aon leis na hinstitiúidí agus na tríú páirtithe ábhartha straitéis feabhsaithe fáis iomlánaíoch a fhorbairt agus tacaíocht a thabhairt di.
D’athdhearbhaigh an Grúpa Euro a chur chuige maidir le hinbhuanaitheacht fhiachas poiblí na Gréige ar ar comhaontaíodh i mí na Bealtaine 2016 agus chuir sé tuilleadh eolais ar fáil maidir leis na bearta fiachais meántéarmacha a d’fhéadfaí fabhrú don Ghréig.
Chuirfí na bearta sin chun feidhme tar éis an clár a thabhairt chun críche go rathúil dá ndeimhneofaí le hanailís nua ar an inbhuanaitheacht fiachais go raibh gá le bearta dá chineál.
Ba dhíol sásaimh don Ghrúpa Euro an gealltanas a thug an Ghréig go ndéanfaí príomhbharrachas de 3.5% de OTI a chothú go dtí 2022 agus go leanfar conair bhuiseádach atá i gcomhréir leis an gcreat buiséadach Eorpach ina dhiaidh sin. Dar le hanailís a rinne an Coimisiún go mbainfí an sprioc sin amach le príomhbharrachas cothrom le nó os cionn ach i ngar do 2.0% de OTI sa tréimhse idir 2023-2060.
Sa chomhthéacs seo, molfaidh lucht bainistíochta CAI do Bhord Feidhmiúcháin CAIsocrú teannta nua 14 mí don Ghréig a fhormheas i bprionsabal.
Beidh an Sásra Cobhsaíochta Eorpach in ann leanúint ar aghaidh leis an gcéad tráinse eile den chúnamh airgeadais a chuirfear ar fáil don Ghréig faoin gclár nuair a tabharfaidh na ballstáit atá sa limistéar euro na nósanna imeachta náisiúnta ábhartha lena n-údaraítear an eisíocaíocht chun críche. Is fiú EUR 8.5 billiún an chéad tráinse eile.
- Ráiteas ón nGrúpa Euro maidir leis an nGréig, 15 Meitheamh 2017
- Greece: the third economic adjustment programme
- Stiúrthóir Bainistíochta an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI), Christine Lagarde le moladh go ndéanfaí an socrú teannta nua don Ghréig a fhormheas i bprionsabal, 15 Meitheamh 2017 (preaseisiúint)
Plé téamach ar an bhfás agus ar an bhfostaíocht: feabhas a chur ar cháilíocht an airgeadais phoiblí
Bhí malartú tuairimí eile ag an nGrúpa Eurp maidir le cáilíocht an airgeadais phoiblí ag leanúint ar an bplé a bhí aige i mí Mheán Fómhair 2016 nuair a formhuiníodh na prionsabail choiteanna lena dtugtar treoir i dtaca le athbhreithnithe caiteachais náisiúnta a dhéanamh.
Phléigh na hairí cur chun feidhme praiticiúil na bprionsabal i gcomhthéacs an cur i láthair a rinne an Coimisiún ar an eispéireas a bhí ag tíortha.
Cabhraíonn athbhreithnithe caiteachais le rialtais réimsí a aimsiú ina bhfuil coigilteas agus gnóthachan éifeachtúlachta le déanamh agus ina bhfuil deiseanna luach ar airgead níos mó a bheith ann ó thaobh caiteachais de. Tá an t-ábhar sin ábhartha go háirithe maidir le ballstáit atá sa limistéar euro go háirithe i bhfianaise go bhfuiltear ag iarraidh freagracht fhioscach a áirithiú agus tacú leis an bhfás ag an am céanna.
Déanfar tuilleadh oibre sa réimse seo d’fhonn malartú dea-chleachtas a fhorbairt.
Athbhreithniú Airteagal IV ar an limistéar euro ag CAI
Chuir Stiúrthóir Bainistíochta an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI), Christine Lagarde, an Grúpa Euro ar an eolas maidir leis an measúnú a rinne an Ciste ar ionchas eacnamaíoch an limistéir euro, ar rioscaí agus ar dhúshláin bheartais. Rinneadh an measúnú i gcomhthéacs chomhairliúchán bliantúil Airteagal IV CAI.
Dhearbhaigh CAI go bhfuil an téarnamh eacnamaíoch sa limistéar euro ag dul i dtreis agus go bhfuil sé le sonrú ar bhonn níos leithne sna Ballstáit ná mar a bhí. Moltar go mbainfeadh an euro leas as na coinníollacha dearfacha maoinithe atá ann faoi láthair agus go leanfadh sé air ag díriú ar bheartais fhioscacha fhónta agus ar athchóirithe ar an earnáil airgeadais. Ba cheart díriú ar an aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a thabhairt chun críche freisin.
Bhí idirphlé cuiditheach ag an nGrúpa Euro maidir leis an measúnú sin. Beidh ráiteas scoir CAI ar fáil ar a shuíomh gréasáin in am trátha.
Airteagal IV d’Airteagail Chomhaontuithe Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta is bunús le faireachas CAI ar bheartais eacnamaíocha Bhallstáit agus réigiúin airgeadra CAI amhail an limistéar euro.
Cur chun feidhme an chreata réitigh Eorpaigh
Chuir Elke König, cathaoirleach an Bhoird Réitigh Aonair, agus Sabine Lautenschläger, leaschathaoirleach Bhord maoirseachta BCE mar aon leis an gCoimisiún Eorpach, an Eurogroup ar an eolas faoi na forbairtí ábhartha ba dhéanaí maidir leis an gcreat réitigh Eorpach a chur chun feidhme.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President
- +32 478 83 26 64
- +32 2 281 75 32
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EUROGROUP
Cruinnithe eile: An Grúpa Euro
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025