An t-aontas baincéireachta
Is é an t-aontas baincéireachta beartas an Aontais Eorpaigh chun earnáil baincéireachta Bhallstáit an limistéir euro a chomhtháthú.
Cad é an t-aontas baincéireachta?
Is céim ríthábhachtach é an t-aontas baincéireachta chun aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta an Aontais a bhaint amach.
Is éard atá ann creat rialacha, nósanna imeachta agus uirlisí atá ceaptha chun a chinntiú go mbeidh bainc laistigh den limistéar euro níos athléimní, go ndéanfar maoirseacht níos fearr orthu, agus go mbeidh siad in ann géarchéimeanna airgeadais a sheasamh.
Is iad seo a leanas príomhchuspóirí an aontais baincéireachta:
- sábháilteacht agus iontaofacht na mbanc a neartú chun a chinntiú go mbeidh siad in ann géarchéimeanna airgeadais a tharlóidh amach anseo a sheasamh
- bainc neamh-inmharthana a réiteach gan leas a bhaint as airgead na gcáiníocóirí agus lena laghad tionchair is féidir a imirt ar an bhfíorgheilleagar
- ilroinnt ar na margaí a laghdú trí rialacha baincéireachta agus maoirseacht a chomhchuibhiú
Cad iad na tíortha rannpháirteacha?
Bíonn gach Ballstát de chuid an limistéir euro ina bhall den aontas baincéireachta.
Le haontachas na Bulgáire agus na Cróite, a tharla an 1 Deireadh Fómhair 2020, tá 21 Bhallstát san aontas baincéireachta faoi láthair.
Tá de rogha ag Ballstáit nach bhfuil sa limistéar euro teacht isteach san aontas baincéireachta trí dhul i ndlúthchomhar leis an mBanc Ceannais Eorpach (BCE). Fágann sin gur féidir leo páirt a ghlacadh i sásraí maoirseachta agus réitigh an aontais baincéireachta gan an euro a ghlacadh.
Cad chuige ar cruthaíodh an t-aontas baincéireachta?
Is mar fhreagairt ar ghéarchéim airgeadais 2008 agus ar an ngéarchéim fiachais sa limistéar euro ina dhiaidh sin a bunaíodh an t-aontas baincéireachta.
Léirigh na géarchéimeanna sin na hidirnaisc mhóra laistigh d’earnáil baincéireachta an limistéir euro, áit ar féidir leis an t-anás airgeadais i dtír amháin dul i bhfeidhm go tapa ar thíortha eile, rud a mbíonn cobhsaíocht airgeadais an réigiúin ar fad thíos leis.
Mar sin is chun struchtúr Eorpach nua níos comhtháite a bhunú le haghaidh maoirseacht agus réiteach na baincéireachta a cruthaíodh an t-aontas baincéireachta in 2014. Chuir na rialacha nua leis an gcreat rialála baincéireachta a bhí ann cheana
Thar aon rud eile is é an cuspóir atá leis sábháilteacht agus fóntacht bhainc na hEorpa a neartú chun iad a dhéanamh níos athléimní agus chun muinín sa chóras airgeadais a fheabhsú.
Cad iad colúin an aontais baincéireachta?
Tá an t-aontas baincéireachta bunaithe ar thrí cholún. Tá an chéad dá cheann lánoibríochtúil, agus feidhm acu ar bhonn deonach maidir le tíortha sa limistéar euro agus tíortha nach bhfuil sa limistéar euro:
- an sásra maoirseachta aonair
- an sásra réitigh aonair
- an scéim Eorpach árachais taiscí
an sásra maoirseachta aonair
Comhlacht fornáisiúnta maoirseachta banc an Aontais is ea an sásra maoirseachta aonair.
Tá an Banc Ceannais Eorpach freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa atá bunaithe san aontas baincéireachta i ndlúthchomhar leis na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta. Oibríonn BCE agus na maoirseoirí náisiúnta le chéile chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
- deimhin a dhéanamh de go gcomhlíonann na bainc leabhar rialacha aonair an Aontais
- dul i ngleic go luath le haon bhagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann don chobhsaíocht airgeadais
An sásra réitigh aonair
Is córas é an sásra réitigh aonair (SRA) trína ndéantar institiúidí creidmheasa neamh-inmharthana a réiteach ar bhealach éifeachtach éifeachtúil. Is é is aidhm dó a áirithiú go ndéanfar bainc a bhfuil ag cliseadh orthu a réiteach ar an gcostas is lú is féidir do cháiníocóirí agus don fhíorgheilleagar.
Feidhmíonn an sásra réitigh aonair tríd an méid seo a leanas:
- an bord réitigh aonair
- an ciste réitigh aonair
An chaoi a n-oibríonn an Sásra Réitigh Aonair (Grafaic faisnéise)
An scéim Eorpach árachais taiscí
Cinntíonn an scéim ráthaithe taiscí (SRT) go gcosnaítear taiscí a dhéantar i mbainc suas le €100 000 i gcás ina dteipeann ar an mbanc. Faoi láthair cosnaítear taiscí ar leibhéal na mBallstát i scéimeanna náisiúnta ráthaithe taiscí.
In 2015, mhol an Coimisiún Eorpach go mbunófaí comhchóras um chosaint taiscí ar a dtugtar an scéim Eorpach árachais taiscí (SEÁT). Trí leibhéal comhionann cosanta a chur ar fáil do thaiscí bainc, tá sé mar aidhm ag SEÁT an méid seo a leanas a dhéanamh:
- a chinntiú go gcosnófar taisceoirí go cothrom, beag beann ar an áit a bhfuil a mbainc suite sa limistéar euro
- an nasc idir na bainc agus a rialtais náisiúnta a bhriseadh, rud a laghdóidh an baol go mbeidh éifeacht tógálachta i réimse an airgeadais
- feabhas a chur ar an gcumas géarchéimeanna baincéireachta a láimhseáil ar bhealach níos éifeachtúla, agus aon tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar an ngeilleagar a íoslaghdú
Tá SEÁT fós ag céim an togra agus níl sé glactha go fóill ag na comhreachtóirí.
An t-athbhreithniú deireanach: an 19 Meitheamh 2024