Skip to content
  • An Grúpa Euro

An Grúpa Euro, 22/05/2017, 22 Bealtaine 2017

Na príomhthorthaí

An Ghréig

Ba dhíol sásaimh don Ghrúpa Euro an réamhchomhaontú ar tháinig an Ghréig agus na hinstitúidí air maidir le sraith nua athchóirithe beartais chun tacú le téarnamh eacnamaíoch na tíre. Céim thábhachtach is ea an comhaontú i dtreoclabhsúr a chur ar an dara hathbhreithniú ar chlár coigeartaithe maicreacnamaíoch na Gréige.

Mhol an Grúpa Euro an dul chun cinn atá déanta ag an nGréig agus cuid mhór de na réamhghníomhaíochtaí a comhaontaíodh á gcur chun feidhme cheana féin.

Clúdaítear leis na bearta maidir le hathchóiriú, a reachtaigh an Ghréig, réimsí amhail pinsin, cáin ioncaim, an margadh saothair agus earnáil an fhuinnimh. Ba cheart dóibh tacú le hathchothromú an gheilleagair lena gcothófaí an fás agus ba cheart dóibh straitéis fhioscach mheántéarmach na Gréige a dhéanamh níos láidre.

Bhí plé cuimsitheach ag an nGrúpa Euro maidir le hinbhuanaitheacht fhiachas poiblí na Gréige ach níor tháinig sé ar chomhaontú foriomlán. Leanfar leis an obair sna seachtainí amach romhainn de réir an chreata a comhaontaíodh i mí na Bealtaine 2016 d’fhonn teacht ar chinneadh críochnaitheach ag an gcéad chruinniú eile a bheidh ag an nGrúpa Euro.

An staid eacnamaíoch sa limistéar euro

Bhí malartú tuairimí ag an nGrúpa Euro i ndáil leis an staid eacnamaíoch agus an boilsciú a bhí ann le déanaí sa limistéar euro, tar éis don Choimisiún réamhaisnéis eacnamaíoch earrach 2017 a fhoilsiú ar an 11 Bealtaine 2017.

An Spáinn: An 7ú misean faireachais iarchláir

Tugadh cuntas gearr don Ghrúpa Euro faoi na príomhthorthaí a bhí ar an seachtú misean faireachais iarchláir go dtí an Spáinn, a rinne foireann an Choimisiúin Eorpaigh agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh ar an 24-26 Aibreán.

Dheimhnigh an misean nach raibh aon bhaol ann nach n-íocfaí ar ais na hiasachtaí a fuair an Spáinn i gcomhthéacs an chláir a bhí aici chun earnáil baincéireachta na tíre a athchaipitliú in 2012-2014, arna tacú leis an Sásra Cobhsaíochta Eorpach.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025