Skip to content
  • An Grúpa Euro

An Grúpa Euro, 15/09/2017, 15 Meán Fómhair 2017

Na príomhthorthaí

An Ghréig

Chuir siad seo a leanas an Grúpa Euro ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir le clár coigeartaithe eacnamaíoch na Gréige (atá fós ar siúl): Aire Airgeadais na Gréige, Euclid Tsakalotos, agus na hinstitiúidí (an Coimisiún Eorpach, an Banc Ceannais Eorpach, an Sásra Cobhsaíochta Eorpach agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta).

Thíolaic siad an amlíne atáthar a lua leis an tríú hathbhreithniú ar an gclár ar cuireadh tús leis le gairid. Beidh ar an nGréig 95 gníomh (nó mar sin) a chur i gcrích, a mbeidh baint ag go leor acu le cur chun feidhme na reachtaíochta a glacadh níos luaithe sa chlár.

Ar na hábhair a chuimseofar sa tríú athbhreithniú sin, beidh: buiséad na Gréige don bhliain 2018, an t-athbhreithniú ar shochair shóisialta, athchóiriú mhargadh an tsaothair, cúrsaí riaracháin phoiblí, cur chun feidhme na straitéise maidir le hiasachtaí neamhthuillmheacha, athchóiriú earnáil an fhuinnimh, agus an príobháidiú.

Plé téamach: athléimneacht eacnamaíoch in AEA

Bhí plé ginearálta ag na hairí freisin maidir leis an athléimneacht eacnamaíoch a mhéadú san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta.

Tá na hairí tar éis roinnt réimsí beartais a shainaithint a bhféadfaí an athléimneacht eacnamaíoch a mhéadú iontu ach feabhsuithe a chur i bhfeidhm ar dtús. Orthu sin, tá: an gá atá le héagsúlú an gheilleagair, solúbthacht na margaí saothair agus na margaí táirgí, an gá atá le dreasachtaí cánach i dtaca le hinfheistíocht, agus cáilíocht na n-institiúidí, i measc nithe eile.

Beidh an chéad dreas idirphlé sin ina threoir don Ghrúpa Euro san idirphlé níos téagartha a dhéanfar ar ball faoi chúrsaí fáis agus fostaíochta.

Is éard is brí le hathléimneacht eacnamaíoch an cumas a bhíonn ag tír suaití eacnamaíocha a chomhrac agus a chosc. Is den rí-thábhacht an athléimneacht eacnamaíoch sin i gcás an limistéir euro i ngeall ar an idirspleáchas nach beag idir na tíortha agus ó tharla an t-airgeadra céanna in úsáid ag gach tír sa limistéar óir fágann an méid sin go bhféadfadh ceal athléimneachta i dtír amháin a bheith ina shiocair le hiarmhairtí tromhchúiseacha i ngeilleagair eile de chuid an limistéir euro.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025