- An Grúpa Euro
An Grúpa Euro, 09/10/2017, 9 Deireadh Fómhair 2017
Na príomhthorthaí
Faisnéis faoin gcruinniú
AEA a dhoimhniú: ról an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh
Bhí plé ag an nGrúpa Euro maidir leis na róil a d’fhéadfadh a bheith ag an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE) amach anseo i gcomhthéacs na díospóireachta níos leithne atá ar siúl go fóill faoin méid atá i ndán don aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta.
Dhírigh an plé tosaigh sin ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag an SEC i mbainistiú géarchéime agus maidir leis an aontas baincéireachta, agus ar an tionchar a bheadh ag an ról nua féideartha seo ar an struchtúr rialachais agus ar an feidhm atá aige laistigh den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta.
Plé téamach faoin bhfás agus faoi phoist: maoiniú a dhéanamh ar laghduithe cánach i margadh an tsaothair
Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le maoiniú a dhéanamh ar laghduithe cánach i margadh an tsaothair agus chomhroinn siad dea-chleachtais náisiúnta i leith an méid sin. Meastar go bpléifidh an Grúpa Euro an t-ábhar sin arís níos déanaí i mbliana, i gcomhthéacs a athbhreithnithe bhliantúil ar dhréachtphleananna buiséadacha na mBallstát don bhliain atá le teacht.
Moladh don limistéar euro an t-ualach cánach ar mhargadh an tsaothair a laghdú i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, próiseas bliantúil comhordaithe beartais an Aontais Eorpaigh. Tá an ding cánach a ghearrtar ar mhargadh an tsaothair sa limistéar euro ar an muirear is airde ar domhan, agus d’fhéadfaí cuidiú le fás eacnamaíoch agus cruthú post trína laghdú. Is ceist thábhachtach í dá bhrí sin conas laghduithe cánach i margadh an tsaothair a mhaoiniú, mar is cion suntasach d’ioncam rialtais í cáin ar mhargadh an tsaothair i roinnt tíortha sa limistéar euro.
Comhaid na gcruinnithe
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President
- +32 478 83 26 64
- +32 2 281 75 32
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EUROGROUP
Cruinnithe eile: An Grúpa Euro
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025