Skip to content
  • An Grúpa Euro

An Grúpa Euro, 04/12/2017, 4 Nollaig 2017

Na príomhthorthaí

Tháinig an Grúpa Euro le chéile in dhá fhormáid: mar ghnáthchruinniú ag airí an limistéir Euro, agus mar chruinniú ag airí as 27 de Bhallstáit an Aontais agus é mar aidhm acu ullmhú i gcomhair an Chruinniú Mullaigh Euro a bheidh ar siúl i mí na Nollag.

Cruinniú i bhformáid an limistéir euro

Toghadh Uachtarán nua an Ghrúpa Euro

Thogh an Grúpa Euro Mário Centeno, Aire Airgeadais na Portaingéile,ina chéad Uachtarán eile ar an ngrúpa Euro. Is ar an 13 Eanáir 2018 a chuirfidh sé tús lena théarma. Is iad comhaltaí an Ghrúpa Euro a thoghann an tUachtarán le tromlach simplí, ar feadh téarma 2.5 bliain, i gcomhréir le Prótacal 14 den Chonradh.

Dréachtphleananna buiséadacha

Phléigh an Grúpa Euro dréachtphleananna Bhallstáit an limistéir euro do 2018 agus staid bhuiséadach fhoriomlán an limistéir. D'eisigh an Grúpa Euro ráiteas.

Faireachas iarchláir: An Chipir agus an Spáinn

Cuireadh an Grúpa Euro ar an eolas maidir le príomhthorthaí na misean um fhaireachas iarchláir chun na Cipire agus na Spáinne, a rinne foireann an Choimisiúin Eorpaigh agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, i bhFómhar na bliana seo.

Tagann deireadh leis na bhfaireachas iarchláir a luaithe a bhíonn 75%, ar a laghad, den iasacht aisíoctha.

Clár coigeartaithe na Gréige: an staid mar atá

Chuir na hinstitiúidí (an Coimisiún Eorpach, an Banc Ceannais Eorpach, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus an Sásra Cobhsaíochta Eorpach) an Grúpa Euro ar an eolas faoin dul chun cinn i dtaca leis an tríú hathbhreithniú ar chlár coigeartaithe maicreacnamaíoch na Gréige atá ar bun faoi láthair. Ar an 2 Nollaig, tháinig údaráis na Gréige agus na hinstitiúidí ar chomhaontú, ar leibhéal na foirne, maidir le coinníollacht bheartais. Cuirfear an bhéim anois ar chur chun feidhme na réamhghníomhaíochtaí riachtanacha ag na húdaráis.

Plé téamach ar fhás agus ar phoist: ding cánach ar shaothar

Lean na hairí den phlé maidir leis an mbealach chun an ding chánach a ghearrtar ar mhargadh an tsaothair a laghdú a thuilleadh, ar mhaithe le feabhas a chur ar an bhfás eacnamaíoch. Mheas siad an dul chun cinn i dtreo an tagarmhairc a chomhaontaigh an Grúpa Euro in 2015 trí na bearta atá tuartha i bpleananna buiséadacha 2018 don limistéar euro agus do na Ballstáit a scrúdú.

Clár oibre an Ghrúpa Euro

Ghlac an Grúpa Euro a chlár oibre don chéad seimeastar de 2018.

Cruinniú i bhformáid fhadaithe

An tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA) a dhoimhniú

Lean na hairí den ullmhúchán le haghaidh Chruinniú Mullaigh an Limistéir Euro ar an 15 Nollaig, ina ndéanfar plé ar ábhair a bhaineann le doimhniú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA) agus le tabhairt chun críche an aontais baincéireachta.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025