- An Grúpa Euro
An Grúpa Euro, 06/11/2017, 6 Samhain 2017
Na príomhthorthaí
Tionóladh cruinniú an Ghrúpa Euro in dhá fhormáid: gnáthchruinniú d’airí an limistéir euro a bhí sa chéad chuid agus ba é a bhí sa dara cuid cruinniú d’airí as 27 mBallstát de chuid an Aontais agus é mar aidhm acu Cruinniú Mullaigh mhí na Nollag a ullmhú.
D’fhógair an tUachtarán Tusk, i mí Mheán Fómhair, go dtionólfaí an Cruinniú Mullaigh Euro, a meastar go bpléifear cúrsaí a bhaineann leis an aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta (AEA) lena linn, i bhformáid chuimsitheach. Áirítear air sin, Ballstáit an limistéir euro agus Ballstáit nach bhfuil sa limistéar euro ach a shínigh an Conradh ar chobhsaíocht, ar chomhordú agus ar rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (TSCG). Fuair Poblacht na Seice agus an Chróit cuireadh mar bhreathnóirí.
Cruinniú i bhformáid an limistéir euro
An t-aontas baincéireachta - gnéithe a bhaineann leis an limistéar euro
Chuir Cathaoirleach Bhord Maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh, Danièle Nouy, forléargas i láthair ar ghníomhaíochtaí bord maoirseachta BCE ó mhí Aibreáin 2017 i leith.
Thug an tUasal Nouy forléargas ar an obair maoirseachta a rinneadh le déanaí agus leag sí béim ar an aguisín a cuireadh le déanaí le Treoir mhí an Mhárta 2017 BCE do na bainc maidir le hiasachtaí neamhthuillmheacha, rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le Brexit agus príomhghníomhaíochtaí eile amhail tástálacha struis maoirseachta.
Déantar gníomhaíochtaí bhord maoirseachta BCE a chur i láthair ag an nGrúpa Euro dhá uair sa bhliain.
Chuir Cathaoirleach an Bhoird Réitigh Aonair (BRA), Elke König, an Grúpa Euro ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí BRA le roinnt míonna anuas: an dul chun cinn atá déanta maidir le pleanáil réitigh agus leis na tosaíochtaí sa réimse sin, cur chun feidhme na gceanglas íosta le haghaidh cistí dílse agus dliteanas incháilithe agus stádas fhorbairt an chiste réitigh aonair.
Plé téamach ar an bhfás agus ar phoist: infheistíocht i gcaipiteal daonna
Rinne na hairí cleachtais náisiúnta maidir le hinfheistíocht phoiblí i gcaipiteal daonna a mhalartú, go mór mór, caiteachas éifeachtúil ar chóraisoideachais.
Tá baint ag an bplé sin leis na comhphrionsabail chun an infheistíocht a chur chun cinn, ar tháinig an Grúpa Euro ar chomhaontú fúthu i mí Aibreáin 2017. De réir ceann de na prionsabail sin, ní mór don limistéar euro a áirithiú go ndéanfar infheistíocht phoiblí ardcháilíochta sa limistéar chun borradh a chur faoin bhfás dlútheolais, inbhuanaithe.
Tá baint ag an díospóireacht freisin le plé an Ghrúpa Euro faoi cháilíocht an airgeadais phoiblí agus na n-athbhreithnithe caiteachais.
Meastar go leanfaidh na hairí ar aghaidh leis an díospóireacht go luath sa bhliain 2018.
- Nóta ón gCoimisiún: Infheistíocht i gcaipiteal daonna
- Ráiteas ón nGrúpa Euro maidir le comhphrionsabail chun infheistíocht a chur chun cinn (preaseisiúint)
- Ráiteas ón nGrúpa Euro - plé téamach ar an bhfás agus ar phoist: comhphrionsabail chun leithdháileadh caiteachais a fheabhsú (preaseisiúint)
An Ghréig
Chuir na hinstitiúidí (an Coimisiún Eorpach, an Banc Ceannais Eorpach, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus an Sásra Cobhsaíochta Eorpach) an Grúpa Euro ar an eolas, i mbeagán focal, faoi na cainteanna cuiditheacha a bhí acu go dtí seo le húdaráis na Gréige i gcomhthéacs an tríú athbhreithniú ar chlár coigeartaithe maicreacnamaíoch na Gréige atá ar bun faoi láthair.
Meastar go bpléifidh an Grúpa Euro an tríú athbhreithniú ar bhonn níos mionsonraithe ag an gcruinniú a bheidh aige ar an 4 Nollaig 2017.
Uachtaránacht an Ghrúpa Euro
Thug an tUachtarán atá in oifig, Jeroen Dijsselbloem, breac-chuntas ar an bpróiseas atá beartaithe chun Uachtarán nua an Ghrúpa Euro a thoghadh. Beidh airí a bhfuil suim acu in ann a n-iarrthóireacht a chur ar aghaidh níos déanaí i mí na Samhna. Tá an Grúpa Euro le huachtarán nua a thoghadh ag an gcruinniú a bheidh aige ar an 4 Nollaig 2017.
Cruinniú i bhformáid oscailte chuimsitheach
Bailchríoch a chur ar an aontas baincéireachta
Phléigh airí as 27 mBallstát de chuid an Aontais na céimeanna a fhéadfaí a ghlacadh i dtreo bailchríoch a chur ar an aontas baincéireachta. Thíolaic an Coimisiún na príomhghnéithe a bhain leis an teachtaireacht uaidh le déanaí ar an ábhar.
I mí an Mheithimh 2016, chuir an Chomhairle i gcrích treochlár chun an t-aontas baincéireacht a chomhlánú. I mí an Mheithimh 2017, thíolaic Uachtaránacht na Comhairle tuarascáil ar dhul chun cinn maidir leis an obair leanúnach atá ar bun ar na bearta chun an t-aontas baincéireacht a neartú agus chun na rioscaí a laghdú in earnáil na baincéireachta.
- Teachtaireacht ón gCoimisiún: Bailchríoch a chur ar an aontas baincéireachta
- Bearta breise maidir leis an aontas baincéireachta: rioscaí a laghdú agus taiscí a chosaint (faisnéis chúlra)
Acmhainn bhuiséadach agus rialacha fioscacha do AEA
Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis an rialachas fioscach sa limistéar euro amach anseo, lena n-áirítear na saincheisteanna a bhaineann leis na rialacha fioscacha agus le smaointe maidir le hionstraimí féideartha nua um beartas fioscach sa limistéar euro.
Comhaid na gcruinnithe
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President
- +32 478 83 26 64
- +32 2 281 75 32
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EUROGROUP
Cruinnithe eile: An Grúpa Euro
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025