Skip to content
  • An Grúpa Euro

Físchomhdháil an Ghrúpa Euro, 15 Feabhra 2021

Na príomhthorthaí

Forbairtí maicreacnamaíocha agus ionchais bheartais sa limistéar euro

Bhí malartú tuairimí ag an nGrúpa Euro faoi fhorbairtí maicreacnamaíocha agus ionchais bheartais sa limistéar euro.

Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
I bhfianaise na héiginnteachta agus an dúshláin atá romhainn, ní mór ár n-iarrachtaí airgeadaíochta agus buiséadacha a chomhordú i gcónaí. Ó thaobh an Ghrúpa Euro de, tá sé tábhachtach go dtabharfaimis aghaidh ar ullmhúcháin náisiúnta bhuiséadacha ar bhealach comhordaithe chun cabhrú linn ár gcinntí beartais a mhúnlú, go háirithe agus dlús á chur le próiseas an vacsaínithe agus tús á chur leis an téarnamh de réir a chéile.
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro

Bhí an plé bunaithe ar Réamhaisnéis Gheimhridh an Choimisiúin do 2021, agus ar an bhfaisnéis is déanaí faoi fhorbairtí sláinte, agus í curtha i láthair ag Michael Ryan, Stiúrthóir Feidhmiúcháin na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) ar a Clár Éigeandálaí Sláinte, agus ag Bruce Aylward, Comhairleoir Sinsearach atá freagrach as Misean Comhpháirteach EDS-na Síne maidir le COVID-19.

Nuair a thosóimid ag teacht as an ngéarchéim sláinte, beidh orainn ár bhfreagairt beartais a oiriúnú, agus sin a dhéanamh de réir a chéile – sin rud a phléifimid go rialta sna míonna amach romhainn mar gurb é leas an uile dhuine an fás a chothú arís ar bhealach rathúil aontaithe. Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro

Ról idirnáisiúnta an euro

Phléigh na hairí ról idirnáisiúnta an euro. Bhí an plé seo ag teacht sna sála ar an treoir ó Chruinniú Mullaigh Euro mhí na Nollag 2020, agus ar fhoilsiú na teachtaireachta ón gCoimisiún Eorpach an 19 Eanáir 2021 dar teideal The European economic and financial system: fostering strength and resilience [Córas eacnamaíoch agus airgeadais na hEorpa: an neart agus an teacht aniar a chothú].

Is é an aidhm atá ann ár spleáchas ar airgeadraí eile a laghdú, agus ár n-uathriail a neartú i gcásanna éagsúla. Ag an am céanna, agus méadú ar úsáid idirnáisiúnta ár n-airgeadra i gceist, tugtar le tuiscint go bhféadfadh comhbhabhtáil a bheith i gceist, rud a leanfaimid d'fhaireachán a dhéanamh air. Le linn an phlé, leag na hairí béim freisin ar an acmhainneacht a bhaineann le bannaí glasa a eisiúint chun feabhas a chur ar an úsáid a bhaineann na margaí as an euro, agus chun cuidiú lenár gcuspóir um aistriú in aghaidh an athraithe aeráide a bhaint amach ag an am céanna. Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro

Tá plé déanta ag an nGrúpa Euro ar an tsaincheist roinnt uaireanta le blianta beaga anuas ó Chruinniú Mullaigh Euro mhí na Nollag 2018 nuair a iarradh go leanfaí ar aghaidh leis an obair.

Sócmhainneacht na hearnála corparáidí – an staid mar atá

Phléigh na hairí na forbairtí is déanaí maidir le sócmhainneacht na hearnála corparáidí bunaithe ar nóta a d’ullmhaigh an Coimisiún. Tá tionchar mór imeartha ag paindéim COVID-19 ar an earnáil chorparáideach, rud a thug ar rialtais bearta tacaíochta poiblí nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe a leathnú chuig an ngeilleagar.

Idir an tacaíocht atá curtha ar fáil againn ar an leibhéal náisiúnta, agus an creat a chomhaontaíomar ar an leibhéal Eorpach, táthar ag cabhrú leis an dé a choinneáil i gcuid mhór gnólachtaí le linn na dianghlasála. D’éirigh go maith leis sin ach is eol dúinn go bhféadfadh tréimhsí deacra a bheith ann amach anseo. Is cinnte go bhfuil todhchaí mhaith roimh fhormhór na ngnólachtaí, ach ar ndóigh, beidh am ag teastáil ó chuid mhaith acu chun a gcláir comhardaithe a fheabhsú. Ar an drochuair, seans nach dtiocfaidh cuid acu slán san fhadtéarma mar gheall ar an athrú atá tagtha ar chúrsaí sláinte, rud a fhágfaidh a lorg féin ar struchtúir na ngeilleagar amach anseo. Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro

Phléigh na hairí an gá atá le faireachán a dhéanamh ar an staid mar atá san earnáil chorparáideach, agus an bealach is fearr le tacaíocht den sórt sin a spriocdhíriú. Déanfar plé téamach ar chreataí dócmhainneachta i mí Aibreáin.

Nithe ilghnéitheacha

Dréachtphlean buiséadach nuashonraithe na Liotuáine

Phléigh an Grúpa Euro dréachtphlean buiséadach nuashonraithe na Liotuáine do 2021, bunaithe ar an tuairim ón gCoimisiún a eisíodh an 21 Eanáir 2021.

Tosaíochtaí beartais rialtas nua na hEastóine

Chuir an tAire Keit Pentus-Rosimannus tosaíochtaí beartais rialtas nua na hEastóine i láthair. Gnáthchleachtas den Ghrúpa Euro is ea é sin nuair a thagann rialtais nua i mbun oifige.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025