Skip to content
  • An Grúpa Euro

Físchomhdháil an Ghrúpa Euro, 18 Eanáir 2021

Na príomhthorthaí

Gnáthfhormáid

Plé téamach: Míchothromaíochtaí sa limistéar euro tar éis ghéarchéim COVID-19

Bhí plé téamach ag an nGrúpa Euro ar na míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha atá sa limistéar euro ar bhonn nóta teicniúil a d'ullmhaigh an Coimisiún Eorpach.

Phléigh na hairí a mhéid a ghéaraigh géarchéim COVID-19 ar na míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha atá ann cheana ar leibhéal an limistéir euro agus na straitéisí beartais a bhfuil gá leo chun freagairt dóibh.

Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Thíolaic an Coimisiún anailís ina léirítear an chaoi a bhfuil an baol ann go gcuirfidh géarchéim COVID-19 leis na míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha atá sa limistéar euro cheana féin. Ach, ar ndóigh, cé gur admhaíomar an baol sin, d'admhaíomar freisin le roinnt seachtainí anuas go bhfuil dul chun cinn an-dearfach déanta. (...) Tá a fhios againn fós sa Ghrúpa Euro gur gá leanúint de thacaíocht a thabhairt do theaghlaigh, d’oibrithe agus do ghnólachtaí agus iad ag tabhairt aghaidh ar na hiarmhairtí eacnamaíocha a bhaineann le srianta fada sláinte. Sa phlé a bhí againn inniu, athdhearbhaíodh an comhdhearcadh an-láidir gur gá seasamh tacúil buiséadach a choinneáil ar bun.
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro

Pleananna téarnaimh agus athléimneachta

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a ullmhú i gcomhréir leis na tosaíochtaí a comhaontaíodh sa mholadh maidir leis an limistéar euro.

Is cleachtadh gan fasach é pleananna den chineál sin a chur le chéile, agus is luachmhar go deo an rud é an t-idirphlé laistigh den Ghrúpa Euro i ndáil leis sin, ionas go mbeidh na hairí in ann a dtaithí a roinnt le chéile agus foghlaim óna chéile. Leanfaimid de chomhsheasmhacht agus comhleanúnachas a chothú idir beartais náisiúnta, úsáid na saoráide téarnaimh agus tosaíochtaí an limistéir euro. Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta
An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (Grafaic faisnéise)

An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (Grafaic faisnéise)

Formáid chuimsitheach (AE 27)

An caidreamh leis na Stáit Aontaithe sa réimse airgeadaíochta agus airgeadais

Bhí malartú tuairimí ag an nGrúpa Euro maidir leis an gcóras domhanda airgeadaíochta agus airgeadais agus go háirithe maidir leis na hionchais don chomhar trasatlantach. Tugadh cuireadh do Lawrence H. Summers, ollamh in Ollscoil Harvard agus iar-Rúnaí Státchiste na Stát Aontaithe, a léargas agus a thaithí a roinnt leis an nGrúpa Euro.

Bhí lúcháir orainn an tOllamh Summers a bheith inár measc lena léargas a roinnt linn bunaithe ar na blianta fada dá thaithí ceaptha beartas eacnamaíochta agus bainistíochta géarchéime. Chuir an ghéarchéim seo i gcuimhne dúinn go dtéann fadhbanna agus réitigh araon thar theorainneacha náisiúnta agus cúnga. Ach bhraith mé inniu an dóchas céanna ag cách sa Ghrúpa Euro go bhfeicfimid dinimic nua inár rannpháirtíocht leis na comhpháirtithe is tábhachtaí dár gcuid. Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025