Skip to content
  • An Grúpa Euro

Físchomhdháil an Ghrúpa Euro, 16 Nollaig 2020

Na príomhthorthaí

An staid mhaicreacnamaíoch

Mhalartaigh an Grúpa Euro tuairimí faoin staid eacnamaíoch sa limistéar euro.

Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Rinneamar measúnú ar an staid ina bhfuilimid anois ar bhonn na réamh-mheastachán is déanaí ón mBanc Ceannais Eorpach. Tá tionchar suntasach á imirt ag an athráig (COVID-19) ar gheilleagar na hEorpa anois agus muid ag druidim le deireadh 2020, ach nílimid ag súil go mbeidh an t-athrú sin inchurtha leis an suaitheadh a tharla mar gheall ar an gcéad ráig. Ina theannta sin, tá ár n-ionchais ag éirí níos soiléire a bhuí leis an méid atá ag titim amach ó thaobh vacsaíní de.
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro

Dréachtphleananna buiséadacha agus an staid bhuiséadach agus an t-ionchas buiséadach don limistéar euro

Phléigh an Grúpa Euro an staid bhuiséadach fhoriomlán agus na hionchais bhuiséadacha sa limistéar euro, agus rinne sé athbhreithniú ar staid eacnamaíoch agus fhioscach Bhallstáit an limistéir euro.

I mbliana, díreofar go diongbháilte ar ár mbeartais a chomhordú chun saoránaigh a chosaint ar an oiread dochair eacnamaíoch agus is féidir. D'eisíomar ráiteas inar athdhearbhaíomar go bhfuil ár ngrúpa tiomanta bearta beartais tráthúla, sealadacha agus spriocdhírithe a dhéanamh. D’athdhearbhaíomar go mbeidh beartas buiséadach tacúil á chur i bhfeidhm ag an limistéar euro i rith 2021 chun ár saoránaigh a thabhairt slán agus chun tacú leo le linn na tréimhse deacra seo. Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro

Bhí an plé bunaithe ar thuairimí an Choimisiúin faoi dhréachtphleananna buiséadacha 19 mBallstát an limistéir euro, agus ar an teachtaireacht uaidh maidir lena mheasúnú foriomlán ar na dréachtphleananna buiséadacha, rud a foilsíodh an 18 Samhain 2020.

Tá toradh an phlé sin léirithe i ráiteas ón nGrúpa Euro.

Faireachas sa limistéar euro: Moladh maidir leis an limistéar euro in 2021

Phléigh an Grúpa Euro dréachtmholadh 2021 a díríodh ar an limistéar euro i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, agus tháinig siad ar chomhaontú faoi na tosaíochtaí beartais do 2021.

Tá méid ollmhór oibre os ár gcomhair in 2020. Ach leis an bplean sin agus le cuspóir coiteann an Ghrúpa Euro, creidim gur féidir linn bheith ag tnúth le 2021 agus muinín níos mó againn gur féidir linn na dúshláin a bhí romhainn in 2020 a shárú. Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro

Formheasfaidh an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an moladh in 2021 agus, tar éis don Chomhairle Eorpach é a fhormhuiniú, glacfaidh an Chomhairle go foirmiúil é.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025