Skip to content
  • An Grúpa Euro

Físchomhdháil an Ghrúpa Euro, 16 Aibreán 2021

Na príomhthorthaí

Gnáthfhormáid

Cruinnithe idirnáisiúnta

Chuir Uachtarán an Ghrúpa Euro, Paschal Donohoe, faisnéis ar fáil don Ghrúpa Euro faoi chruinnithe earraigh Ghrúpa an Bhainc Dhomhanda agus an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta ar fhreastail sé orthu ar son an limistéir euro.

Plé téamach ar chreataí dócmhainneachta

Bhí plé téamach ag an nGrúpa Euro ar na creataí dócmhainneachta bunaithe ar nóta teicniúil a d'ullmhaigh an Coimisiún.

Tá creataí dócmhainneachta éifeachtacha éifeachtúla an-tábhachtach chun téarnamh níos gasta a bhaint amach mar aon le fás níos stóinsí agus comhtháthú níos doimhne laistigh den limistéar euro amach anseo.

An euro mar airgeadra digiteach

Rinne na hairí airgeadais a marana ar an obair atá ar bun maidir leis an euro mar airgeadra digiteach. Is ar thuarascáil ó BCE a bunaíodh an plé, tuarascáil ina dtugtar tuairisc ar thorthaí an chomhairliúcháin i dtaobh euro digiteach a seoladh an 12 Deireadh Fómhair 2020.

Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Is tionscadal tábhachtach é an euro digiteach, ní hamháin go teicniúil, ach ó thaobh na polaitíochta de freisin, agus measaim go mbeidh ról tábhachtach ag airí an Ghrúpa Euro maidir le breithniú a dhéanamh ar an gcás ar son airgeadra digiteach agus ar na gnéithe polaitiúla a ghabhann leis.
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro

Tionscnamh trédhearcachta an Ghrúpa Euro

Rinne na hairí athbhreithniú ar chleachtais reatha an Ghrúpa Euro maidir leis an trédhearcacht.

Le blianta beaga anuas, tá dul chun cinn suntasach déanta ag an nGrúpa Euro maidir le feabhas a chur ar thrédhearcacht a chuid oibre agus cur lena chur chuige i leith na cumarsáide poiblí. Déanann sé athbhreithniú ar a bheartas trédhearcachta go rialta.

Formáid chuimsitheach (AE27)

An t-aontas baincéireachta

Chuir Cathaoirleach na Meithle Ardleibhéil um Scéim Eorpach Árachais Taiscí (SEAT), Tuomas Saarenheimo, na hairí ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir le plean oibre a ullmhú ar bhonn comhthola. Plean oibre é sin a leagfar amach céim ar chéim agus a mbeidh ceangal ama ag gabháil leis maidir leis na gnéithe sin atá fós gan réiteach agus a theastaíonn chun an t-aontas baincéireachta a thabhairt chun críche. Iarradh an tuarascáil ag an gCruinniú Mullaigh Euro i mí na Nollag 2020.

Tá ár gcóras baincéireachta tar éis a athléimneacht a chruthú go dtí seo le linn ré COVID-19, a bhuí sin lenár gcomhiarrachtaí féin le deich mbliana anuas chun an t-aontas baincéireachta a fhorbairt agus a neartú go dtí seo. Mar sin, cé go bhfuil an-chuid déanta againn go dtí seo, gheall a raibh i láthair go bhfiosrófaí cé mar ab fhéidir níos mó a bhaint amach. Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025