"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Phléigh an Grúpa Euro forbairtí maicreacnamaíocha agus fioscacha sa limistéar euro agus rinne sé scrúdú ar fheidhmiú na sásraí coigeartaithe. Ghlac na hairí clár oibre an Ghrúpa Euro don dara leath de 2021 freisin agus thug siad cluas do na tuarascálacha a thug cathaoirligh Bhord Maoirseachta BCE agus an Bhoird Réitigh Aonair.
Malartú tuairimí maidir le forbairtí maicreacnamaíocha agus fioscacha
Rinne an Grúpa Euro tuairimí a mhalartú le cathaoirleach choiste ECON Pharlaimint na hEorpa, Irene Tinagli, maidir leis an staid mhaicreacnamaíoch agus fhioscach sa limistéar euro, agus beidh malartú tuairimí aige ar bhonn réamhaisnéis an earraigh ón gCoimisiún freisin.
Tá fréamhacha an téarnaimh ar fáil. Ach tuigimid freisin gurb iomaí dúshlán fós romhainn; nílimid tagtha uaidh ná baol orainn – tá lorg agus iarmhairt na paindéime seo – ar shochaí, ar shaoránaigh agus ar chláir chomhardaithe na bhfostóirí – le brath go fóill.
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Beidh an malartú sin ina chuid d’idirphlé leanúnach darb aidhm malartú faisnéise idir Parlaimint na hEorpa agus an Grúpa Euro a neartú.
Na príomhphointí ó chruinniú an Ghrúpa Euro a bhí ar siúl sa Phortaingéil an 21 Bealtaine 2021
Feidhmiú sásraí coigeartaithe sa limistéar euro – léargais ó phaindéim COVID-19
Phléigh na hairí airgeadais feidhmiú sásraí coigeartaithe sa limistéar euro, ag díriú ar phaindéim COVID-19.
I mí Mheán Fómhair 2017, chomhaontaigh an Grúpa Euro an athléimneacht eacnamaíoch a úsáid mar chreat ginearálta don phlé téamach a dhéanfar amach anseo ar an bhfás agus ar phoist. Gné thábhachtach den athléimneacht eacnamaíoch sa limistéar euro is ea na sásraí coigeartaithe agus mar chuid den sruth oibre a luaitear thuas, breathnaíonn na hairí ar na sásraí seo.
Déanfaimid pleanáil do bheartas fioscach a bhainfidh an chothromaíocht amach idir leanúint de thacaíocht a thabhairt dár bhfostóirí agus dár saoránaigh chun téarnamh inbhuanaithe a bhaint amach, ach é sin a dhéanamh freisin ar bhealach inbhuanaithe agus spriocdhírithe.
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Tuairisciú ar ghnéithe oibriúcháin an aontais baincéireachta
An tríú ceann déag d'éisteachtaí Chathaoirleach an Bhoird Maoirseachta
Chuir Andrea Enria, Cathaoirleach Bhord Maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh, an Grúpa Euro ar an eolas faoi na cúraimí maoirseachta a rinneadh ó bhí an tuarascáil dheireanach ann. Dhírigh an cathaoirleach ar rioscaí creidmheasa agus aeráide agus ar Brexit.
Foráiltear do mhalartú rialta tuairimí idir an Grúpa Euro agus cathaoirleach Bhord Maoirseachta BCE i rialachán (1024/2013) an tSásra Maoirseachta Aonair (SMA) agus sa mheabhrán tuisceana idir Comhairle an Aontais Eorpaigh agus BCE maidir leis an gcomhar i ndáil leis na nósanna imeachta a bhaineann le SMA.
Bhí an dara héisteacht déag ann i mí na Samhna 2020.
Tuairisciú ar ghníomhaíochtaí an Bhoird Réitigh Aonair le déanaí
Thug cathaoirleach an Bhoird Réitigh Aonair (BRA), Elke König, an Grúpa Euro cothrom le dáta maidir leis na gníomhaíochtaí a rinne BRA le déanaí. Dhírigh sí a haird go háirithe ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le hinréiteacht, na híoscheanglais le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI), agus maidir le carnadh an Chiste Réitigh Aonair (SRF).
Is cur i láthair rialta é seo, a dhéantar faoi dhó sa bhliain i gcomhthráth le héisteacht chathaoirleach Bhord Maoirseachta BCE.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.