Skip to content
  • An Grúpa Euro

Físchomhdháil an Ghrúpa Euro, 15 Márta 2021

Na príomhthorthaí

Gnáthfhormáid

COVID-19: tionchair earnálacha agus athruithe struchtúracha sa limistéar euro

Phléigh an Grúpa Euro tionchar na paindéime ar earnálacha éagsúla de gheilleagar an limistéir euro, chomh maith le hathruithe struchtúracha a d’fhéadfadh a bheith spreagtha aici. Is ar nóta a d’ullmhaigh an Coimisiún Eorpach a bunaíodh an plé.

Léiríodh san anailís a rinne an Coimisiún mar a imríodh tionchar ar earnálacha éagsúla ar bhealaí éagsúla agus, dá bhrí sin, go bhféadfadh a n-ionchais fáis a bheith éagsúil freisin. Tá dlús curtha ag an ngéarchéim le roinnt treochtaí atá ann cheana laistigh dár ngeilleagair, agus dá réir sin, iarrtar orainn ár n-uaillmhianta a neartú maidir leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach. Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro

Staid na himeartha maidir le bearta tacaíochta fioscacha

Ag eascairt as an teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach, ‘Bliain amháin ó thús COVID-19: freagairt an bheartais fhioscaigh’ an 3 Márta 2021, rinne na hairí airgeadais a marana ar staid na himeartha maidir le bearta tacaíochta fioscacha, agus iad ag díriú ar an straitéis agus ar an staid fhioscach sa limistéar euro. Tháinig siad ar chomhaontú faoi phríomhtheachtaireachtaí na freagartha comhordaithe fioscaí atá ar siúl faoi láthair, agus ghlac siad ráiteas.

D’aontaigh an Grúpa Euro gur gá seasamh buiséadach a choinneáil in 2021 agus in 2022, a bheidh tacúil agus a réiteoidh an bealach don téarnamh. Éascófar é sin freisin trí thacaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Táimid aontaithe, agus táimid diongbháilte inár gcuid iarrachtaí poist, gnólachtaí, agus ár saoránaigh a chosaint ag an gcéim ghéar seo de ghéarchéim leanúnach sláinte. Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro

An naoú tuarascáil faireachais fheabhsaithe faoin nGréig

Phléigh an Grúpa Euro an naoú tuarascáil faireachais fheabhsaithe faoin nGréig. Ní raibh aon bhaint ag an tuarascáil sin le cinneadh faoi bhearta fiachais atá ag brath ar bheartais.

Le tuairisciú ráithiúil, is féidir dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an staid eacnamaíoch, fhioscach agus airgeadais, agus ar an dul chun cinn maidir leis na gealltanais bheartais iarchláir, a comhaontaíodh i nGrúpa Euro an 22 Meitheamh 2018.

Na hullmhúcháin do chruinnithe idirnáisiúnta

Rinne an Grúpa Euro a marana ar na forbairtí i ndáil leis an ráta malairte le cúpla mí anuas i bhfianaise na gcruinnithe earraigh a bheidh ag Grúpa an Bhainc Dhomhanda agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta ón 5 go dtí an 11 Aibreán 2021.

Bíonn forbairtí ar an ráta malairte ar chlár oibre an Ghrúpa Euro go rialta, go háirithe roimh chruinnithe idirnáisiúnta.

Formáid chuimsitheach (AE27)

Bhí malartú tuairimí ag na hairí faoi ról idirnáisiúnta an euro mar ullmhúchán do Chruinniú Mullaigh an Euro an 26 Márta 2021.

Níl sé mar chuspóir againn dul san iomaíocht le hairgeadraí eile, ach leas a bhaint as na tairbhí a bhaineann leis an airgeadra luachmhar idirnáisiúnta atá againn san euro. Ós amhlaidh atá, leagamar béim ar an tábhacht a bhaineann le geilleagar láidir, le margaí airgeadais comhtháite agus le córais íocaíochta chomhtháite, agus leis an obair chun maoiniú glas digiteach a fhorbairt agus a chur ar fáil. Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Forléargas ar bhearta an Aontais chun tionchar na paindéime a mhaolú
Tionchar eacnamaíoch ghéarchéim COVID-19 a mhaolú (Grafaic faisnéise)

Tionchar eacnamaíoch ghéarchéim COVID-19 a mhaolú (Grafaic faisnéise)

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025