Skip to content
  • An Grúpa Euro

Físchomhdháil an Ghrúpa Euro, 30 Samhain 2020

Na príomhthorthaí

Formáid chuimsitheach

Athchóiriú ar an Sásra Cobhsaíochta Eorpaigh (SCE)

D'aontaigh an Grúpa Euro leanúint ar aghaidh leis an athchóiriú ar an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE): conradh athbhreithnithe SCE a shíniú agus a dhaingniú a sheoladh.

Leis na coigeartuithe a d'aontaíomar, forbrófar sraith uirlisí SCE a thuilleadh. Rachaimid ar aghaidh le síniú an Chonartha i mí Eanáir agus seolfaimid na nósanna imeachta lena ndaingniú ar an leibhéal náisiúnta. Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro

I measc nithe eile, bunaítear leis an athchóiriú cúlstop coiteann don Chiste Réitigh Aonair (SRF) i bhfoirm líne chreidmheasa ó SCE. Tháinig na hairí ar chomhaontú freisin faoin gcúlstop coiteann a thabhairt isteach go luath faoi thús na bliana 2022.

Is rogha dheiridh é an cúlstop, agus líontán sábhála breise atá ar fáil dúinn i gcás ina mbeadh sé de dhíth orainn. Treiseoidh sé agus comhlánóidh sé colún réitigh an aontais baincéireachta agus cuideoidh sé lena chinntiú nach ndéanfaidh cliseadh bainc dochar don gheilleagar i gcoitinne agus nach mbeidh sé ina chúis le héagobhsaíocht airgeadais. Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro

Ráiteas eisithe ag an nGrúpa Euro.

Na príomhathruithe atá tugtha isteach ag an athchóiriú ar SCE.
Athchóiriú ar an Sásra Cobhsaíochta Eorpaigh (SCE) (Grafaic faisnéise)

Athchóiriú ar an Sásra Cobhsaíochta Eorpaigh (SCE) (Grafaic faisnéise)

An t-aontas baincéireachta

Chuir Cathaoirleach na Meithle Ardleibhéil um SEÁT – Scéim Eorpach Árachais Taiscí – na hairí ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir leis an aontas baincéireachta a neartú a thuilleadh.

Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Bhreathnaíomar ar an dul chun cinn seasta atá á dhéanamh sa Mheitheal Ardleibhéil i ndáil le gnéithe eile den aontas baincéireachta. Anois agus sinn tagtha ar chomhaontú faoi athchóiriú SCE, táimid in ann bogadh chun tosaigh i réimsí eile.
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro

Ullmhúchán do Chruinniú Mullaigh Euro mhí na Nollag

D'ullmhaigh an Grúpa Euro an Cruinniú Mullaigh Euro a bheidh ar siúl an 11 Nollaig 2020. Tuairisceoidh Uachtarán an Ghrúpa Euro, Paschal Donohoe, don Chruinniú Mullaigh Euro faoi dhul chun cinn an aontais baincéireachta.

Gnáthfhormáid

An Ghréig: bearta fiachais a scaoileadh atá teagmhasach le beartas

Phléigh an Grúpa Euro an t-ochtú tuarascáil faireachais fheabhsaithe faoin nGréig agus dhearbhaigh sé seoladh an cheathrú tráinse de bhearta fiachais atá teagmhasach le beartas.

I gcás na Gréige, mar thoradh ar an measúnú an-dearfach, d'aontaíomar gur cheart an chéad tráinse eile de bhearta fiachais atá teagmhasach le beartas a fhormheas, agus gur fiú 767 milliún euro é. Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro

Ráiteas eisithe ag an nGrúpa Euro.

Faireachas iarchláir

Thíolaic an Coimisiún Eorpach agus an Banc Ceannais Eorpach (BCE) príomhthorthaí na dtuarascálacha faireachais iarchláir faoi na Ballstáit a leanas:

  • An Chipir (an naoú tuarascáil faireachais)
  • An Phortaingéil (an 12ú tuarascáil faireachais)
  • Éire (an 13ú tuarascáil faireachais)
  • An Spáinn (an 14ú tuarascáil faireachais)

Tosaíonn an faireachas iarchláir go huathoibríoch tar éis dheireadh na gclár cúnaimh airgeadais agus leanann sé ar aghaidh go dtí go n-aisíoctar 75% ar a laghad den chúnamh airgeadais sin a fuarthas. Tarlaíonn tuairisciú faireachais iarchláir go débhliantúil.

Athbhreithniú CAI faoi Airteagal IV ar an limistéar euro

Thíolaic stiúrthóir bainistíochta an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI), Kristalina Georgieva, toradh mhisean CAI faoi Airteagal IV chuig an limistéar euro. Cleachtadh rialta is ea é an t-athbhreithniú faoi Airteagal IV ar an limistéar euro ina ndéanann CAI athbhreithniú ar fhorbairtí eacnamaíocha, ina dtéann sé i gcomhairle le lucht ceaptha beartais an limistéir euro agus ina dtugann sé comhairle spriocdhírithe faoi bheartas.

Dréacht-phleananna buiséadacha do 2021

Thíolaic an Coimisiún a thuairimí maidir le dréachtphleananna buiséadacha Bhallstáit an limistéir euro do 2021 agus a theachtaireacht maidir lena mheasúnú foriomlán ar na dréachtphleananna buiséadacha, a foilsíodh an 18 Samhain 2020. Bhí malartú tuairimí tosaigh ag an nGrúpa Euro ar an mbonn sin.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025