Skip to content
  • An Grúpa Euro

An Grúpa Euro, 17 Meitheamh 2021

Na príomhthorthaí

Gnáthfhormáid

Faireachas iarchláir

Chuir an Coimisiún Eorpach agus an Banc Ceannais Eorpach (BCE) an Grúpa Euro ar an eolas faoi phríomhthorthaí na dtuarascálacha faireachais iarchláir leis an gCipir, an bPortaingéil, Éire agus an Spáinn.

Tosaíonn an faireachas iarchláir go huathoibríoch tar éis dheireadh na gclár cúnaimh airgeadais agus leanann ar aghaidh nó go mbíonn 75 % ar a laghad den chúnamh airgeadais sin a fuarthas íoctha ar ais. Faoi dhó sa bhliain a ullmhaítear na tuarascálacha faireachais iarchláir.

Príomhphointí ó chruinniú an Ghrúpa Euro a bhí ar siúl ar an 17 Meitheamh 2021 i Lucsamburg

An Ghréig: an deichiú tuarascáil faireachais fheabhsaithe agus bearta fiachais atá teagmhasach le beartas

Bhí malartú tuairimí ag na hairí faoin deichiú tuarascáil faireachais fheabhsaithe maidir leis an nGréig, lena n-áirítear cé acu atá nó nach bhfuil na coinníollacha riachtanacha i bhfeidhm chun eisiúint an cúigiú tráinse de bhearta fiachais atá teagmhasach ó thaobh beartais de a dheimhniú.

Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
I ngeall ar an measúnú dearfach a rinne na hinstitiúidí ar chás na Gréige, d'aontaíomar gur cheart an chéad tráinse eile de bhearta beartastheagmhasacha fiachais, dar luach 748 milliún euro, a fhormheas.
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro

Ba dhíol sásaimh don Ghrúpa Euro an measúnú a rinne na hinstitiúidí Eorpacha gur chomhlíon an Ghréig na coinníollacha is gá chun go n-eiseofaí an cúigiú tráinse de bhearta beartastheagmhasacha fiachais, dar luach 748 milliún euro. D’eisigh an Grúpa Euro ráiteas ina raibh na sonraí teicniúla.

I Lúnasa na bliana 2018 a tháinig an creat feabhsaithe faireachais don Ghréig i bhfeidhm, tar éis don Ghréig a clár Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE) a chur i gcrích go rathúil.

A bhuí leis an tuairisciú ráithiúla faireachais fheabhsaithe, is féidir grinnfhaireachán a dhéanamh ar an staid eacnamaíoch, fhioscach agus airgeadais sa tír agus na gealltanais bheartais iarchláir a chur chun feidhme, mar a chomhaontaigh an Grúpa Euro i mí an Mheithimh 2018 iad.

Misean eatramhach faoi Airteagal IV chuig an limistéar Euro de chuid an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta

Chuir an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) i láthair toradh na cuairte eatramhaí foirne i gcomhthéacs an fhaireachais a dhéanfaidh sé faoi Airteagal IV ar an limistéar euro. Beidh a thimthriall faireachais curtha i gcrích ag CAI faoi dheireadh na bliana.

Is cleachtadh rialta é an t-athbhreithniú ina ndéanann CAI measúnú ar fhorbairtí eacnamaíocha, ina dtéann sé i gcomhairle le lucht ceaptha beartais an limistéir euro, agus ina gcuirtear comhairle beartais spriocdhírithe ar fáil.

Feidhmiú an tSásra Ráta Malairte II

Aithnítear de bharr phlé an lae inniu na hathchóirithe tábhachtacha eacnamaíocha atá déanta cheana ag an mBulgáir agus ag an gCróit, agus a tharraingtí atá an euro anois agus i gcónaí mar chomhartha intadhaill ar aontacht, rathúnas agus dlúthpháirtíocht na hEorpa. Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro

Phléigh na hairí feidhmiú an tSásra Ráta Malairte II (ERM II). Cuireadh lev na Bulgáire agus kuna na Cróite san áireamh in ERM II an 10 Iúil 2020, agus chuir an Bhulgáir agus an Chróit nuashonrú ar fáil maidir le cur chun feidhme na n-athchóirithe a gheall údaráis an dá Bhallstát sin nuair a cuireadh tús lena rannpháirtíocht in ERM II.

Formáid chuimsitheach (AE27)

Bailchríoch a chur ar an aontas baincéireachta

Is é an sainordú a fuair mé ó na Ceannairí agus a leag mé síos dom féin teacht ar chomhaontú maidir le plean oibre inchreidte, uaillmhianach a spreagfaidh gníomhaíocht. Leis an meon sin a fhillfimid níos faide anonn sa bhliain ar ár gcuid oibre ar an Aontas Baincéireachta. Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro

Mar a fhoráiltear sa Chonradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas (TSCG), d’ullmhaigh an Grúpa Euro an Cruinniú Mullaigh Euro (an 25 Meitheamh 2021).

Sa chomhthéacs sin, chuir cathaoirleach na meithle ardleibhéil airí na 27 mBallstát ar an eolas faoin dul chun cinn a rinneadh maidir le plean oibre a ullmhú faoi na gnéithe sin go léir atá fós gan réiteach chun an t-aontas baincéireachta a thabhairt chun críche, mar a iarradh ag an gcruinniú mullaigh Euro a bhí ar siúl i mí na Nollag 2020.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025