- An Grúpa Euro
An Grúpa Euro, 12 Iúil 2021
Na príomhthorthaí
An Grúpa Euro i bhformáid chuimsitheach (14.00)
Beartais eacnamaíocha agus airgeadais
Bhí malartú tuairimí ag na hairí airgeadais le Rúnaí Státchiste na Stát Aontaithe, Janet Yellen maidir le gné idirnáisiúnta na mbeartas eacnamaíoch agus airgeadais sa limistéar euro. Díríodh sa phlé ar an téarnamh eacnamaíoch agus ar shaincheisteanna baincéireachta agus cobhsaíochta airgeadais.
Bhí plé leathan fónta againn le Rúnaí Státchiste na Stát Aontaithe, Janet Yellen. Thugamar aghaidh ar na dúshláin atá os comhair an geilleagair dhomhanda, ag tosú lenár gcomhrac le COVID-19. Phléamar an chaoi a bhfuil tionchar á imirt ar ár ngnólachtaí agus ar ár n-oibrithe de dheasca an ghalair seo ar dhá thaobh an Atlantaigh agus conas is féidir ár gcláir oibre a ailíniú go hiomlán agus sinn ag déileáil leis an ngéarchéim seo. Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
An t-aontas baincéireachta
Chuir Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro, na hairí ar an eolas faoi chruinniú mullaigh Euro mhí an Mheithimh, ag díriú go háirithe ar an bplé maidir leis an aontas baincéireachta, d’fhonn an obair atá le déanamh a ullmhú.
Tionchar eacnamaíoch ghéarchéim COVID-19 a mhaolú (Grafaic faisnéise)
An Grúpa Euro (16.15)
Seasamh fioscach an limistéir euro
Phléigh na hairí an staid bhuiséadach agus na hionchais bhuiséadacha sa limistéar euro ina iomláine, agus díríodh ar ionchais na bliana 2022. Tugadh cuireadh do chathaoirleach an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh, Niels Thygesen, freastal ar an gcruinniú sin agus chuir sé an tuarascáil ón mBord Fioscach Eorpach a foilsíodh le déanaí i láthair.
Is í an phríomhcheist don limistéar euro conas ár mbeartas buiséadach a choigeartú chun go mbeidh sé ina ‘ghnáthbheartas’ arís. Tá athrú ag teacht de réir a chéile ar an mbéim a leagtar sna bearta ó thacaíocht éigeandála go tacaíocht don téarnamh. Ní mór dúinn lúfaireacht a choimeád sa bheartas amach anseo. Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Ina theannta sin, chuir an Coimisiún Eorpach a mheasúnú bunaithe ar a anailís ar chláir chobhsaíochta 2021 i láthair. Cuireadh an plé sin san áireamh agus na dréachtphleananna buiséadacha agus na moltaí don limistéar euro do 2022 á n-ullmhú.
Bíonn staid bhuiséadach agus ionchais bhuiséadacha sa limistéar euro ina n-iomláine á bplé go rialta ag an nGrúpa Euro, faoi chuimsiú an mheasúnaithe ar dhréachtphleananna buiséadacha a chuireann na Ballstáit sa limistéar euro i dtoll a chéile.
An euro mar airgeadra digiteach: staid na himeartha
Phléigh na hairí airgeadais na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag euro digiteach ar shaoránaigh, ar ghnólachtaí agus ar an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta ina iomláine. Dhírigh siad ar a ghné pholaitiúil, agus róil agus sainorduithe na n-institiúidí uile lena mbaineann á n-urramú go hiomlán acu.
Sna míonna amach romhainn, féachfaidh an Grúpa Euro ar na gnéithe polaitiúla éagsúla a bhaineann le dearadh agus tionchar an euro dhigitigh, go háirithe ó thaobh an phríobháideachais, na hiomaíochta, na nuálaíochta nó na cuimsitheachta de. Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Phléigh an Grúpa Euro an euro mar airgeadra digiteach i mí na Samhna 2020 tar éis fhoilsiú thuarascáil an Eurochórais maidir leis an euro digiteach. Rinne siad amhlaidh arís i mí Aibreáin 2021 nuair a cuireadh torthaí an chomhairliúcháin phoiblí a sheol an Banc Ceannais Eorpach i láthair. I mí an Mhárta 2021, d’iarr an Cruinniú Mullaigh Euro go dtabharfaí obair chun cinn chun a fhiosrú an bhféadfaí euro digiteach a sheoladh.
Tuilleadh eolais:
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President
- +32 478 83 26 64
- +32 2 281 75 32
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EUROGROUP
Cruinnithe eile: An Grúpa Euro
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025