Skip to content
  • An Grúpa Euro

An Grúpa Euro, 13 Feabhra 2023

Na príomhthorthaí

Na forbairtí is déanaí sna margaí fuinnimh

Phléigh an Grúpa Euro na forbairtí is déanaí sna margaí fuinnimh, tar éis éisteacht le cur i láthair ó stiúrthóir Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) maidir leis na forbairtí is déanaí sa mhargadh fuinnimh. Cuirfidh an malartú tuairimí ionchur luachmhar ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar na dúshláin a bhaineann leis an mbeartas fioscach a bheidh ann amach anseo.

I gcomparáid leis an samhradh seo caite, tá laghdú suntasach tagtha ar phraghsanna fuinnimh agus níor tháinig na réamhaisnéisí is duairce chun cinn. Tá na forbairtí maidir le héileamh agus stóráil ina ndíol sásaimh, ach ní mór dúinn leanúint lenár n-iarrachtaí ár bhfoinsí fuinnimh a éagsúlú agus ídiú fuinnimh a laghdú. Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro

Plé téamach – margaí saothair an limistéir euro: na forbairtí is déanaí agus na dúshláin atá romhainn

Bunaithe ar nóta ó sheirbhísí an Choimisiúin, mhalartaigh an Grúpa Euro tuairimí maidir lena bhfuil ag titim amach i margaí saothair an limistéir euro le blianta beaga anuas. Ina theannta sin, phléigh na hairí dúshláin bheartais i gcomhthéacs reatha an bhoilscithe ard agus na n-athruithe fadtéarmacha atá nasctha le déimeagrafaic, leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach.

Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Tá a fhios againn an teacht aniar an-láidir atá léirithe ag margaí saothair an limistéir euro le blianta beaga anuas, in ainneoin na ngéarchéimeanna iomadúla a bhí againn. Bhí an ráta dífhostaíochta níos ísle ná riamh i mí na Samhna. Cé gur dócha go mbeidh an bhliain seo níos dúshlánaí, is féidir linn a bheith dearfach faoin mbunsraith eacnamaíoch sin. Tá borradh ollmhór faoin bhfostaíocht sa limistéar euro le blianta beaga anuas.
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro

Forbairtí maicreacnamaíocha agus airgeadais, agus comhordú beartais sa limistéar euro

I bhfianaise an dá phlé a rinneadh roimhe seo, rinne an Grúpa Euro a mharana ar fhorbairtí agus ionchais mhaicreacnamaíocha agus airgeadais, agus réamhaisnéis gheimhridh an Choimisiúin á cur san áireamh. I bhfianaise an phlé dhomhain ar threoshuímh an bheartais fhioscaigh a thiocfaidh chun cinn i mí an Mhárta, rinne na hairí a machnamh ar na himpleachtaí do chomhordú beartais a dhéanfar sa limistéar euro amach anseo.

Cé go bhfuil an t-ionchas eacnamaíoch dúshlánach i gcónaí, tá geilleagar an limistéir euro ag dul tríd an ngeimhreadh seo agus cruth i bhfad níos fearr air ná mar ceapadh ar dtús. Ní mór dúinn féachaint ar leibhéal tacaíochta buiséadaí a bheith i bhfeidhm a léiríonn athruithe a bhfuil súil againn leo maidir le praghas an fhuinnimh agus leibhéal ginearálta an bhoilscithe. Tá sé sin tábhachtach chun an costas buiséadach foriomlán a laghdú agus chun staid fhioscach iomchuí a bhaint amach agus, ag an am céanna, na daoine is leochailí a chosaint agus dreasachtaí a choinneáil don aistriú glas. Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Príomhphointí ó chruinniú an Ghrúpa Euro a bhí ar siúl an 13 Feabhra 2023 sa Bhruiséil

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025