"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Príomhphointí ó chruinniú an Ghrúpa Euro a bhí ar siúl an 13 Márta 2023, sa Bhruiséil
Forbairtí maicreacnamaíocha agus fioscacha sa limistéar euro
Rinne an Grúpa Euro a marana ar na forbairtí maicreacnamaíocha agus fioscacha sa limistéar euro agus bhí malartú tuairimí aige i ndáil leis an treoir maidir leis an mbeartas fioscach do 2023 agus 2024. An 8 Márta, ghlac an Coimisiún teachtaireacht lena dtugtar treoir do na Ballstáit maidir le riaradh agus comhordú an bheartais fhioscaigh in 2024.
Ghlac an Grúpa Euro ráiteas i ndáil leis an treoir maidir leis an mbeartas fioscach.
Chomhaontaíomar gur cheart é a bheith mar aidhm le beartais fhioscacha inbhuanaitheacht fiachais a chinntiú sa mheántéarma agus, ag an am céanna, acmhainneacht fáis a fhorbairt ar bhealach inbhuanaithe. D’aithníomar gur gá aghaidh a thabhairt ar an aistriú glas agus ar an aistriú digiteach, ach chuireamar comharthaí tábhachtacha amach maidir le ceapadh na mbeart buiséadach agus an gá atá le bearta méadaithe easnaimh bhuain a sheachaint mar ghné thábhachtach d’ullmhúchán bhuiséid na bliana seo chugainn.
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Na hullmhúcháin i gcomhair cruinnithe idirnáisiúnta
Phléigh na hairí na saincheisteanna tábhachtacha maidir le comhordú an bheartais eacnamaíoch dhomhanda mar ullmhúchán do chruinnithe earraigh Ghrúpa an Bhainc Dhomhanda agus an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta atá ar na bacáin. Bhí an gnáthmheasúnú ar fhorbairtí sa ráta malairte le roinnt míonna anuas san áireamh sa phlé.
Ina theannta sin, thug an Coimisiún cuntas ar chruinniú G7 mhí Feabhra na n-airí airgeadais agus ghobharnóirí na mbanc ceannais don Ghrúpa Euro.
Bhí malartú tuairimí ag an nGrúpa Euro maidir le forbairtí boilscithe inar cumhdaíodh príomhghnéithe a spreagann an boilsciú sa limistéar euro agus an staid i mBallstáit aonair. Rinne an plé forbairt ar nóta ó sheirbhísí an Choimisiúin, ar nóta saincheisteanna ón Ardrúnaíocht agus ar thuairimí ón mBanc Ceannas Eorpach.
Bíonn an t-ábhar seo i gceist i gcónaí sa phlé beartais a bhíonn againn, agus ba dheis é an lá inniu chun dul i ngleic le figiúirí an bhoilscithe, chun breathnú ar anailís an Choimisiúin, agus chun an raon brúnna praghsanna atá ann go fóill fiú tar éis do phraghsanna fuinnimh titim óna mbuaicleibhéil a mheas; agus thug sé deis pholaitiúil bhreise do na hairí a dtaithí a roinnt agus iad ag déileáil leis an dúshlán mór seo agus le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an dea-chleachtas.
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
D’fhill an Grúpa Euro ar na gnéithe den athbhreithniú ar an rialachas eacnamaíoch a bhaineann leis an limistéar euro, agus d’fhormhuinigh sé na codanna de na dréachtchonclúidí ón gComhairle maidir leis an athbhreithniú ar an rialachas eacnamaíoch a bhaineann leis an limistéar euro.
Ag tógáil ar an ráiteas a chomhaontaigh an Grúpa Euro an 16 Eanáir, bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le cuspóirí beartais straitéiseacha an euro dhigitigh bunaithe ar nóta saincheisteanna ón ardrúnaíocht.
Tar éis roinnt míonna de mheasúnú a dhéanamh ar dhearadh féideartha euro dhigitigh, theastaigh ó na hairí machnamh a dhéanamh ar an bpictiúr mór arís roimh thogra reachtach ón gCoimisiún agus roimh an gcinneadh ó BCE maidir le bogadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile. Thugamar dá n-aire na cúiseanna gur ardtosaíocht dár n-aontas airgeadaíochta é an euro digiteach. Baineann na saincheisteanna sin le hábhair mar roghanna na dtomhaltóirí, leas an phobail a sholáthar i bhfoirm réitigh íocaíochta uile-Eorpacha agus conas is féidir linn neamhspleáchas airgeadaíochta agus eacnamaíoch na hEorpa a chaomhnú agus a dhoimhniú. Chomh maith leis sin, d'athdhearbhaíomar go leanfaimid lenár gcuid oibre chun bonn láidir daonlathach agus polaitiúil a chur ar fáil don tionscadal sin, agus phléamar cuid de na himpleachtaí maidir le stádas dlíthairisceana a dheonú ar an euro digiteach.
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.