Skip to content
  • An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt

Físchomhdháil na n-airí oideachais, 18 Bealtaine 2020

Na príomhthorthaí

Bhí malartú tuairimí ag na hairí faoin tionchar a bheadh ag ráig COVID-19 ar an oideachas agus ar an oiliúint ar fud an Aontais, go háirithe i gcomhthéacs deireadh a bheith á chur de réir a chéile le bearta imshrianta.

Blaženka Divjak, Aire Eolaíochta agus Oideachais na Cróite
Táimid go léir ar an eolas faoina bhfuil ag déanamh buartha do na daltaí, na múinteoirí agus na tuismitheoirí, agus dá bhrí sin, táimid ag déanamh ár ndíchill cabhrú leo dul i ngleic leis na dúshláin iomadúla atá os comhair na hearnála oideachais le linn phaindéim COVID-19, lena n-áirítear ceist na scrúduithe.
Blaženka Divjak, Aire Eolaíochta agus Oideachais na Cróite
Blaženka Divjak, Aire Eolaíochta agus Oideachais na Cróite

Bhí an plé bunaithe ar cheisteanna a bhain le hathoscailt na n-institiúidí oideachais agus oiliúna, ag díriú go háirithe ar ghnéithe eagrúcháin agus sábháilteachta, agus ar an staid mar atá maidir le scrúduithe fágála scoile agus glacadh le mic léinn san ardoideachas. Ina theannta sin, rinne na hairí machnamh ar an mbealach ina bhféadfar, le comhar na mBallstát, leanúint den tsoghluaisteacht foghlama trasteorann a éascú.

Agus iad ag malartú tuairimí, roinn na hairí eolas faoi chineálacha éagsúla cur chuige náisiúnta i ndáil leis an méid seo a leanas:

  • céimeanna agus uainiú institiúidí oideachais agus oiliúna a athoscailt
  • bearta sláinteachais, sláintíochta agus eagrúcháin
  • scrúduithe deiridh agus glacadh le mic léinn san ardoideachas a eagrú
  • coinníollacha maidir le staidéar a atosú ón gcéad bhliain acadúil eile
  • soghluaisteacht foghlama ar fud an Aontais

Deis a bhí sa phlé freisin cur leis an obair ar na dréacht-Chonclúidí ón gComhairle maidir le dul i ngleic le géarchéim COVID-19 ó thaobh an oideachais agus na hoiliúna de.

Thairis sin, chuir Uachtaránacht na Cróite na Ballstáit ar an eolas faoin staid mar atá i ndáil le glacadh na ndréacht-Chonclúidí ón gComhairle faoi mhúinteoirí agus oiliúnóirí Eorpacha na todhchaí.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025