"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt
Físchomhdháil na n-airí spóirt, 2 Meitheamh 2020
Na príomhthorthaí
An Spórt
Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis na chéad chéimeanna eile chun aghaidh a thabhairt ar thionchar phaindéim COVID-19 ar earnáil an spóirt sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Ba é aidhm an phlé cur le téarnamh na hearnála agus an teacht aniar a chothú i bhfianaise forbairtí dothuartha amach anseo.
Ar na hábhair seo a leanas a bunaíodh an plé :
bearta a glacadh nó atá beartaithe chun gníomhaíochtaí spóirt a atosú ar bhealach inbhuanaithe
na príomhdhúshláin is mó a tháinig i gceist
an comhar idir na Ballstáit, an tAontas agus an ghluaiseacht spóirt a neartú
an cineál tacaíochta atá ar fáil faoi láthair d’earnáil an spóirt ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta
Ba cheart béim ar leith a leagan ar fhilleadh sábháilte lúthchleasaithe agus saoránach ar ghníomhaíochtaí spóirt agus ar imeachtaí spóirt a chur ar bun an athuair gan an tsláinte phoiblí a chur i mbaol. Ní mór freisin leanúint den idirphlé leis an ngluaiseacht spóirt ar gach leibhéal a neartú – ón leibhéal áitiúil go dtí an leibhéal idirnáisiúnta – chun aghaidh a thabhairt go comhpháirteach ar choigeartuithe fadtéarmacha ar athruithe a tháinig chun cinn mar thoradh ar an ngéarchéim seo.
Tomislav Družak, Státrúnaí
D’aontaigh na hairí gur cheart go gcuirfí na gníomhaíochtaí spóirt uile ar bun arís faoi dhálaí sábháilte agus leag siad béim ar thábhacht eacnamaíoch agus shóisialta earnáil an spóirt. Mhalartaigh siad dea-chleachtais agus leag siad béim ar roinnt pointí, go háirithe:
cistí agus cláir de chuid an Aontais a úsáid chun tacú le hearnáil an spóirt, go háirithe Tionscnamh Infheistíochta Erasmus+ mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas agus seachtain Eorpach an spóirt
aitheantas a thabhairt don ról atá ag an spórt agus a thábhachtaí atá sé don fhorbairt shóisialta agus eacnamaíoch i mbearta agus in ionstraimí an Aontais amach anseo
nósanna imeachta a chomhordú leis na heagraíochtaí Eorpacha spóirt d’fhonn gníomhaíochtaí spóirt a atosú go sábháilte
idirphlé leanúnach a chinntiú leis an ngluaiseacht spóirt
treoirlínte a eisiúint maidir le gníomhaíochtaí spóirt a chur ar bun faoi dhálaí sábháilte ar gach leibhéal
tacaíocht bhreise a chur ar fáil chun poist a chaomhnú, caillteanas pá a chúiteamh agus scéimeanna sochar dífhostaíochta a chur chun feidhme
Ghabh Uachtaránacht na Cróite buíochas leis na Ballstáit as a gcomhar agus as an méid a rinne siad chun bailchríoch a chur ar na conclúidí ón gComhairle maidir le traenálaithe a chumhachtú trí dheiseanna a fheabhsú chun scileanna agus inniúlachtaí a ghnóthú. Glacfar na conclúidí sin trí nós imeachta i scríbhinn.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.