"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt
Físchomhdháil na n-airí cultúir, 19 Bealtaine 2020
Na príomhthorthaí
Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le tionchar COVID-19 ar na hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha. Rinneadh an plé i gcomhthéacs na srianta a bhaint de réir a chéile agus na ceachtanna a foghlaimíodh ó thús na paindéime. Dhírigh an plé freisin ar fhéidearthachtaí maidir cláir agus gníomhaíochtaí cultúrtha a atosú gan sláinte na n-ealaíontóirí agus an lucht féachana a chur i mbaol.
Sa tréimhse os ár gcomhair amach tá go leor nach eol dúinn, agus is fíorthábhachtach é go ndéanfar faisnéis a mhalartú go leanúnach agus go ndéanfar gníomhaíochtaí breise a mhapáil agus a phleanáil. Áiritheofar leis sin dálaí iomchuí lenár gcuid oibre amach anseo, go háirithe i gcomhthéacs an “ghnáthaimh nua” ar leibhéal an Aontais.
Nina Obuljen Koržinek, Aire Cultúir na Cróite
Bhí an malartú tuairimí bunaithe ar na ceisteanna a leanas:
Agus na bearta tosaigh curtha chun feidhme acu chun deireadh a chur le meath na n-earnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha, cad iad na bearta a dhéanfaidh na Ballstáit sa tréimhse atá le teacht, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh go bhfuiltear ag súil go gcuirfear deireadh de réir a chéile leis na srianta?
Cad iad na príomhcheachtanna a foghlaimíodh ó ghéarchéim COVID-19 a mhéid a bhaineann le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta?
Chomhaontaigh na hairí gur ghá an tsolúbthacht is mó is féidir a chur i bhfeidhm maidir le cur chun feidhme chlár Eoraip na Cruthaitheachta agus maidir lena mhaoiniú tar éis 2020. Go háirithe, leag siad béim ar an ngá atá le cothrom iomaíochta a áirithiú. Mhol na hairí go gcuirfí bearta san áireamh chun tacú le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta i dtionscnaimh téarnaimh an Aontais. Bhí malartú tuairimí acu freisin maidir leis an gcaoi a bhféadfaí cláir éagsúla de chuid an Aontais a úsáid chun tacú leis an dá earnáil. Leagadh béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le hardáin ar líne a dhigitiú agus a fhorbairt. Chuir na hairí i dtreis ról ríthábhachtach na meán agus na faisnéise iontaofa agus an gá tacaíocht a áirithiú don earnáil chlosamhairc.
Ghabh Uachtaránacht na Cróite buíochas leis na Ballstáit as an méid a rinne siad chun bailchríoch a chur ar na conclúidí ón gComhairle maidir le bainistiú riosca san oidhreacht chultúrtha, na conclúidí ón gComhairle maidir le litearthacht sna meáin i ndomhan atá ag síorathrú agus na conclúidí ón gComhairle maidir leis an bPlean Oibre don Chultúr (2019-2022). Glacfar na conclúidí sin trí nós imeachta i scríbhinn.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.