Skip to content
  • An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt

Físchomhdháil na n-airí oideachais, 30 Samhain 2020

Na príomhthorthaí

Dlúthpháirtíocht le híospartaigh na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta san Eoraip

De chomhartha ar a dtiomantas don tsaoirse cainte agus do luachanna na hEorpa, léirigh na hairí a ndlúthpháirtíocht le híospartaigh na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta a rinneadh san Eoraip le déanaí.

Limistéar Eorpach Oideachais

Bhí díospóireacht ag na hairí maidir le spriocanna agus tosaíochtaí an chomhair san oideachas agus san oiliúint i measc na mBallstát d’fhonn Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025.

Anja Karliczek, Aire Cónaidhme Oideachais agus Taighde na Gearmáine
Ba mhór an dúshlán a leagadh roimh na córais oideachais agus oiliúna ar fud an Aontais i ngeall ar an bpaindéim. Tá dul chun cinn maith déanta ag bealaí nua foghlama agus teagaisc. Ní mór do ghairmithe oideachais, do dhaltaí agus do mhic léinn iad féin a chur in oiriúint don chóras nua. Dá bhrí sin, tá na Ballstáit an-tiomanta do chórais oideachais agus oiliúna athléimneacha a fhorbairt. Is tosaíocht i gcónaí é an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025 agus beidh comhar idir na Ballstáit ríthábhachtach chuige sin. Ní mór dúinn leanúint den infheistíocht san oideachas agus san oiliúint chun tacú le téarnamh an Aontais agus chun sochaí agus geilleagar Eorpach níos cuimsithí, níos athléimní agus níos inbhuanaithe a bhaint amach.
Anja Karliczek, Aire Cónaidhme Oideachais agus Taighde na Gearmáine
Anja Karliczek, Aire Cónaidhme Oideachais agus Taighde na Gearmáine

An Limistéar Eorpach Oideachais agus an chéad chreat straitéiseach eile maidir le comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint a mhúnlú — an bealach chun cinn ba theideal don díospóireacht bheartais a bhí ag na hairí oideachais. Is ar na ceisteanna seo a leanas a bhí plé na n-airí bunaithe:

  • agus an cuspóir foriomlán maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025 á chur san áireamh, cad iad na spriocanna straitéiseacha agus na saincheisteanna tosaíochta is ábhartha dar leat, ar cheart do chomhar na mBallstát i réimse an oideachais agus na hoiliúna díriú orthu as seo go ceann 5 nó 10 bliana?
  • i bhfianaise an mhéid sin, cén bharúil atá agat de na cúig sprioc atá beartaithe ar leibhéal an Aontais nach mór a bhaint amach faoi 2030?

Dhearbhaigh na hairí tacaíocht na mBallstát don Limistéar Eorpach Oideachais agus dá phríomhspriocanna agus ba dhíol sásaimh dóibh an teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘An Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025’ a foilsíodh an 30 Meán Fómhair 2020. Luaigh siad roinnt ceisteanna oscailte, amhail sásra rialachais an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus spriocanna ar leibhéal an Aontais atá le baint amach faoi 2030.

D’iarr cuid mhaith de na hairí go mbeadh leanúnachas ann maidir leis an struchtúr reatha rialachais agus bhí siad den tuairim nach mór na hinniúlachtaí náisiúnta a urramú. D’áitigh na toscaireachtaí freisin nach mór do na sásraí reatha comhair, iad siúd mar shampla a chuimsítear faoi phróiseas Bologna, leanúint d’fheidhm a bheith acu.

Leag na hairí béim freisin ar a thábhachtaí atá sé sineirgí a chruthú agus a úsáid idir cláir agus tionscnaimh, amhail an Limistéar Eorpach Taighde agus an Clár Oibre Eorpach Scileanna.

Bhí na hairí ar aon fhocal tríd is tríd maidir leis an ngá atá ann uas-sciliú agus oiliúint múinteoirí agus oideachasóirí a chur i gcroílár na n-iarrachtaí chun an Limistéar Eorpach Oideachais a chur ar bun. Mhol roinnt de na toscaireachtaí ionchais ghairme níos fearr a chur ar fáil do mhúinteoirí agus d’oideachasóirí, agus bealaí a aimsiú chun a áirithiú go mbeadh gairm na múinteoireachta níos tarraingtí.

Maidir leis na spriocanna ar leibhéal an Aontais a leagtar amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún agus a bhfuil sé beartaithe iad a bhaint amach faoi 2030, d’áitigh a lán de na hairí nár mhór cúinsí agus sainiúlachtaí náisiúnta san áireamh, agus d’iarr siad go bhforbrófaí táscairí chun éagsúlacht na gcóras oideachais náisiúnta a chur san áireamh.

Bhí cáilíocht an oideachais, foghlaim teangacha fheabhsaithe, soghluaisteacht mhéadaithe, an comhionannas inscne, agus aitheantas frithpháirteach cáilíochtaí ar na tosaíochtaí a luadh d’fhonn Limistéar Eorpach Oideachais a fhorbairt go rathúil.

Gnó eile

Ag ceann de na seisiúin phoiblí, chuir an Uachtaránacht faisnéis ar fáil faoi staid na caibidlíochta maidir le rialachán Erasmus+ 2021-2027.

Chuir an Uachtaránacht na hAirí ar an eolas faoi na nithe seo a leanas freisin:

  • Moladh ón gComhairle maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint ar mhaithe leis an iomaíochas inbhuanaithe, an chothroime shóisialta, agus an athléimneacht
  • Conclúidí ón gComhairle maidir leis an oideachas digiteach i sochaithe eolais na hEorpa

Fuair na hairí faisnéis nuashonraithe faoin staid mar atá i mBallstáit an Aontais, i dtíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa agus an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch agus iad ag déileáil le COVID-19 san oideachas agus san oiliúint.

Chuir Uachtaránacht inteachta na Portaingéile a tosaíochtaí beartais i láthair na Comhairle maidir le réimse an oideachais.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025