Skip to content
  • An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt

Físchomhdháil na n-airí oideachais, 23 Meitheamh 2020

Na príomhthorthaí

Oideachas

Ar bhonn nóta cúlra ón Uachtaránacht, bhí malartú tuairimí ag na hairí atá freagrach as an oideachas faoi na ceachtanna a foghlaimíodh ón ngéarchéim a d'fhéadfadh a bheith ina mbonn do chinntí eolacha amach anseo. Iarradh orthu freisin plé a dhéanamh ar na nuálaíochtaí a d’fhéadfaí a dhéanamh san oideachas agus san oiliúint, mar aon le pleananna maidir le hullmhúcháin don chéad scoilbhliain eile agus don chéad bhliain acadúil eile.

Blaženka Divjak, Aire Eolaíochta agus Oideachais na Cróite
Féadfaidh géarchéim a bheith ina deis foghlama chomh maith. Leis na ceachtanna a foghlaimíodh le roinnt míonna anuas, ba cheart go spreagfaí sinn le deiseanna a dhéanamh de na dúshláin. Níl ach fás i ndán don fhoghlaim ar líne agus ní mór dúinn leas a bhaint as an nuálaíocht agus as an teicneolaíocht chun oideachas cuimsitheach ardcháilíochta a bhaint amach. Ba cheart ár n-iarrachtaí a dhíriú ar chlaochlú digiteach breise, agus ar chomhdheiseanna agus dea-bhail a chinntiú ag an am céanna.
Blaženka Divjak, Aire Eolaíochta agus Oideachais na Cróite
Blaženka Divjak, Aire Eolaíochta agus Oideachais na Cróite

Leag na hAirí béim ar a dhearfaí atá dearcadh na ndaltaí, na mac léinn agus na múinteoirí i leith na cianfhoghlama, ach d’aontaigh siad tríd is tríd freisin go mbeidh scileanna digiteacha níos fearr ag teastáil le haghaidh oideachas agus oiliúint ar líne, chomh maith le trealamh teicneolaíochta nuachóirithe agus úsáid níos leithne teicneolaíochtaí digiteacha sa teagasc agus san fhoghlaim.

Shainaithin na hairí roinnt dúshlán, amhail cuimsiú sóisialta gach dalta agus mac léinn, go háirithe iad siúd a thagann ó chúlra faoi mhíbhuntáiste, infhaighteacht trealaimh dhigitigh agus rochtana ar an Idirlíon, chomh maith le cibearshlándáil. Luaigh na hairí freisin gur dúshlán tábhachtach é scileanna digiteacha leordhóthanacha a thabhairt do mhúinteoirí, daltaí agus mic léinn.

Tá na Ballstáit ag obair ar phleananna don chéad scoilbhliain/bhliain acadúil eile. Bhí a lán airí den tuairim, áfach, gur ar an staid eipidéimeolaíoch a bheidh na cinntí deiridh ag brath.

Léiríodh leis an bplé, nach bhfuil aon fhianaise ann, ag an bpointe seo, gur méadaíodh líon na gcásanna deimhnithe COVID-19 ar fud Bhallstáit an Aontais mar thoradh ar athoscailt na n-institiúidí oideachais agus oiliúna.

Ar deireadh, chuir go leor airí i dtreis nach bhféadfaí an chianfhoghlaim a chur go deo in ionad an teagaisc agus an eispéiris foghlama atá idirghníomhach lánsóisialta.

Airí oideachais an Aontais Eorpaigh ag féachaint ar na ceachtanna a foghlaimíodh agus nuálaíochtaí á bplé acu

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025