Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 28/11/2016, 28 Samhain 2016

Príomhthorthaí

Athbhreithniú ar an gcomhdhearcadh Eorpach maidir le forbairt

Phléigh an Chomhairle an t-athbhreithniú ar an gcomhdhearcadh Eorpach maidir le forbairt, ar bhonn togra ón gCoimisiún Eorpach. Leis an athbhreithniú sin, cuirfear chun feidhme Cláir Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe.

Le linn na díospóireachta, d’áitigh na hairí go ndéanfar gnéithe a chomhtháthú amhail bunchúiseanna na himirce nó comhionannas inscne sa chomhdhearcadh nua. Leag siad béim freisin ar a thábhachtaí atá sé na naisc idir forbairt agus cúnamh daonnúil a threisiú. Chuir airí i bhfáth go bhfuil gá ann le comhar láidir leis an tsochaí shibhialta agus le gníomhairí príobháideacha.

“Bhí an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta chun comhdhearcadh idirnáisiúnta a chruthú maidir le Clár Oibre 2030 agus beimid mar phointe tagartha daingean don domhan ar fad i ndáil leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe a chur chun feidhme.”

Sin a dúirt Federica Mogherini, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

Caidreamh idir an tAontas Eorpach agus ACC i ndiaidh 2020

Bhí malartú tuairimí ag na hAirí maidir lena bhfuil i ndán don chaidreamh idir an tAontas Eorpach agus tíortha na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin (ACC), i bhfianaise go bhfuil Comhaontú Cotonou le dul in éag in 2020. Rinneadh an plé ar bhonn teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún Eorpach agus ón Ardionadaí, agus díríodh sa phlé sin ar nádúr agus struchtúr an chaidrimh amach anseo agus ar iad a mhéadú.

Imirce agus forbairt

Phléigh na hairí obair leantach ar Chruinniú Mullaigh Vaileite bliain tar éis dó a thionóladh, i bhfianaise chruinniú na n-oifigeach sinsearach in Vaileite a bheidh ann go luath, ar an 8-9 Feabhra 2017 is dócha. Chuir an tArdionadaí na hairí ar an eolas maidir leis an dul chun cinn atá déanta maidir le bunú chur chuige an chreata comhpháirtíochta agus na gcomhshocruithe tír-shonracha.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025