- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 16/01/2017, 16 Eanáir 2017
Príomhthorthaí
“Chuireamar tús leis an gcéad Chomhairle i mbliana le plé faoin tSiria agus faoi Phróiseas Síochána an Mheánoirthir. Creidim go diongbháilte go bhfuil an taidhleoireacht éifeachtach agus gur féidir spriocanna a bhaint amach a bhuí léi, agus leanfaidh mé den obair sa treo seo in 2017 agus ina dhiaidh.”
Federica Mogherini, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
An tSiria
Phléigh an Chomhairle a bhfuil ag titim amach sa tSiria, den chéad uair ó fógraíodh cinneadh i dtaca le sos comhraic. Ina bplé, ba dhíol sásaimh d’airí an comhaontú, ar ghníomhaigh an Rúis agus an Tuirc mar bhróicéirí ina leith agus ar rathaigh siad é. Léirigh siad go raibh siad i ndóchas go bhféadfadh gach páirtí sa choinbhleacht é a chur chun feidhme.
D’athdhearbhaigh airí tacaíocht iomlán an Aontais don phróiseas atá faoi stiúir na Náisiún Aontaithe agus don Toscaire Speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe, Staffan de Mistura. Luaigh siad go bhféadfadh an cruinniú atá beartaithe in Astana ar an 23 Eanáir, dá mba chruinniú iomlán cuimsitheach é, a bheith ina chabhair chun tús maith a chur an athuair le cainteanna sa Ghinéiv idir geallsealbhóirí éagsúla sa tSiria faoi choimirce na Náisiún Aontaithe, agus tá na cainteanna sin beartaithe don 8 Feabhra 2017. Mheabhraigh airí gur gá rochtain agus cosaint dhaonnúil iomlán a áirithiú ar fud na tíre.
D’athdhearbhaigh an Chomhairle, freisin, go dtacaíonn sí le tionscnamh réigiúnach an Aontais maidir le todhchaí na Siria. Is é is aidhm don tionscamh sin, teacht ar chomhthuiscint ar na socruithe don tSiria i ndiaidh na coinbhleachta, agus ar athmhuintearas agus atógáil a luaithe a bheidh aistriú inchreidte polaitiúil ar siúl go cinnte, agus i gcomhar iomlán le hiarrachtaí na Náisiún Aontaithe agus mar thacaíocht dóibh sin. Chuir an tArdionadaí airí ar an eolas faoin mbabhta cainteanna is déanaí a rinneadh sa chreat sin le príomhghníomhaithe réigiúnacha: Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, an Araib Shádach, an Éigipt, an Iaráin, an Iordáin, an Liobáin agus Catar agus an Tuirc go luath.
D’aontaigh an Chomhairle go mbeidh an tAontas mar óstach ar chomhdháil faoin tSiria agus faoin réigiún sa Bhruiséil san Earrach 2017, mar obair leantach ar chomhdháil Londan a tionóladh i mí Feabhra 2016. Meastar go ndíreofar ar thrí réimse sa chomhdháil:
- an próiseas polaitiúil i dtreo aistriú, go háirithe staid chainteanna na Náisiún Aontaithe sa Ghinéiv a áireamh;
- obair dhaonnúil agus tacaíocht d’athléimneacht agus do chobhsaíocht, cur chun feidhme ghealltanais Londan a áireamh agus bearnaí féideartha agus an dóigh le díriú orthu a aithint, agus trí ghealltaí féideartha nua san áireamh;
- tacaíocht fhéideartha d’athmhuintearas agus d’atógáil i ndiaidh na coinbhleachta a luaithe a bheidh aistriú polaitiúil inchreidte ar siúl go cinnte.
Beidh plé na n-airí mar chuid don ullmhúchán don teachtaireacht chomhpháirteach ón Ardionadaí agus ón gCoimisiún atá ar na bacáin maidir le straitéis an Aontais Eorpaigh don tSiria, a bheartaítear a thíolacadh d’airí an Aontais faoi Aibreán 2017.
Próiseas síochána an Mheánoirthir
Le linn am lóin, phléigh an Chomhairle próiseas síochána an Mheánoirthir. Ar bhonn thoradh na comhdhála idirnáisiúnta a tionóladh i bPáras ar an 15 Eanáir, phléigh na hairí bealaí chun socrú cuimsitheach síochána a bhaint amach, inmharthanacht an réitigh dhá stát a chaomhnú agus na treochtaí diúltacha leanúnacha ar an talamh a athrú.
Ba é seo an chéad chruinniú den Chomhairle a bhí ar siúl san áras nua, Áras Europa, ceanncheathrú Comhairle Eorpaí agus Chomhairle an Aontais Eorpaigh ó mhí Eanáir na bliana seo.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
- Toradh chruinniú na Comhairle
- Clár táscach - an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 16 Eanáir 2017
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 16 Eanáir 2017
- Liosta de mhíreanna A, gníomhaíochtaí reachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 16 Eanáir 2017
- Liosta de mhíreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 16 Eanáir 2017
- Aguisín a ghabhann le liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 16 Eanáir 2017
- Cúlra faisnéise
- List of participants
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025