Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 6 Márta 2017 18:15

Conclúidí ón gComhairle maidir le Poblacht Dhaonlathach an Chongó

1. Is cúis mhór imní i gcónaí don Aontas Eorpach an staid pholaitiúil i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC) arb é an cosc ar chur chun feidhme chomhaontú polaitiúil cuimsitheach an 31 Nollaig 2016 is cúis léi, agus is cúis mhór imní don Aontas freisin an staid slándála i roinnt réigiún den tír inar breithníodh úsáid dhíréireach na láimhe láidre. Is measa an staid de bharr géarchéim eacnamaíoch agus bhuiséadach atá ag dul dian ar mhuintir na tíre.

2. Molann an tAontas Eorpach comhaontú an 31 Nollaig 2016, mar an t-aon slí amháin chun deimhniú go mbeidh an dlisteanacht atá riachtanach ag na hinstitiúidí ar cheart dóibh an t-aistriú a bhainistiú, lena n-áirítear Uachtaránacht na tíre. Níor cheart do bhás cheannaire an fhreasúra Etienne Tshisekedi ná an staid slándála a bheith ina gcúiseanna le hamhras a tharraingt ar an bpróiseas sin a gcaithfidh malartú daonlathach agus síochánta cumhachta teacht as. Déantar foráil leis an gcomhaontú sin, inter alia, an tUachtarán a choinneáil i réim go dtí go n-ainmneofar Príomh-Aire ar mholadh an fhreasúra agus go mbeidh na hinstitiúidí uile slán san idirthréimhse, is é sin go dtí deireadh na bliana. Thairis sin foráiltear nach mbeidh an tUachtarán reatha i réim a thuilleadh tar éis dheireadh na tréimhse sin. Cuireann an tAontas Eorpach béim ar an bpráinn a bhaineann le cur chun feidhme éifeachtach an chomhaontaithe ag na páirtithe leasmhara uile, go háirithe ag Móramh na hUachtaránachta, ionas gur féidir toghcháin a reáchtáil roimh dheireadh 2017 faoi lán-dlisteanacht bhunreachtúil. Chuige sin, is céim thosaigh é gur ainmníodh le déanaí Uachtarán nua ar Chomhairle na Saoithe sa Tionól a fheidhmeoidh freisin mar Uachtarán ar an gComhairle Náisiúnta um an gComhaontú a Chur i gCrích (CNSA).

3. Sa chomhthéacs sin, athdhearbhaíonn an tAontas Eorpach go dtacaíonn sé go hiomlán leis an ról idirghabhála atá ag Comhdháil Easpag Caitliceach an Chongó (CENCO), a bhfuil a húdarás morálta, a neodracht agus a dlisteanacht thar a bheith riachtanach chun go mbeadh rath ar an bpróiseas, agus sin aitheanta ag na gníomhaithe uile sa Chongó freisin. Tacaíonn sé leis na moltaí atá sa teachtaireacht ó chomhthionól iomlánach CENCO an 22 Feabhra 2017, agus iarrann sé ar mhuintir an réigiúin agus ar an gcomhphobal idirnáisiúnta leanúint de bheith ag oibriú i gcomhar le CENCO. Cáineann an tAontas Eorpach an foréigean a rinneadh i gcoinne eaglaisí agus institiúidí eile CENCO le déanaí agus athdhearbhaíonn sé nach mór iad siúd atá freagrach as an bhforéigean sin a thabhairt chun cuntasachta.

4. Ní fhéadfar an ghéarchéim institiúideach, slándála agus socheacnamaíoch atá sa tír a réiteach ach trí chomhaontú an 31 Nollaig 2016 a chur chun feidhme go hiomlán agus trí rialtas a chur le chéile a mbeidh dóthain dlisteanachta aige chun toghcháin a reáchtáil sa tír. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí dul chun cinn nithiúil, go háirithe go n-ainmneofaí Príomh-Aire, ar bhonn práinneach, as measc na Tionóla. Tá sé thar a bheith tábhachtach a áirithiú go gcuirfear bearta chun feidhme chun an teannas a mhaolú, amhail príosúnaigh pholaitiúla a scaoileadh saor, deireadh a chur láithreach leis an drochíde atá á tabhairt dóibh, deireadh a chur leis an imeaglú ar lucht freasúra agus ar ghníomhaithe sibhialta agus lena ngabháil threallach, agus stop a chur leis na gníomhaíochtaí breithiúnacha uile a bhfuil bunchúis pholaitiúil leo. Tugann an tAontas Eorpach dá aire go raibh teorainn le rannpháirtíocht na mban san idirphlé polaitiúil agus iarrann sé go n-éascófaí rannpháirtíocht na mban i gcur chun feidhme an chomhaontaithe.

5. Cuireann an tAontas Eorpach in iúl an ról freagrach agus ríthábhachtach nach mór a bheith ag an gCoimisiún Neamhspleách Náisiúnta um Thoghcháin (CENI) maidir le próiseas daonlathach inchreidte toghcháin a chur chun feidhme. Chuige sin iarrann sé an athuair go ndéanfaí bearta breise i dtaca le trédhearcacht agus rialachas CENI, agus go gcinnfí féilire toghchán gan mhoill mar aon le féilire le haghaidh buiséad réalaíoch comhaontaithe d'fhonn toghcháin a reáchtáil roimh dheireadh 2017. Iarrann an tAontas Eorpach ar an Tionól Náisiúnta na bearta reachtaíochta is gá a ghlacadh gan mhoill chun gur féidir na toghcháin a reáchtáil agus chun go gcuirfear le chéile CNSA ar a n-iarrtar, sa chomhthéacs seo, ról ríthábhachtach a ghlacadh sa mhaoirseacht ar CENI. Leis an méid sin, mar aon le tiomantas airgeadais an rialtais nua, cuirfear leis an iontaoibh agus cumasófar don Aontas Eorpach agus do na páirtithe eile a dtacaíocht leis na toghcháin a chur i ngníomh.

6. I mí an Mhárta, déanfaidh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe sainordú MONUSCO a athnuachan. Ar an ócáid sin, beidh sé mar thosaíocht na hacmhainní is gá a thabhairt don mhisean chun gur féidir leis aghaidh a thabhairt ar na dúshláin nua pholaitiúla agus slándála trína áirithiú go neartófar na bearta chun sibhialtaigh a chosaint, agus trí thacaíocht ábhartha a chur ar fáil don phróiseas toghchán.

7. Cáineann an tAontas go láidir na sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a rinneadh le déanaí i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó agus meabhraíonn sé go bhfuil an comhrac i gcoinne na saoirse ó phionós, beag beann ar cibé daoine atá freagrach as na sáruithe sin, go bhfuil sin ar cheann de na coinníollacha atá riachtanacha chun go mbeadh aistriú síochánta agus cobhsaíocht inbhuanaithe sa tír. Caithfidh na húdaráis cearta an duine agus na saoirsí bunúsacha a ráthú go hiomlán, go háirithe an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear do na meáin neamhspleácha, chomh maith leis an tsaoirse comhlachais. Chuige sin, braitheann an tAontas go bhfuil sé bunriachtanach go bhféadfaidh Oifig Chomhpháirteach na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (BCNUDH) a cuid oibre a dhéanamh gan bhac ar fud na tíre.

8. Is oth leis an Aontas go bhfuil foréigean ag briseadh amach i dtrí chúige Kasaï agus sa Chongó Láir freisin, rud a léiríonn an baol atá ann go rachaidh cúrsaí in olcas sa tír. Tá an tAontas buartha, mar atá comhaltaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, faoin bhfaisnéis a tuairiscíodh le gairid maidir le sáruithe tromchúiseacha a bheith á ndéanamh ar chearta an duine agus ar an dlí daonnúil ag mílístí áitiúla i réigiún Kasaï, go háirithe go bhfuil leanbhshaighdiúirí á n-earcú agus á n-úsáid go haindleathach agus go bhfuil baill d'fhórsaí slándála Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC) ag marú sibhialtach, rudaí a d'fhéadfadh a bheith ina gcoireanna cogaidh faoin dlí idirnáisiúnta. Tacaíonn an tAontas leis an achainí a rinne Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ar an 25 Feabhra 2017, ag iarraidh ar rialtas PDC fiosrúchán inchreidte neamhchlaonta a oscailt láithreach maidir leis an méid sin chun go dtabharfar iad siúd atá freagrach os comhair cúirte, agus is mian leis an Aontas freisin go bhféadfaí fiosrúchán neamhspleách idirnáisiúnta a iarraidh chun tacú leis an bpróiseas sin.

9. Tá fíorimní ar an Aontas faoin meath tromchúiseach atá tagtha ar an staid dhaonnúil i roinnt mhaith réigiún sa tír agus is mian leis béim a leagan ar thosaíocht na bprionsabal daonnúil agus ar an ngá atá ann rochtain ar na pobail atá buailte a áirithiú.

10. Is cúis imní fós an staid san Oirthear, i gcúigí Kivu agus sa Tangainíc, chomh maith leis an bhfaisnéis a deir go bhféadfadh iar-reibiliúnaigh M23 tabhairt faoin gcogaíocht arís. Meabhraíonn an tAontas an fhreagracht atá ar údaráis an Chongó agus áitíonn sé ar FARDC – le tacaíocht ó MONUSCO – gach iarracht a dhéanamh chun pobail a chosaint. Maidir le M23, meabhraíonn an tAontas na gealltanais atá i ndearbhuithe Nairobi mhí na Nollag 2013 chomh maith leis na prionsabail a leagtar amach sa chreat síochána, slándála agus comhair do Phoblacht Dhaonlathach an Chongó agus don réigiún.

11. Meabhraíonn an tAontas do na ceannairí polaitiúla agus do bhaill na bhfórsaí slándála go bhfuil sé réidh chun bearta sriantacha aonair nua a ghlacadh i gcoinne na ndaoine atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, as foréigean a spreagadh agus na daoine a chuirfeadh bac ar réiteach géarchéime a bheadh síochánta agus lena n-urramófaí mian mhuintir an Chongó a cuid ionadaithe a thoghadh. Iarrann an tAontas ar an Ardionadaí tús a chur le gníomhaíocht chun an méid sin a bhaint amach.

12. Dearbhaíonn an tAontas go bhfuil sé réidh chun a bheith páirteach in idirphlé polaitiúil ar an leibhéal is airde leis an rialtas nua a luaithe is féidir, i gcomhréir le hAirteagal 8 de Chomhaontú Cotonou. Tá sé réidh chun tacaíocht a thabhairt, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais, do phróiseas toghchán lena gcomhlíonfaí na coinníollacha riachtanacha uile. Tá an tAontas réidh freisin chun leanúint dá thacaíocht do phobal an Chongó agus é ag sracadh go laethúil le fadhbanna tromchúiseacha socheacnamaíocha agus molann sé atosú ar an idirphlé, ar bhealach struchtúrtha, leis na hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais chun teacht ar réiteach inbhuanaithe ar an ngéarchéim reatha eacnamaíoch agus buiséadach.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024