Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 15/05/2017, 15 Bealtaine 2017

Na príomhthorthaí

An Afraic

Díríodh ar an Afraic sa chruinniú inniu. Tá athrú ag teacht ar an gcaidreamh eadrainn: ó chur chuige ina raibh an chabhair ina chroílár go fíor-chomhpháirtíocht sna réimsí ar fad, ón athrú aeráide go cúrsaí slándála, an fhorbairt eacnamaíoch, an imirce agus an tacaíocht dhaonnúil. Cabhróidh an plé sin linn agus an cruinniú mullaigh idir an Afraic agus an tAontas Eorpach i mí na Samhna á ullmhú againn, cruinniú a bheidh dírithe ar an óige agus cén chaoi deiseanna a chur ar fáil do dhaoine óga san Eoraip agus, go háirithe, san Afraic. Is é sin an tslí is fearr chun an imirce a bhainistiú. Agus is é an tslí is fearr freisin chun an radacú a chosc.

Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Phléigh na hairí gnóthaí eachracha an staid i gCorn na hAfraice, réigiún atá i mbaol a dhíchobhsaithe, go háirithe sa tSomáil agus sa tSúdáin Theas. Bhí an plé dírithe ar na dúshláin pholaitiúla agus slándála, chomh maith leis na himpleachtaí a ghabhann leis an staid sa mhór-réigiún máguaird. Leag na hAirí béim ar an tábhacht straitéiseach a bhaineann leis an Aontas a bheith rannpháirteach trí láithreacht láidir pholaitiúil sa réigiún agus trí rannchuidiú leanúnach leis an tsíocháin agus leis an tslándáil, lena n-áirítear trí na misin agus an oibríocht CBSC atá ann cheana. Is sa bhreis atá an méid sin ar an gcabhair shuntasach forbartha agus dhaonnúil a thugann an tAontas agus a chuid Ballstát cheana féin, cabhair a bhfuil géarghá ann di ó tharla go bhfuil 13 mhilliún duine i mbaol an ocrais thromchúisigh agus timpeall 650 000 duine atá easáitithe sa réigiún. Déanfaidh na hairí forbartha an staid dhaonnúil a phlé tuilleadh ag an gcruinniú a bheidh ag an gComhairle ar an Aoine (19 Bealtaine).

Bhí díospóireacht níos ginearálta ag an gComhairle freisin maidir leis an gcaidreamh idir an Afraic agus an tAontas. Ba dhíol sásaimh do na hairí gnóthaí eachtracha an teachtaireacht chomhpháirteach ón Ardionadaí agus ón gCoimisiún maidir le spreagadh athnuaite don chomhpháirtíocht idir an tAontas agus an Afraic. Cuideoidh an plé leis an ullmhúchán don chruinniú mullaigh idir an tAontas agus an Afraic a bheidh ar siúl i mí na Samhna, tráth a mbeidh an bhéim ar an óige. Sa chomhthéacs sin, shonraigh na hairí a thábhachtaí a bhí sé poist a chruthú, lena n-áirítear trína áirithiú go mbeadh aeráid fhabhrach ann don trádáil agus don infheistíocht phríobháideach, agus a thábhachtaí a bhí sé go ndéanfaí cuimsiú sóisialta agus polaitiúil na n-óg a chur chun cinn san Afraic.

Ansin phléigh na hairí gnóthaí eachtracha cén chaoi a bhféadfaí an comhar a neartú leis an Aontas Afracach ar an iliomad dúshlán atá os comhair an dá ilchríoch le Moussa Faki Mahahat, Cathaoirleach Choimisiún an Aontais Afracaigh.

Veiniséala

I bhfianaise a bhfuil ag tarlú le deireanas sa tír sin, ar ábhar imní é, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le Veiniséala.

Comhpháirtíocht an Oirthir

Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle freisin ar Chomhpháirtíocht an Oirthir, roimh chruinniú aireachta na Comhpháirtíochta a bheidh ar siúl i Lucsamburg ar an 19 Meitheamh agus a cruinniú mullaigh atá á bheartú don Bhruiséil ar an 24 Samhain.

Dhearbhaigh na hairí an athuair a ríthábhachtaí atá Comhpháirtíocht an Oirthir don Aontas Eorpach. Leag siad béim ar a aontaithe atá siad ina dtacaíocht don réigiún ina iomláine agus do gach ceann ar leith de thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir (an Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an tSeoirsia, Poblacht na Moldóive, agus an Úcráin) ar bhealach saincheaptha. Dúradar freisin go rabhadar meáite ar thorthaí nithiúla a bhaint amach a rachadh chun sochair na saoránach, san Aontas Eorpach agus i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir araon. Sa chomhthéacs sin, ba dhíol sásaimh dóibh an dul chun cinn atá déanta i ndáil le léirscaoileadh víosaí don tSeoirsia agus don Úcráin, agus leagadar béim ar a thábhachtaí a bhí sé go gcuirfí comhaontuithe comhlachais/limistéir shaorthrádála doimhne cuimsithí agus athchóirithe chun feidhme.

Slándáil agus cosaint

Bhí plé ag na hairí gnóthaí eachtracha maidir le cur chun feidhme Straitéis Dhomhanda an Aontais i réimse na slándála agus na cosanta. Mheasadar an dul chun cinn a bhí déanta, go háirithe i bhfianaise an phlé a bheidh ann ag cruinniú na Comhairle Gnóthaí Eachtracha (Cosaint) an 18 Bealtaine, tráth a meastar a mbeidh conclúidí á nglacadh maidir leis an dul chun cinn i gcur chun feidhme na Straitéise Domhanda i réimse na slándála agus na cosanta.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Eanáir 2024