Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 18/05/2017, 18 Bealtaine 2017

Na príomhthorthaí

Straitéis Dhomhanda an Aontais Eorpaigh - cur chun feidhme i réimse na slándála agus na cosanta

Dhearbhaíomar inniu go bhfuil rún daingean againn ár gcuid oibre a neartú maidir leis an tslándáil agus an chosaint, mar Aontas Eorpach. Leis sin, cuirfear feabhas ar ár gcumas gníomhú mar sholáthróir slándála ar fud an domhain, agus neartófar an ról straitéiseach domhanda atá againn, faoi mar atá ár gcomhpháirtithe domhanda agus ár gcuid saoránach ag súil leis. Chomh maith leis sin, cuirfimid feabhas ar ár gcumas gníomhú go neamhspleách uair ar bith agus in áit ar bith is gá sin, agus le comhpháirtithe nuair is féidir.”

Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Ag leanúint as an bplé a bhí ag na hairí gnóthaí eachtracha ag an gcruinniú den Chomhairle an 15 Bealtaine, bhí díospóireacht ag na hairí cosanta maidir le cur chun feidhme Straitéis Dhomhanda an Aontais i réimse na slándála agus na cosanta. Rinneadar measúnú ar an dul chun cinn agus leagadh béim ar roinnt de na tionscadail tosaíochta. Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le slándáil agus cosaint i gcomhthéacs Straitéis Dhomhanda an Aontais Eorpaigh.

Comhar idir an tAontas agus ECAT

Phléigh an Chomhairle an comhar idir an tAontas agus ECAT le hArd-Rúnaí ECAT, Jens Stoltenberg. Mheas na hairí cosanta an comhar atá á dhéanamh, agus go háirithe an tacar coiteann de 42 thogra sna 7 réimse a sainíodh sa Dearbhú Comhpháirteach ó Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus Ardrúnaí ECAT. Ba dhíol sásaimh dóibh an dul chun cinn a bhí déanta i roinnt réimsí, go háirithe ó thaobh cur i gcoinne bagairtí hibrideacha, agus freisin an chomhroinnt faisnéise, an chumarsáid straitéiseach agus an comhar muirí.

An tArdionadaí Federica Mogherini agus an tArdrúnaí Jens Stoltenberg, leagadar araon béim ar an gcomhar atá ann idir an tAontas agus ECAT, á rá gurb é an gnáthchleachtas anois é seachas an eisceacht, agus go bhfuil an dá eagraíocht ag oibriú le chéile ar bhealach praiticiúil, oibríochtúil chun tairbhe a chéile.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025