- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 16/10/2017, 16 Deireadh Fómhair 2017
Na príomhthorthaí
Phléigh an Chomhairle an Iaráin agus an Chóiré Thuaidh.
"Is mór idir an dá chás, ach is léir gur rídheacair tús a chur le hidirphlé d’aon chineál leis an DPDC má tá bagairt thromchúiseach ann go gcuirfí deireadh leis an aon chomhaontú amháin atá ag feidhmiú, JCPOA."
Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
An Iaráin
Phléigh an Chomhairle cur chun feidhme an Phlean Chuimsithigh Chomhpháirtigh Gníomhaíochta, socrú núicléach na hIaráine. Tháinig Airí Gnóthaí Eachtracha an Aontais ar chomhaontú faoi ráiteas maidir le JCPOA.
- Socrú núicléach na hIaráine: Ráiteas ón Aontas Eorpach i ndáil leis an bPlean Cuimsitheach Comhpháirteach Gníomhaíochta
- Plean Cuimsitheach Comhpháirteach Gníomhaíochta agus bearta sriantacha (faisnéis chúlra)
An Chóiré Thuaidh
Thug an Chomhairle aghaidh ar an staid reatha ar leithinis na Cóiré, i bhfianaise na ngníomhartha gríosaitheacha a rinne Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPDC) le déanaí.
Ghlac an Chomhairle bearta breise uathrialacha de chuid an Aontais chun smachtbhannaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chomhlánú agus a threisiú.
Chomhaontaigh na hairí freisin dlús a chur le hiarrachtaí for-rochtana le cur chun feidhme rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ag Ballstáit uile na Náisiún Aontaithe a neartú.
- An Chóiré Thuaidh: Smachtbhannaí nua glactha ag an Aontas Eorpach (preaseisiúint, 16/10/2017)
- Bearta sriantacha an Aontais i gcoinne na Cóiré Thuaidh (faisnéis chúlra)
Maenmar/Burma
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le Maenmar, i bhfianaise na staide daonnúla agus staid chearta an duine i Stát Rakhine.
Cearta an duine
Bhí díospóireacht ag na hairí faoi bheartas an Aontais maidir le cearta an duine i láthair Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh le haghaidh chearta an duine, Stavros Lambrinidis. Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an athbhreithniú meántéarma ar an bplean gníomhaíochta maidir le cearta an duine agus an daonlathas, agus tuarascáil bhliantúil an Aontais maidir le cearta an duine agus an daonlathas ar fud an domhain in 2016.
- Conclúidí ón gComhairle maidir leis an athbhreithniú meántéarma ar an bplean gníomhaíochta maidir le cearta an duine agus leis an daonlathas
- Tuarascáil bhliantúil an Aontais Eorpaigh maidir le cearta an duine agus an daonlathas ar fud an domhain in 2016
- Cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn (faisnéis chúlra)
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
Tiomantas an Aontais Eorpaigh do chur chun cinn agus cosaint chearta an duine athdhearbhaithe ag an gComhairle - 16/10/2017
An Chóiré Thuaidh: Glacann an tAontas smachtbhannaí nua - 16/10/2017
Socrú núicléach na hIaráine: Ráiteas ón Aontas maidir leis an bPlean Cuimsitheach Comhpháirteach Gníomhaíochta (JCPOA) - 16/10/2017
An Afganastáin: Straitéis an Aontais glactha ag an gComhairle - 16/10/2017
An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin: Glacann an Chomhairle conclúidí agus deimhníonn sí go bhfuil Oibríocht Althea fós ann - 16/10/2017
Maenmar/Burma: Conclúidí glactha ag an gComhairle - 16/10/2017
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025