Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Forbairt), 26/11/2018, 26 Samhain 2018

Na príomhthorthaí

Saincheisteanna a bhaineann le hinscne agus cearta an duine

Lá amháin tar éis an Lae Idirnáisiúnta um Dhíothú an Fhoréigin in aghaidh na mBan, chuir na hairí forbartha fáilte roimh bhuaiteoirí Dhuais Nobel na Síochána, Nadia Murad agus an Dr. Denis Mukwege, ar mhaithe le plé faoi inscne agus cearta an duine. Ba dheis é seo le héisteacht leis an méid a bhí le rá acu agus le haithint cé na bealaí ar féidir leis an Aontas Eorpach gona Bhallstáit tuilleadh a dhéanamh le foréigean inscne a chosc.

Is cúis áthais agus onóra dom é fáilte a chur roimh Nadia Murad agus Denis Mukwege chuig an mBruiséil le haghaidh chruinniú na n-airí forbartha. Táimid ag seasamh leo go leanúnach, agus muid ag tacú go bródúil lena gcuid oibre ina gcásanna agus ina dtíortha féin faoi seach. Federica Mogherini, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
EU supports the 2018 Nobel Peace Prize laureates

An chomhghuaillíocht idir an Afraic agus an Eoraip

Phléigh an Chomhairle an chomhghuaillíocht idir an Afraic agus an Eoraip maidir le hinfheistíocht agus poist inbhuanaithe. Tharla an plé sin níos lú ná mí roimh an bhfóram ardleibhéil idir an Afraic agus an Eoraip (Vín, 17-18 Nollaig) agus an cruinniú aireachta idir an tAontas agus an tAontas Afracach (21-22 Eanáir 2019).

Chuir na hairí a dtacaíocht in iúl don tionscnamh agus dá cheithre shnáithe gníomhaíochta: feabhas a chur ar an timpeallacht infheistíochta, riosca a bhaint, tacaíocht do scileanna agus oideachas a neartú, agus tacú le comhtháthú eacnamaíoch agus forbairt margaí. Phléigh siad bealaí a bhféadfadh na Ballstáit a bheith páirteach go gníomhach sa chomhghuaillíocht nua seo idir an tAontas agus an Afraic, agus an tábhacht atá le comhordú agus comhsheasmhacht a bhaint amach ar an láthair.

Ós rud é gurb é an tAontas príomh-chomhpháirtí na hAfraice go fóill, leag na hairí béim ar an ngá atá le háirithiú go bhfuil páirtithe leasmhara na hAfraice agus na hEorpa araon níos feasaí ar an dlúthchaidreamh idir an dá ilchríoch.

An t-ollstruchtúr airgeadais amach anseo don fhorbairt

Phléigh an Chomhairle an t-ollstruchtúr airgeadais amach anseo don fhorbairt. Phléigh na hairí staid na caibidlíochta mar atá maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) i ndáil leis an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta (ICFCI), go háirithe an t-ollstruchtúr infheistíochta Eorpach lasmuigh den Aontas amach anseo.

Anuas air sin, phléigh siad an gá atá leis an gcreat airgeadais amach anseo chun dóthain solúbthachta a áirithiú, fad is a áirithítear go bhfreastalóidh sé go hiomlán ar thosaíochtaí an Aontais maidir lena comharsanacht agus an Afraic. D'éist na hairí chomh maith le cur i láthair ó Uachtarán an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, Werner Hoyer, maidir le hinfheistíochtaí seachtracha Eorpacha. D'aithin siad an obair luachmhar atá á déanamh ag BEI agus é ag tacú le beartas seachtrach an Aontais.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025