- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 10/12/2018, 10 Nollaig 2018
Na príomhthorthaí
An Iaráin
Phléigh an Chomhairle an Iaráin. Dhírigh na hairí ar chur chun feidhme JCPOA, an comhaontú núicléach leis an Iaráin, lena n-áirítear iarrachtaí leanúnacha an Aontais bealaí airgeadais éifeachtacha chun na hIaráine a chaomhnú agus caidreamh trádála dlisteanach a shaothrú i bhfianaise ath-fhorchur smachtbhannaí na Stát Aontaithe ar an 5 Samhain 2018. Chomh maith leis sin, phléigh siad a n-údair imní faoi iompar gníomhaithe Iaránacha le déanaí ar chríoch na hEorpa, clár diúracán balaistíoch na hIaráine agus gnéithe slándála réigiúnacha eile.
Bhí na Ballstáit go léir ar aon fhocal nach mór dúinn cloí lenár mbeartas foriomlán i leith na hIaráine ós rud é gur chun ár leasa uile é JCPOA a choinneáil i bhfeidhm. Cé go dtacaíonn an tAontas go hiomlán le cur chun feidhme JCPOA, ní chiallaíonn sin go dtabharfaimid neamhaird ar shaincheisteanna eile. Federica Mogherini, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Na Balcáin Thiar
Phléigh na hairí gnóthaí eachtracha na Balcáin Thiar. Bhí fíor-dhianchaidreamh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar i mbliana, agus an deis ag na hairí a marana a dhéanamh ar rannpháirtíocht agus ar chomhar an Aontais leis an réigiún. D'athdhearbhaigh siad tiomantas daingean an Aontais maidir le peirspictíocht Eorpach na mBalcán Thiar. Mheabhraigh siad freisin an méid lena bhfuil siad ag súil i dtaca leis na chéad chéimeanna eile ar thuras an réigiúin sin chun na hEorpa, go háirithe i dtaca leis an smacht reachta agus leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe.
Phléigh na hairí an cor is déanaí sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, mar bheart leanúnach de dhroim a malartuithe ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha roimhe seo, agus meabhraíodh dóibh nach mór rialtais a chruthú ar gach leibhéal agus dul chun cinn a dhéanamh ar an gclár oibre athchóirithe. Chuir siad chun suntais freisin a thábhachtaí atá sé tacú le hiarrachtaí chun comhaontú Prespa a chur chun feidhme idir Scóipé agus an Aithin. Chuir na hairí a gcuid tacaíochta in iúl don Aontas as díriú go mór ar idirphlé Bhéalgrád-Pristine. Ós amhlaidh atá, léirigh siad freisin gur cúis imní dóibh go ndearna rialtas na Cosaive cinneadh an cháin taraifí ar earraí ón tSeirbia agus ón mBoisnia agus an Heirseagaivéin a mhéadú go 100%, lena ndéantar sárú soiléir ar Chomhaontú Saorthrádála Lár na hEorpa.
An Úcráin
Phléigh an Chomhairle an dul chun cinn is déanaí san Úcráin. Mheabhraigh na hairí gnóthaí eachtracha gur ábhar mór imní dóibh go bhfuil an teannas i Muir Mheoid agus i gCaolas Kerch ag dul in olcas. D'athdhearbhaigh siad freisin nach n-aithneodh an tAontas na ''toghcháin'' a bhí ar siúl ar an 11 Samhain 2018 mar go raibh siad neamhdhleathach agus neamhdhlisteanach, dar leis. Chuir an Chomhairle naonúr a bhí rannpháirteach sna “toghcháin” sin, mar a thugtar orthu, le liosta na ndaoine sin a bheidh faoi réir bearta sriantacha mar gheall ar ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de nó lena ndéantar bagairt ar iomláine chríochach, ar cheannasacht agus ar neamhspleáchas na hÚcráine
Le linn an lóin, bhí malartú tuairimí ag an Ardionadaí agus ag na hairí gnóthaí eachtracha le hAire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine, Pavlo Klimkin. Dhírigh siad ar an dul chun cinn a rinneadh le déanaí i Muir Mheoid agus ar staid na slándála san Úcráin agus ar an tacaíocht a d'fhéadfaí a fháil ón Aontas chun cuidiú leis na réigiúin atá buailte in oirdheisceart na hÚcráine.
- An Úcráin: Naonúr a raibh baint acu leis na ''toghcháin'' i “nDaon-Phoblacht Luhansk” agus i “nDaon-Phoblacht Donetsk" faoi seach curtha leis an liosta smachtbhannaí ag an Aontas (preaseisiúint, 10/12/2018)
- Dearbhú ón Ardionadaí thar ceann an Aontais i dtaobh an teannais atá ag géarú i Muir Mheoid, 28 Samhain 2018
Veiniséala
Phléigh an Chomhairle an staid i Veiniséala. Thug an tArdionadaí an t-eolas is déanaí do na hairí gnóthaí eachtracha maidir leis an obair atá á déanamh i dtaca le grúpa teagmhála idirnáisiúnta a d'fhéadfaí a bhunú a d’'fhéadfadh, sna dálaí oiriúnacha, cabhrú le próiseas polaitiúil a éascú. Dheimhnigh an Chomhairle freisin a seasamh daingean i ndáil leis na bearta sriantacha spriocdhírithe atá i bhfeidhm i Veiniséala.
Mar Eorpaigh, creidimid gur contúirteach an cur chuige a bheith gan aon raon polaitiúil agus gur i dteannta leis an idirphlé agus leis an rannpháirtíocht is ceart smachtbhannaí a chur i bhfeidhm. Federica Mogherini, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Chuir na hairí gnóthaí eachtracha in iúl an athuair nach raibh an toghchán ar an 20 Bealtaine 2018 ná an toradh a bhí air inchreidte ar chor ar bith de bhrí nár áirithíodh na ráthaíochtaí riachtanacha do thoghcháin chuimsitheacha dhaonlathacha leis an bpróiseas toghchánach. Chomhaontaigh siad cur chuige coiteann an Aontais ó tharla an tUachtarán Maduro ar tí tabhairt faoina dhara téarma uachtaránachta ar an 10 Eanáir 2019.
Meabhraíodh don Chomhairle freisin go bhfuil rún daingean aici tacú le muintir Veiniséala agus, i dtíortha comharsanachta, go bhfuil rún aici tacú le cuimsiú socheacnamaíoch mhuintir Veiniséala agus le teacht aniar na gcomhphobal óstach. Ós amhlaidh atá, is díol sásaimh do na hairí an €20 milliún breise a leithdháil an Coimisiún Eorpach ar an 4 Nollaig 2018 chun freagairt do riachtanais phráinneacha na ndaoine atá thíos leis an ngéarchéim shocheacnamaíoch i Veiniséala.
An comhar idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach
Phléigh na hairí gnóthaí eachtracha an comhar idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach i bhfianaise an chéad chruinnithe mullaigh aireachta idirpháirtigh idir an tAontas agus an tAontas Afracach a bheidh ar siúl ar an 21-22 Eanáir 2019 sa Bhruiséil. Cuimseofar trí phríomhthéama ag an gcruinniú: gnéithe polaitiúla (an tsíocháin, an tslándáil, agus an rialachas), gnéithe eacnamaíocha (infheistíocht, trádáil agus scileanna) agus iltaobhachas (an comhar a neartú chun tacú le hord domhanda riailbhunaithe).
Chuir na hairí in iúl go soiléir gur suim leo comhpháirtíocht straitéiseach an Aontais leis an Afraic a atreisiú. Chuir siad béim ar an tábhacht a bhaineann le teagmháil leis an óige. Thug siad dá n-aire an dul chun cinn a rinneadh cheana féin i ndáil le comhar maidir leis an tsíocháin, an tslándáil, agus an rialachas, lena n-áirítear tríd an meabhrán tuisceana a síníodh idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach ar an 23 Bealtaine 2018. I dtaca leis an imirce agus leis an tsoghluaisteacht, chuir siad chun suntais an obair a rinneadh faoi chuimsiú phlean gníomhaíochta comhpháirteach Vaileite. Chuir na hairí i dtreis freisin an ról ríthábhachtach atá ag an earnáil phríobháideach agus ag an infheistíocht phríobháideach chun dlús a chur faoin gcaidreamh idir an tAontas agus an Afraic. Ba dhíol sásaimh dóibh an chomhghuaillíocht nua idir an Afraic agus an Eoraip maidir le hinfheistíochtaí agus le poist inbhuanaithe.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
- An Úcráin: Naonúr a raibh baint acu leis na 'toghcháin' sna réigiúin sin ar a dtugann roinnt daoine “Daon-Phoblacht Luhansk” agus “Daon-Phoblacht Donetsk" curtha leis an liosta smachtbhannaí ag an Aontas
- 10/12/2018
- Mná, an tsíocháin agus an tslándáil: Conclúidí glactha ag an gComhairle
- 10/12/2018
- An India: Conclúidí glactha ag an gComhairle maidir le straitéis nua de chuid an Aontais Eorpaigh
- 10/12/2018
- Maenmar/Burma: Conclúidí glactha ag an gComhairle
- 10/12/2018
- An Libia: Conclúidí glactha ag an gComhairle
- 10/12/2018
- EUCAP Somalia: síneadh curtha leis an misean, an buiséad comhaontaithe
- 10/12/2018
- Poblacht Dhaonlathach an Chongó: síneadh bliana curtha ag an gComhairle leis na smachtbhannaí ina coinne
- 10/12/2018
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 11 Eanáir 2024